Skip to main content

 
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA
 
SEIRBHÍS POIST UILÍOCH: TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA - POSTAS AON-PHÍOSA
 
Coinníollacha Ginearálta
 
Coinníoll 1      Tosú
Coinníoll 2     Muirir
Coinníoll 3     Modhanna Aisíoc
Coinníoll 4     Toirmisc
Coinníoll 5     Pacáil
Coinníoll 6     Suíomh an Stampa, an tSeoladh Fillte agus Formhuinithe
Coinníoll 7     Nuair nach féidir paicéad poist a sheachadadh nó nuair nach seachadtar é
Coinníoll 8      Ath-sheoladh
Coinníoll 9      Cur ar ais agus Diúscairt Phaicéid Phoist
Coinníoll 10    Deimhniú Postála
Coinníoll 11    Carraeir Coiteann
Coinníoll 12    Infhaighteacht Seirbhíse
Coinníoll 13  Gearáin
Coinníoll 14    Custaim agus Slándáil
Coinníoll 15    Cúiteamh le haghaidh Cailliúint nó Damáiste
Coinníoll 16    Sonraí Pearsanta
           
Coinníollacha Speisialta    
 
Coinníoll 17    Cártaí Poist
Coinníoll 18  Seirbhísí Poist do na Daill
Coinníoll 19    Beartáin
Coinníoll 20  Paicéid Phoist Chláraithe
Coinníoll 21  Cúiteamh ar son cailliúint nó Damáiste do Phaicéid Chláraithe Poist.
Coinníoll 22  Seirbhís Postála Leabhar suas le 5kg
Coinníoll 23  Paicéid Phoist as lasmuigh den Stát
Coinníoll 24  Boscaí agus Málaí Príobháideacha (Boscaí PO)
Coinníoll 25  Atreorú Cónaitheach agus Gnó
Coinníoll 26  Paicéid Phoist le seoladh Poste Restante (faoi chúram Oifig Poist)
Coinníoll 27  Mailminder Cónaitheach agus Gnó
Coinníoll 28    Freagra Gnó
Coinníoll 29    Saorphost
Coinníoll 30    Sainmhínithe agus Léirmhíniú
           
An Chéad Sceideal     Liosta Cinn Scríbe Eorpacha
An Dara Sceideal        Earraí Toirmiscthe

An Tríú Sceideal         Earraí atá eisiata ó chúiteamh faoi sheirbhís chláraithe idirnáisiúnta

An Ceathrú Sceideal   Earraí ceadaithe i Seirbhísí Poist do na Daill
An Cúigiú Sceideal     Nós Imeachta Gearán

 
1. Tosú
Tiocfaidh na Téarmaí agus Coinníollacha seo i bhfeidhm ar an 2ú lá de Bealtaine, 2022.
               
2. Muirir
 
1.       Gearrfar agus íocfar ar Phaicéid Phoist na muirir atá sonraithe sa Sceideal Muirear. Braitheann an muirear cuí ar an tseirbhís, an ceann scríbe, agus ar fhormáid, meáchan agus toisí an Phaicéad Poist mar atá leagtha amach sa Sceideal Muirear.
2.      Beidh táillí dlite chomh luath agus a thabharfar Paicéad Poist do An Post lena tharchur tríd an bpost.
3.       Beidh Muirir Neamhíoctha inghnóthaithe mar fhiach shimplí conartha mar a fhoráiltear in Alt 49 d'Acht 2011.
4.      Féadfaidh An Post in aon chás ina measann sé é a bheith cóir, réasúnta nó buntáisteach é sin a dhéanamh, Muirear a íocadh maidir le seirbhís a aisíoc le haon duine agus coinníollacha a chur leis an aisíoc mar a mheasann sé a bheith cothrom nó iomchuí.
5.      Tá seirbhísí a sholáthraítear faoi na téarmaí agus coinníollacha seo díolmhaithe ó CBL. Má tá CBL iníoctha ar aon seirbhís, beidh CBL iníoctha sa bhreis ar an Muirear.
6.      Ní dhéanfar cúis chun íocaíocht airgid atá iníoctha nó dliteanais a thabhaíonn An Post as éileamh nó frithéileamh a iarchur nó a chur siar.
7.       Beidh gach suim atá gan íoc ar feadh tréimhse is faide ná tríocha (30) lá ón dháta an tsonraisc faoi réir muirear le ráta úis iolraithe 1.5% sa mhí in aghaidh gach míosa a fhanann an méid gan íoc mura bhforordaítear a mhalairt.
8.      Beidh Paicéid Phoist ghann-íoctha, ar sheachadadh, faoi dhliteanas na Muirear atá sonraithe sa Sceideal Muirear.
 
3. Modhanna Réamhíocaíochta
 
1.       Ní mór gach Muirear iníoctha maidir le seirbhís a bheidh réamhíoctha mura socraíonn An Post agus an té atá dlite don Muirear sin a mhalairt roimh ré.
2.      Féadfar muirir a réamhíoc:
1.    le stampaí greamaitheacha poist lena n-áirítear lipéid atá clóite ag An Post in Oifig Poist; nó
2.    le clónna Meaisín Frainceála Poist faoi stiúir nó le cead An Post; nó
3.   trí chlúdach, cárta poist nó foirm eile eisithe ag Ceadúnas a úsáid; nó
4.    ar bhealach eile a shainordóidh An Post ó am go ham.
 
4. Toirmisc
 
1.       Ní dhéanfar aon Phaicéad Poist a phostáil nó a iompar nó a sheachadadh ina bhfuil
          aon cheann de na míreanna atá liostaithe sa Dara Sceideal nó atá lasmuigh de thoisí nó meáchan uasta an Bheartáin. 
2.      Beidh seoltóir Phaicéad Poist a sháraíonn Coinníoll 4(1) faoi dhliteanas i leith na gcostas go léir a thabhófar lena dhiúscairt agus i leith gach caillteanais a eascraíonn as damáiste do Phaicéid Poist eile nó d'fhoireann nó do threalamh An Post nó as caillteanas a eascraíonn as moilleanna nó cur isteach ar sheirbhís. Ní bheidh aon oibleagáid ar An Post an Paicéad Poist a chur ar ais chuig an seoltóir nó é a sheachadadh. Féadfaidh An Post é a dhiúscairt mar is cuí leis agus gan aon dliteanas a thabhadh don seoltóir.
3.      Féadfar Paicéid Phoist ina bhfuil nó atá comhdhéanta de aon mhír atá toirmiscthe faoi
          Choinníoll 4(1) a sheachadadh faoi réir cibé srianta nó ceanglais a shonróidh An Post ó am go ham.
 
5. Pacáil
 
 1.      Ní mór gach Paicéad Poist (seachas Cárta Poist) a phacáil agus a iamh i gcás, i bhfillteán nó i gclúdach réasúnta láidir, ar shlí a áireofar chun an t-ábhar a chaomhnú ó chailliúint nó damáiste le linn a tharchur tríd an bpost agus chun cosc a chur ar aon chur isteach ar a bhfuil ann.  (Tá comhairle maidir le pacáil ar fáil ar www.anpost.com/Post-Parcels/Sending/Sending-Guide)
2.      Beidh gach Paicéad Poist curtha le chéile agus daingnithe chun díobháil a chosc do aon Phaicéad Poist eile le linn trasdula sa phost nó do aon ghabhdán ina n-iompraítear é, nó d'oifigeach de chuid An Post nó duine eile a bheadh ag déileáil leis an bPaicéad Poist nó do threalamh poist nó do mhaoin tríú páirtí. 
3.      Déanfar Pacáistí Poist ina bhfuil Substaintí Bitheolaíocha de Chatagóir B a phacáil i gcomhréir le Treoracha Pacáistithe ADR P650 http://www.irishstatutebook.ie/eli/2011/si/349/made/en/print. Cuirfidh an seoltóir in iúl ar an taobh amuigh den Phacáiste Poist cad iad na substaintí bitheolaíocha atá sa Phaicéad Poist.
4.      Nuair atá iompar méideanna beaga d’earraí contúirteacha ceadaithe ag an ADR, beidh na rialacha a leanas i bhfeidhm:
1.    Ní mór do Phaicéad Poist ina bhfuil méideanna teoranta d’earraí contúirteacha mar atá sainmhínithe san ADR a phacáil agus a mharcáil de réir Caibidil 3.4 den ADR.
2.   Ní mór Pacáiste Poist ina bhfuil earraí contúirteacha pacáilte i gcainníochtaí eiscthe mar atá sainmhínithe san ADR a phacáil agus a mharcáil de réir Chaibidil 3.5 den ADR.
      (https://www.unece.org/trans/danger/publi/adr/adr2017/17contentse0.html)
5.      I gcás ina bhfuil cur síos, marc nó dearadh ar chlúdach Phaicéad Poist a léiríonn nádúr an ábhair, ní mór an t-ábhar a bheith mar a shonraítear ar an gclúdach.
6.      (Má iarrann An Post amhlaidh, soláthróidh an seoltóir deimhniú i scríbhinn ó Chomhairleoir Sábháilteachta Earraí Contúirteacha chun a dheimhniú go gcomhlíonann paicéad poist ceanglais Choinníoll 5(3) agus 5(4).
7.       Beidh barrachód a chuirfidh An Post ar fáil, ar gach Paicéad agus Paicéad Poist Cláraithe.
8.      Beidh aon earra atá laistigh de Phaicéad Poist pacáilte go leordhóthanach mar chosaint in aghaidh damáiste le linn trasdula sa phost agus go háirithe:
1.    Déanfar earra de chineál sobhriste a phacáil i gcoimeádán de neart leordhóthanach agus beidh sé timpeallaithe sa choimeádán sin le hábhar leordhóthanach oiriúnach chun an t-earra a chosaint ar éifeacht an chomhtholgtha, an bhrú agus na mbuaic ar a mbíonn de ghnáth ar Phaicéid Poist agus beidh ‘SOBHRISTE LE CÚRAM’ i gceannlitreacha soiléire ar aghaidh an chlúdaigh os cionn an tseolta.
2.   Déanfar earra a bhféadfaí damáiste a dhéanamh dó trína lúbadh a phacáil i gcoimeádán sách láidir chun an t-earra a chosaint ó lúbadh le linn trasdula sa phost, agus beidh na focail “NÁ LÚB” scríofa go soiléir i gceannlitreacha ar aghaidh an chlúdaigh os cionn an tseolta.
9.      Slánóidh an seoltóir An Post in aghaidh gach caillteanais a thabhóidh sé de bharr aon mhainneachtain ar an seoltóir an coinníoll seo a chomhlíonadh.
 
6. Suíomh an Stampa, an tSeoladh Fillte agus Formhuinithe
               
1.       Nuair a bhíonn Muirir réamhíoctha beidh an stampa nó cló an Mheaisín Frainceála ar Phaicéad Poist sa chúinne uachtarach ar dheis de thaobh an tseolta den Phaicéad Poist.
2.       Is ceart seoladh fillte a bheith ar gach Paicéad Poist ar an gcúinne uachtarach ar clé de gach Paicéad Poist nó ar clé ón seoladh ar Phaicéad Poist i bhfoirm rolla. Cinntíonn seoladh fillte go seoltar Paicéad Poist nach féidir a sheachadadh ar ais chuig an seoltóir níos tapúla de réir choinníoll 7(4)(2). Déileálfar le Paicéad Poist dosheachadta gan seoladh fillte de réir Choinníoll 7(4) (3).
3.      Seachas le cead speisialta An Post, ní bheidh aon rud scríofa, clóbhuailte nó clóite ar bhealach eile ar, nó thar, an stampa ar aon Phaicéad Poist.
4.      Féadfaidh An Post cibé focail nó figiúirí nó ruaimeanna postmharc is cuí leis a scríobh, a phriontáil nó a ghreanadh ar aon Phaicéad Phost eile críocha cosanta ioncaim, rialaithe cáilíochta, atreoraithe nó taifid nó de bhun ordacháin faoi alt 110 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983 nó chun críche poiblíochta (lena n-áirítear poiblíocht do sheirbhísí An Post féin) agus fógraíocht de réir cibé socrú a dhéanfar idir An Post agus an fógróir.
 
 
7. Nuair nach féidir paicéad poist a sheachadadh nó nuair nach seachadtar é
 
 1.      Murar féidir Paicéad Poist a sheachadadh (ar na cúiseanna atá sonraithe in Alt 47 (4) d’Acht 2011) déileálfar leis de réir 7 (4) thíos.
2.      Sa chás go bhfuil Paicéad Poist inseachadta ach nach féidir seachadadh a dhéanamh ag an bpointe seachadta, (mar shampla síniú a bheith ag teastáil chun glacadh leis an bpaicéad poist ach gan sínitheoir ar fáil le síniú nó paicéad poist atá rómhór fágáil i mbosca poist nó pointe seachadta a chomhaontaítear go frithpháirteach), fágfaidh An Post duillín ag seoladh an seolaí ag tabhairt le fios cén áit agus cén uair is féidir an Paicéad Poist a bhailiú.
1.     Is féidir an Paicéad Poist a bhailiú ag na hamanna agus ag an suíomh bailithe atá luaite ar an duillín agus faoi réir Muirir atá sonraithe sa Sceideal Muirear a íoc. Sa chás seo, coinneofar Paicéid Phoist ag an láthair bhailiúcháin ar feadh 5 Lá Oibre Coinneofar Paicéid Phoist as lasmuigh den stát le seachadadh sa stát ag an láthair bhailiúcháin ar feadh 16 Lá Oibre.
2.     Féadfaidh An Post cruthúnas chun a shástachta a iarraidh go bhfuil iarratasóir ar Phaicéad Poist i dteideal an Paicéad Poist a fháil.
3.     Tar éis don tréimhse ag an láthair bailithe in 7(2)(1) dul in éag, déileálfar leis an bPacáiste Poist de réir 7(4).
3.      D’fhéadfadh roinnt bheag cúiseanna eile a bheith ann nach féidir seachadadh a dhéanamh ag pointe seachadta an tseolaí (mar shampla cúinsí tromchúiseacha sláinte agus sábháilteachta ag láthair an phointe seachadta a choisceann seachadadh phaicéad poist), sa chás sin déileálfar leis an bPaicéad Poist de réir 7(4).
4.      Mura ndéantar Paicéad Poist a sheachadadh de réir 7(1) nó 7(3) nó murar bailíodh é de réir 7(2) déileálfar leis mar a leanas:
1.    Déanfar clúdach an Phaicéad Poist a dhátú agus a fhormhuiniú leis an gcúis/na cúiseanna nár seachadadh é;
2.   i gcás ina bhfuil seoladh fillte ar chlúdach an Phaicéad Poist, cuirfear an Paicéad Poist ar ais chuig an seoladh fillte tar éis Lá Oibre amháin i ngnáthchúrsa an phoist;
3.   sa chás nach bhfuil seoladh fillte ar chlúdach an Phaicéad Poist ar Phaicéad Poist, déanfaidh An Post gach iarracht réasúnach, lena n-áirítear tríd an bPacáiste Poist a oscailt (de réir Alt 47 d’Acht 2011), chun ainm agus seoladh an tSeoltóra a shainaithint.
1.   I gcás inar féidir seoladh an tSeoltóra a shainaithint, formhuineofar clúdach an Phacáiste Poist le hainm agus seoladh an tseoltóra agus cuirfear ar ais chuig seoladh an tSeoltóra é de réir an ghnáthsheolta tríd an bpost;
5.      I gcás nach féidir ainm agus seoladh an tseoltóra a shainaithint ar aon bhealach coinneoidh An Post an Paicéad Poist ar fheitheamh ar éileamh ón seolaí nó ón seoltóir. Mura ndéantar aon éileamh laistigh de thréimhse aon (1) mhí amháin tar éis an Paicéad Poist a fháil nó trí (3) mhí tar éis an Paicéad Poist a phostáil le seachadadh laistigh den Stát nó sé (6) mhí tar éis postála le seachadadh lasmuigh den Stát féadfaidh An Post an Paicéad Poist a dhiúscairt mar is áil leis.
 
 
8. Athsheoladh
 
1.       Mura bhfuil cónaí ar an seolaí níos mó ag an seoladh poist atá luaite ar an bPaicéad Poist, féadfar an Paicéad Poist a atreorú chuig an seolaí céanna ag a sheoladh nua poist sa Stát. Tá Muirir i bhfeidhm maidir le gach Paicéad Poist a atreoraítear, agus, mura mbíonn siad íoctha roimh ré, íocfaidh an seolaí iad ar sheachadadh an Phaicéad Poist.
2.      Féadfaidh An Post táillí breise den sórt sin a chur ar aghaidh i gcás Beartáin (beag beann ar an tseirbhís poist trína seoltar tríd an bpost é) má atreoraítear an Beartán chuig seoladh a bhfuil an oifig seachadta chéanna ag freastal air.
3.      Aon Phacáiste Poist Atreoraithe ar dealraitheach gur osclaíodh é sular atreoraíodh é agus aon Phacáiste Poist a mhaítear a bheith arna atreorú ach ar dealraitheach gur déileáladh leis ar mhodh atá ceaptha chun íoc aon Mhuirir is iníoctha air a sheachaint, déileálfar leo agus muirearófar iad mar Pacáiste Poist neamhíoctha déileálfaidh An Post leo mar a chinneann sé féin.
 
 
9. Cur ar Ais agus Diúscairt Paicéid Phoist    
 
1.       Féadfaidh An Post Paicéid Phoist a dhiúltú, a mhoilliú, a chur siar, a chur ar ais, nó a dhiúscairt i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi Alt 47 d’Acht 2011.
2.      Má ordaíonn An Post ábhar Phaicéad Poist a dhíol, féadfar na fáltais a úsáid chun na Muirir (lena n-áirítear Muirear/Muirir Chustam) atá dlite ar an bPacáiste Poist agus aon chostais ghaolmhara riaracháin a íoc agus féadfar iarmhíd fháltais an díola a chur ar ais chuig an seoltóir nó a dhiúscairt mar a chinneann An Post.
3.      Má éiríonn aon Phaicéad Poist atá i seilbh An Post maslach nó díobhálach do aon oifigeach de An Post, nó do dhuine eile, nó do Phaicéid Phoist eile, nó ar dóigh dó, óna charachtar nó óna riocht éirí maslach nó díobhálach mar atá ráite thuas, nó a bheith gan luach sular féidir é a sheachadadh nó déileáil leis ar shlí eile de réir fhorálacha na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo, féadfaidh An Post déileáil leis nó é a dhiúscairt láithreach, in ainneoin nach bhfuil forálacha na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo maidir le Paicéad Poist dá leithéid a chur ar ais comhlíonta, nó iad a bheith comhlíonta i bpáirt.
 
 
10. Deimhniú Postála
 
1.       Soláthróidh An Post Deimhniú Postála ar iarratas nuair a phostáiltear Paicéad Poist in Oifig Poist.
 
 
11. Carraeir Coiteann
 
1.       Ní carraeir coiteann é An Post agus ní bheidh sé amhlaidh.
 
 
12. Infhaighteacht Seirbhíse
 
1.       Féadfaidh An Post, ag feidhmiú go réasúnta, soláthar aon seirbhíse a dhiúltú nó a mhoilliú ar mhaithe le sláinte, sábháilteachta agus leas a chuid foirne nó a chustaiméirí nó ar chomhairle ón nGarda Síochána nó ó ghníomhaireacht rialála.
2.      Féadfaidh An Post aon choinníoll, téarma, caighdeán nó ceangaltas sna téarmaí agus coinníollacha seo a mbíonn tionchar acu nó a bhaineann le:
1.    teidlíocht Phaicéad Poist a bheith áirithe sa tseirbhís, nó
2.   teidlíocht nó cáilitheacht duine úsáid, leas nó sochar a bhaint as an tseirbhís, a tharscaoileadh, a aschur, nó a athrú in aon chás ar leith, nó go ginearálta ó am go ham, ar choinníoll go bhfreastalaíonn an tarscaoileadh, an t-aschur nó an t-athrú sin ar riachtanais réasúnacha na n-úsáideoirí nó go ndéanfadh sé nó go n-áirítear go ndéanfadh sé úsáid na seirbhíse a mhéadú ag aon duine nó grúpa nó aicme daoine.
3.      I gcás amhrais nó aighnis, féadfaidh An Post a chinneadh cén seirbhís a iomprófar nó a iompraíodh Paicéad Poist. 
 
 
13. Gearáin 
 
1.       Déileálfar le gearáin de réir na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal.
 
14. Custaim agus Slándáil
 
1.       Beidh Dearbhú Slándála Eitlíochta ceangailte formhuinithe le gach Paicéad Poist a sheoltar chuig áit laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch lasmuigh den Stát, nó chuig áit laistigh de Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann (seachas Tuaisceart Éireann) nó ar fhoirmeacha a sholáthróidh An Post.
          (féach https://www.anpost.com/Post-Parcels/Sending/Sending-customs-information)
2.      Déanfar cibé doiciméid chustam atá ceart agus iomlán a cheanglaítear le dlí nó a fhorordóidh An Post ó am go ham a ghreamú ar gach Postphaicéad a sheolfar chuig áit lasmuigh den Stát.
          (féach,https://www.icao.int/Meetings/AirCargoDevelopmentForum-Togo/Documents/WCO-UPU_PostalCustomsGuide-June2014.pdf)
15. Cúiteamh ar Chaillteanas nó Damáiste
 
 
1.       Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna téarmaí agus coinníollacha seo, ní bheidh aon dliteanas ar An Post i leith an seoltóir nó seolaí aon Phacáiste Poist, a bhíonn caillte, damáistithe nó moillithe in aon seirbhís a sholáthraítear de bhun na dtéarmaí agus coinníollacha seo.
2.      Faoi réir Choinníoll 15(7) má bhíonn aon Phaicéad Poist caillte, damáistithe nó moillithe ar feadh seacht (7) lá ar a laghad má tá sé le seachadadh laistigh den Stáit nó ar feadh deich (10) lá ar a laghad má tá sé le seachadadh lasmuigh den Stát, le linn dó a bheith faoi chúram An Post, íocfaidh An Post cúiteamh le haon duine nó daoine a bhunaíonn éileamh réasúnta ar chúiteamh. Áireofar sa chúiteamh costas na Muirear, costas chlúdach an Phaicéad Poist, costas athsholáthair nó atáirgeadh na phacáistíochta agus suim bheag i leith aon chostais eile.
3.      Ní íocfar Cúiteamh le haghaidh:
 
1.    caillteanas nó damáiste do Phaicéad Poist ina bhfuil aon rud atá toirmiscthe ar thrasdul sa phost;
2.   caillteanas nó damáiste a eascraíonn as eachtraí lasmuigh de smacht An Post;
3.   caillteanas nó damáiste do Phacáistí Poist ina bhfuil uibheacha, torthaí boga, leachtanna, gloine;
4.   aon chaillteanas, damáiste nó díobháil iarmhartach nó indíreach gan teorainn, caillteanas ioncaim, brabúis, úis nó áirgiúlachta a eascraíonn as caillteanas, damáiste, moill, neamhsheachadadh nó mí-sheachadadh aon ní a cuireadh leis an bpost;
5.   aon chaillteanas nó damáiste a eascraíonn as teip nó moill ag An Post cáipésí a chur i láthair aon Údarás Custam.
6.  caillteanas nó damáiste d’ábhar aon Phaicéad Poist ina bhfuil Airgead Páipéir nó Seodra nó Cáipéisí a chuirtear sa phost ach amháin má tá siad curtha i bPaicead Poist Cláraithe a sheoltar chuig seoladh laistigh den Stát nach meánn níos mó ná 2 chileagram.
7.   maidir le Paicéad Poist má theipeann ar an seolaí glacadh le seachadadh 
      laistigh den tréimhse a éilítear in gcoinníol 7(1);
8.   maidir le haon Phaicéad Poist a bheith moillithe nó urghafa ag aon Údarás Custam;
9.   caillteanas nó damáiste a eascraíonn as teip maidir le Coinníoll 4 nó 5 a chomhlíonadh;
      nó
10. le haghaidh oibreacha ealaíne, gloine nó ceirmeacha;
4.      Ní mór na focail “Sobhriste Le Cúram” scríofa a scríobh go soiléir ar aghaidh aon chlúdaigh ar Phaicéad Poist ina bhfuil earraí sobhriste. Tá láithreacht na bhfocal seo ina coinníoll cúitimh ar son damáiste d’ábhar sobhriste.
5.      Beidh an cúiteamh is iníoctha faoin gCoinníoll seo in ionad, agus ní i dteannta, aon chúitimh a bheadh iníoctha thairis sin faoi na téarmaí agus na coinníollacha seo.
6.      Féadfar an cúiteamh a íoc i stampaí poist ach amháin má iarrann an Custaiméir íocaíocht le seic.
7.      Beidh An Post díolmhaithe ó gach dliteanas i leith aon chaillteanais nó damáiste a bhainfidh don seoltóir mar gheall ar (a) aon teip nó moille i soláthar, oibriú nó cothabháil seirbhíse poist lena mbaineann na téarmaí agus coinníollacha seo nó (b) aon teip, briseadh, fionraí nó srianadh ar sheirbhís poist a sholáthraítear faoi na téarmaí agus coinníollacha seo.
 
16. Sonraí Pearsanta
 
1.       á An Post ina Rialaitheoir Sonraí ar na Sonraí Pearsanta a phróiseálann sé chun seirbhísí a sholáthar de bhun na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo.
2.      Nuair a thugann Úsáideoir Sonraí Pearsanta do An Post, comhlíonfaidh An Post 
          na dualgais atá curtha air ag Reachtaíocht um Chosaint Sonraí agus ní úsáidfidh é na sonraí sin ach chun na críche ar ar nochtadh é agus, ach amháin má éilítear nochtadh de réir dlí nó chun an tseirbhís a ndearnadh é a nochtadh a sholáthar, coinneoidh sé na sonraí sin faoi rún agus ní nochtfar na sonraí sin do aon tríú páirtí gan comhaontú i scríbhinn roimh ré an Úsáideora.
 
(Tá breis faisnéise faoin gcaoi a úsáidtear Sonraí Pearsanta leagtha amach i Ráiteas Príobháideachais Ghrúpa An Post ag https://www.anpost.com/Privacy/Group-Data-Privacy-Statement agus i bhFógra um Chosaint Sonraí Poist ag https://www.anpost.com/Privacy/Data-Protection-Privacy-Notice).
 
 
17. Cártaí Poist
 
Beidh feidhm leis na coinníollacha speisialta a leanas maidir le Cártaí Poist:
 
1.       Ach amháin de réir mar a ordaithe nó údaraithe ag An Post maidir le haon Chárta Poist Freagartha ní bheidh aon scríbhneoireacht nó cló, seachas ainm agus seoladh an tseolaí, ar an taobh dheis den aghaidh.
2.      Ní ghreamófar aon rud ar chor ar bith le Cárta Poist ar aon bhealach seachas -
1.    Stampaí poist mar íocaíocht ar phostas nó ar shuimeanna atá le íoc ar chlárú;


2.   Léaráidí, líníochtaí, greanta, grianghraif, stampaí d’aon chineál, páipéar ar a bhfuil an seoladh nó ábhar scríofa nó clóite eile. Ar choinníoll go mbeidh gach earra den chineál sin de shaghas nach n-athróidh sé tréith an chárta phoist, agus gur páipéar nó substaint an-tanaí eile a bheidh ann agus go mbeidh sé greamaithe go hiomlán leis an gcárta poist. Ar choinníoll chomh maith nach mbeidh stampaí a fhéadfaí a cheapadh gur stampaí iad a úsáideadh chun postas a íoc greamaithe ar thaobh an tsesolta de chárta poist.
3.      Maidir le Cárta Poist Iasachta:  ní bheidh aon scríbhinn ach an seoladh agus aon treoracha poist a aithnítear sa Choinbhinsiún Poist Uilechoitinn, agus ní bheidh aon chló ach amháin d'aon cheann de na hábhair roimhráite le feiceáil ar thaobh na láimhe deise de thaobh an tseolta de Chárta Poist.
 
 
18. Seirbhísí Poist do na Daill
 
Beidh feidhm ag na forálacha a leanas le Seirbhísí Poist do na Daill:-
 
1.       Beidh an inscríbhinn “Seirbhísí Poist do na Daill” ar gach Paicéad Posit nó i gcás Paicéad Poist Seachtrach “Litríocht do na Daill” ar an taobh amuigh de, agus ainm agus seoladh scríofa nó clóite an tseoltóra agus ar an taobh a bhfuil seoladh an tseolaí air, le lipéad bán sofheicthe ar a bhfuil an tsiombail ábhartha (féach www.anpost.com).
2.      Is féidir gach Paicéad Poist a scrúdú sa phost.
3.      Postálfar gach Paicéad Poist gan clúdach nó i gclúdach is féidir a bhaint go héasca ar son críocha inúchta nó déanta suas ar bhealach gur féidir a ábhar a dheimhnú go tapa agus go héasca.
4.      Ní bheidh aon earra i bPaicéad Poist seachas iad siúd atá liostaithe sa Cheatrhú Sceideal nó lipéad a mbeadh ainm agus seoladh an té a bhfuil an Paicéad Poist le cur ar ais chuige.
5.      Ní bheidh aon chumarsáid nó inscríbhinn i scríbhinn nó i ngnáthchló i bPaicéad Poist (seachas teideal, dáta foilsithe nó déanta, sraithuimhir, ainmneacha agus seoltaí an chlódóra agus an fhoilsitheora nó an déantóra, praghas agus clár abhair an leabhair nó an pháipéis agus eochair nó treoracha le haghaidh úsáide aon chló speisialta nó aon earra atá faoi iamh).
6.      Ní bheidh stampaí ná foirmeacha a chuireann ríomhíocaíocht in iúl, cibé acu scriosta nó a mhalairt, ná aon pháipéar a chuireann luach airgid in iúl i bPaicéad Poist a thugtar i láthair An Post mar Phaicéad Poist do na Daill.
7.       D’ainneoin aon ní sna téarmaí agus sna coinníollacha seo, féadfar ainm, post, gnólacht agus seoladh an tseoltóra agus an tseolaí, an dáta seolta, síniú, nó uimhir theileafóin, seic poist nó cuntas bainc an tseoltóra, chomh maith le sraithuimhir nó uimhir aitheantais nach dtagraíonn ach don Phacáiste Poist a chur, de láimh nó le próiseas meicniúil, lasmuigh nó laistigh de Phaicéad Poist a úsáideann Seirbhísí Poist do na Daill..
8.      Ní bheidh Paicéad Poist atá le seachadadh ag An Post ag úsáid Seirbhísí Poist do na Daill níos troime ná 7 gcileagram.
9.      Cuirfear Seirbhísí Poist do na Daill trí an bpost gach Muirear.
19. Beartáin
 
1.       Déanfar na Beartáin go léir a bheartaítear a chur leis an bpost (seachas mar a fhoráiltear a mhalairt sna téarmaí agus sna coinníollacha seo) a phostáil trína dtabhairt isteach in Oifig an Phoist ar an modh a fhoráiltear ina dhiaidh seo, ar na laethanta agus laistigh de na huaireanta a mbeidh an oifig sin ar oscailt don phobal le beartán a phostáil.
2.      Is féidir beartáin a phostáil chomh maith trí iad a thabhairt ar láimh d’oifigeach An Post atá údaraithe le glacadh le Paicéid Phoist le hiompar sa phost ón bpobal i gcoiteann i gceantair tuaithe.
3.      Má bhíonn an Meáchan Toise níos mó ná a mheáchan, beidh feidhm leis an Meáchan Toise le haghaidh gach críche.
 
 
20. Paicéid Phoist Chláraithe
 
1.       Faoi réir na dtéarmaí agus coinníollacha seo, is féidir aon Phaicéad Poist a phostáil mar
          Phaicéad Poist Cláraithe.
2.      Ní mór Paicéad Poist Cláraithe a phostáil trína thabhairt ar láimh le clárú ag oifigeach atá ar dualgas in Oifig Poist nó in áit eile atá comhaontaithe leis An Post.
1.    Ar phostáil Paicéad Poist Cláraithe, eiseofar Deimhniú Postála, ar a mbeidh admháil ag taispeáint luach an ábhair mar a dhearbhaigh an seoltóir agus na táillí go léir a bheith íoctha, chuig an seoltóir agus ba chóir don seoltóir an Deimhniú sin a choinneáil.
2.   Ar choinníoll, i gcás Paicéad Poist Cláraithe a atreorú, nach mbeidh feidhm ag fomhír (2)(1) den choinníoll seo, agus, mura ndéanfaidh an duine a thairgeann an Paicéad Poist le clárú Muirir an Phaicéad Poist a ríomhíoc, eiseofar Deimhniú Postála á rá nár íocadh na Táillí sin chuig an seoltóir agus ba chóir don seoltóir an deimhniú sin a choinneáil.
3.   Ní mór do sheoltóir an Phoist Phaicéad Cláraithe a chinntiú go bhfuil an Paicéad Poist Cláraithe ceangailte go daingean agus nach féidir aon chuid den ábhar a bhaint as gan an cás, an cumhdach nó an clúdach a bhriseadh nó a stróiceadh, dhá dhromchla ghreamaitheacha a bhrú óna chéile nó séala a bhriseadh. Má bhíonn Paicéad Poist Cláraithe séalaithe le stiallacha de pháipéar greamaitheach, ní mór do sheoltóir an Phaicéad Poist Cláraithe a chinntiú go mbíonn mar suntasach an tseoltóra ar gach stiall, má úsáidtear téip thrédhearcadh, ní mór don seoltóir a chinntiú go mbíonn a mharc faoin ngreamachán.
4.   Féadfaidh An Post Leabhar Postála a eisiúint chuig seoltóir ar a bhfuil na focail “Deimhniú Postála” ar a bhféadfaidh An Post deimhniú postála a fhormhuiniú, nuair a phostálta Paicéad Poist mar Phacáiste Poist Cláraithe, trí stampa dáta Oifig an Phoist a ghreamú den Leabhar Postála ag an iontráil a thaispeánann seolaí an Phacáiste Poist Chláraithe agus luach an ábhair mar atá dearbhaithe ag an seoltóir.
3.      Nuair a dhéantar Paicéad Poist Cláraithe a sheachadadh tabharfaidh an seolaí nó a ghníomhaire Admháil Scríofa ar a shon ar an bhfoirm atá sainordaithe ag An Post. D’ainneoin Coinníoll (2) (1) ní féidir Paicéad Poist Cláraithe a choinneáil ar feadh níos mó ná 3 Lá Oibre.
 
 
21. Cúiteamh ar chaillteanas nó damáiste do Phaicéid Phoist Chláraithe
   
1.       Má chailltear nó má dhéantar damáiste d’aon earra de luach airgid atá iniata i bPacáiste Poist Cláraithe, nó atá mar chuid de, le linn dó a bheith i gcoimeád An Post, íocfaidh An Post cúiteamh le haon duine nó daoine a dhéanann éileamh réasúnach ar an gcúiteamh sin (ag féachaint do chineál an earra, an cúram lenar pacáladh é, na Muirir a d'íoc an seoltóir, agus imthosca eile), faoi réir na dteorainneacha seo a leanas: —
1.    Ní bheidh suim an chúitimh is iníoctha níos mó ná an luach atá dearbhaithe ag an seoltóír nó €25 mura bhfuil aon luach dearbhaithe. 
2.   Faoi réir Choinníoll 21(d) agus 21(e) ní bheidh an cúiteamh a íocfar níos mó ná an méid is lú den luach athsholáthair an earra atá caillte nó méid an damáiste a fulaingíodh nó luach na n-ábhar mar atá léirithe ar an Deimhniú Postála (más infheidhme). 
3.   Tá an cúiteamh is iníoctha maidir le Paicéad Poist Cláraithe:
 
1.    curtha chuig aon áit lasmuigh den Eoraip (Paicéad Poist cláraithe seachas Beartán) teoranta go €35 móide na muirir atá íoctha, más Beartán é tá sé teoranta go €100 móide na muirir atá íochta;
2.   curtha chuig an Eoraip seachas Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann teoranta go €150 móide na muirir atá íoctha;
3.   curtha go Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann teoranta go €320, móide na muirir atá íoctha.
4.   curtha chuig aon áit laistigh den Stáit, teoranta go €350, móide na muirir atá íoctha.
4.   Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha maidir le Paicéad Poist Cláraithe Eachtrach ina bhfuil aon earra atá liostaithe sa Tríú Sceideal.
5.   Ní fhéadfaidh méid an chúitimh dul thar €350 móide na táillí íoctha comhiomlána in aon chás.
 
 
22. Postáil Leabhar thar Lear Seirbhís suas le 5kg
 
1.       Beidh gach Paicéad Poist leis an lipéad “Paicéad Litreach le Leabhair” faoi réir  scrúdaithe sa phost agus ní bheidh aon rud séalaithe nó dúnta in aghaidh scrúdaithe ar aon bhealach eile, iontu, ná ní bheidh aon rud ar nós comhfhreagras reatha nó pearsanta ná sonraisc ná ráitis cuntais iontu.
2.      D’ainneoin paragraf (1) den Choinníoll seo, féadfar glacadh le Paicéid Phoist ina bhfuil leabhair le drasdul sa phost i gcumhdaigh shéalaithe inheánacha trédhearcacha laistigh de chumhdach seachtrach neamhshéalaithe.
3.      Ní bheidh ollmheáchan Phaicéad Poist ina bhfuil leabhair níos mó ná 5kg.
4.      Beidh an nath “Paicéad Litreach le Leabhair” ar an gclúdach lasmuigh de Phaicéad Poist, an gcúinne clé uachtair ar thaobh an tseolta faoi sheoladh an tseoltóra.
5.      Seiceálfaidh an seoltóir infhaighteacht na seirbhíse chuig an gceann scríbe atá i gceist agus cloífidh sé/sí le haon srianta custam a bheadh i bhfeidhm.
 
23. Paicéid Phoist as Lasmuigh den Stát
 
1.       Má éilítear ar An Post muirir chustam nó CBL a bhailiú ó sheolaí Phaicéad Poist as    lasmuigh den Stát, féadfaidh sé freisin muirear a bhailiú mar atá leagtha amach sa Sceideal Muirear. Íocfar an muirear ar nó roimh sheachadadh an Phaicéad Poist.
 
24. Boscaí agus Málaí Príobháideacha (Boscaí PO)
 
1.       Féadfaidh Úsáideoir socrú a dhéanamh chun bosca nó mála príobháideach a úsáid ag áitribh shonraithe de chuid An Post a bhféadfar Paicéad Poist a sheoltar chuige ag an mBosca PO sin a sheachadadh agus chun mála príobháideach den sórt sin a sheachadadh a bheidh dírithe chuig an mbosca PO sin chuig an Úsáideoir ag An Post. 
2.      Beidh an tseirbhís Bosca PO ar fáil seacht Lá Oibre tar éis don Úsáideoir iarratais scríofa a dhéanamh agus an táille bliantúil ceadúnais a íoc (www.AnPost.com).
3.      Forchoimeádann An Post an ceart iomlán chun aon iarratas a dhiúltú nó Seirbhís Bosca PO a scor (nuair atá bonn réasúnta ann le sin a dhéanamh). Sna cúinsí sin tabharfaidh sé cúiseanna don diúltú nó don scor.
1.    Ní thabharfear fógra don Úsáideoir:
1.       más féidir go sárófaí údarás dleathach;
2.      más féidir go ndéanfadh soláthar an fhógra dochar do chumas fhorfheidhmithe 
         gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus/nó comhlachtaí eile a bhfuil na cumhachtaí riachtanacha reachtúla agus/nó cumhachtaí eile acu chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.
3.      nuair nach féidir an fógra a sholáthar ar chúiseanna eile ar nós éagumas meabhrach agus/nó coimircíocht a thabhairt don Úsáideoir atá i gceist.
4.      Ní fhéadfar bosca nó mála príobháideach a úsáid ach chun críocha dlisteanacha agus níor cheart é a úsáid le haghaidh arm tine, ábhair chontúirteacha eile nó táirgí leighis nó cógais, ábhar mígheanasach, gáirsiúil nó míchuí nó earraí toirmiscthe eile a iompar nó a chur chun cinn de réir mar a leagtar síos sa Dara Sceideal.
5.      Mura sonraíonn An Post uaireanta oscailte eile, féadfaidh an tÚsáideoir nó a Ghníomhaire Pacáistí Poist a sheachadtar chuig an mbosca nó chuig an mála príobháideach a bhailiú le linn gnáthuaireanta oibre ar Laethanta Oibre.  Baileoidh an tÚsáideoir gach Paicéad Poist a thaisctear i mbosca PO ar bhonn rialta.  Mura mbailitear an bosca PO go rialta nó má bhíonn sé lán, tabharfaidh An Post fógra scríofa don Úsáideoir i bpost cláraithe.  Tar éis an fógra seo a sheoladh, má theipeann ar an Úsáideoir na Pacáistí Poist a bhailiú laistigh de sheacht Lá Oibre déileálfar leis na Pacáistí Poist de réir Chlásal 7.
6.      Má chealaíonn an tÚsáideoir an tSeirbhís Bosca OP tar éis dó tosú. Eiseofar aisíoc  i leith na tréimhse tar éis cealú na seirbhíse.
7.       Socrófar aon sonrasc eisíonn An Post maidir le Seirbhís Bhosca OP laistigh de 30 lá óna eisiúint.
8.      Mura n-éilítear a mhalairt de réir dlí, ní bheidh An Post faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais lena n-áirítear caillteanas iarmhartach, as soláthar agus/nó teip nó moill i soláthar na Seirbhíse Bosca Poist. Beidh dliteanas uasta An Post maidir le caillteanas díreach teoranta do mhéid na Muirear a íoctar as an tSeirbhís Bosca Poist.
 
 
 
25. Atreorú Cónaitheach agus Gnó
 
 
1.       Tá an tSeirbhís Atreoraithe comhdhéanta de sheirbhís Atreoraithe Cónaitheach agus 
          Seirbhís Atreoraithe Gnó. Ar iarratas ón Úsáideoir ar fhoirm atá sonraithe ag An Post agus ar réamhíoc na Muirear atá sonraithe sa Sceideal Muirear soláthrófar seirbhís atreoraithe don Úsáideoir.
2.      Atreorú Cónaitheach
1.    Níl an tSeirbhís Atreoraithe Chónaitheach ar fáil ach le Paicéid Phoist a bhfuil an tÚsáideoir i dteideal iad a fháil a atreorú.  
2.   Ní mór don Úsáideoir a shíníonn an fhoirm iarratais (féach https://www.anpost.com/Post-Parcels/Manage-Your-Post/Arrange-Redirection a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine. Ní mór do thuismitheoir nó caomhnóir an fhoirm iarratais a shíniú ar son duine faoi aois a dhéanann iarratas ar sheirbhís Atreoraithe agus dáta breise an duine faoi aois a chur isteach  san áit a luaitear.  Ní ghlacfaidh An Post le hiarratais ar sheirbhís Atreoraithe ó dhaoine atá ag gníomhú ar son daoine a bheadh tinn, faoi mhíchumas nó ina gCoimircigh Cuairte mura bhfuil cruthúnas cáipéise ann ar údarás dleathach an iarratasóra chun Paicéid Phoist a sheoltar chuig an duine sin a ghlacadh. 
3.   Beidh réamhfhógra cúig Lá Oibre ar a laghad de dhíth ar An Post chun an tSeirbhis Atreoraithe a chur ar bun.
4.   Bíonn moill aon Lá Oibre breise de bhreis ar na gnáthamanna seachadta ar sheachadadh Paicéid Phoist atreoraithe.
5.   Is féidir leis an Úsáideoir an tseirbhís a chur ar ceal trí fhógra i scríbhinn. Ní dhéanfaidh An Post an Muirear a aisíoc má cuireadh an tseirbhís Atreoraithe ar ceal tar é dó tosú.
6.   Má sheoltar Paicéad Poist chuig níos mó ná aon seolaí amháin agus mura bhfuil an tseirbhís iarrtha ach ag seolaí amháin déanfaidh An Post an Paicéad Poist a sheachadadh de réir an tseolta. Ní atreoróidh An Post é mura n-aontaíonn gach seolaí i scríbhinn go bhfaighidh duine níos, nó tríú páirtí, é.
7.   Ní atreoróidh An Post Paicéid Phoist:
1.    más Beartáin iad;
2.   le haghaidh Úsáideoirí a bhfuil an t-ainm céanna acu le duine a fhanann ag an seoladh a bhfuil an Paicéad Poist á atreorú uaidh (m.sh. tuismitheoir agus leanbh den ainm céanna nó daoine a bhfuil na cinnlitreacha agus an sloinne céanna acu).
3.   seolta Poste Restante;
4.   ó choláiste, teacht lóistín nó cóiríocht dá leithéid le haon phointe seachadta amháin; nó   
5.   seolta chuig bosca OP.
8..  Daoine Éagtha
1.    Ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh sula ndéanfaidh An Post Paicéad Poist a atreorú ar threoracha seiceadóirí nó riarthóirí duine éagtha:
 
 
1.    Má d’fhág an duine éagtha uacht, ní mór  probháid na huachta, sínithe ag na seiceadóirí go léir, a bheith ag gabháil leis an bhfoirm iarratais;
2.   má d’fhág an duine éagtha uacht ach go bhfuil moill ann probháid a fháil, 
      ní mór cóip den uacht, agus litir ó na seiceadóirí á rá go bhfuil iarratas déantar ar phrobháid  agus nach eol dóibh aon chúis nach ndeonfar é a bheith leis an bhfoirm iarratais, nach mór a bheith sínithe ag gach seiceadóir;
3.   Murar fhág an duine éagtha uacht, ní mór litreacha riaracháin chuig eastát an duine éagtha a bheith leis an bhfoirm iarratais, nach mór a bheith sínithe ag riarthóirí an eastáit;
4.   murar fhág an duine éagtha uacht agus nach bhfuil litreacha riaracháin ar fáil, ní mór don chustaiméir gealltanas i scríbhinn a sholáthar ó aturnae go dtabharfar litreacha riaracháin ar aird laistigh de dhá mhí dhéag;
5.   Forchoimeádann An Post an ceart chun cruthúnais dhoiciméadach bhreise a iarraidh ar theidlíocht aon iarratasóra chun post duine éagtha a fháil.
9.   Forchoimeádann An Post an ceart aige féin an tseirbhís Atreoraithe a dhiúltú  nó a scor dá lánrogha féin i gcás ina bhfuil boinn thromchúiseacha ann chun é sin a dhéanamh, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, nuair nach bhfuil an tseirbhís Atreoraithe inoibrithe. Sna himthosca sin tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin, aisíocfaidh sé an muirear agus léireoidh sé na cúiseanna. Ní sholáthrófar fógra don Úsáideoir:
1.    má sháraíonn a leithéid a dheanamh údarás dleathach a choscann an diúltú a nochtadh nó an tseirbhís a scor;
2.   má dhéanann soláthrú an fhógra sin dochar do chumas na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus/nó comhlachtaí eile leis na cumhachtaí riachtanacha eachtúla a gcuid feidhmeanna a dhéanamh;  agus/nó
3.   murar féidir fógra a sholáthar ar chúiseanna eile ar nós míchumas meabhrach agus/nó coimircíocht an Úsáideora atá i gceist.
10. Teorainn ar Dhliteanas
1.    Tá dliteanas An Post maidir le haon chaillteanas nó damáiste díreach a eascraíonn ón tseirbhís seo teoranta don Seirbhís Atreoraithe. Ní bheidh dliteanas ar An Post, i gcás ar bith, maidir le haon chaillteanas nó damáiste iarmhartach nó indireach lena n-áirítear, gan teorainn, caillteanas ioncaim, brabúis, úis, áirgiúlachta nó caillteanas margaidh, a eascraíonn ar dhóigh ar bith maidir leis an tseirbhis Atreoraithe.
11. Slánaíocht
1.    I gcomaoin seirbhís atreoraithe a bheith á soláthar ag An Post, slánóidh an tÚsáideoir An Post agus slánóidh sé go hiomlán agus go héifeachtach é ar éileamh ó agus i gcoinne aon chaillteanas agus gach caillteanas, éileamh, damáistí, costais, muirir, speansais, dliteanais, éilimh, imeachtaí agus gníomhartha. a fhéadfaidh An Post a fhulaingt nó a thabhú, nó a fhéadfaidh aon duine a thabhairt nó a bhunú ina choinne, a eascraíonn as nó i ndáil le nó de bharr úsáid na Seirbhíse Atreoraithe de shárú ar aon cheann de na Téarmaí agus Coinníollacha seo.
3.      Atreorú Gnó
1.    Níl an tseirbhís Atreoraithe Gnó ar fáil ach le hatreorú a dhéanamh ar Phaicéid Phoist a bhfuil an tÚsáideoir ina dteideal.  Beidh an seoladh nua luaite ar an bhfoirm iarratais (https://www.anpost.com/AnPost/media/PDFs/BusinessRedirectionFromAnPost2020.pdf). Na Téarmaí agus Coinníollacha mar atá leagtha amach i gCoinníoll 25(2) leis na heisceachtaí a leanas:
1.    nuair is cuideachta é an tÚsáideoir ní mór don bhfoirm iarratais a bheith sínithe ag Rúnaí na Cuideachta agus Stiúrthóir amháin eile ar a laghad;
2.   nuair is comhpháirtíocht nó cumann é an t-iarratasóir tá síniú gach comhpháirtí nó comhlach riachtanach.  Más gá bileog ar leith chun na críche seo ní mór í a chur i gceangal leis an bhfoirm iarratais ar an tseirbhís Atreoraithe Gnó agus sínithe na gcomhpháirtithe nó na gcomhpháirtithe a bheith istigh faoin ráiteas seo a leanas: “Tá téarmaí agus coinníollacha seirbhís Atreoraithe Gnó An Post léite againn agus aontaímid leo”;
3.   Nuair is trádálaí aonair é an tÚsáideoir ní mór don iarratas a bheith sínithe ag an trádálaí aonair;
4.   nuair is gnó nó eagraíochta seachas na cinn a luaitear thuas é an tÚsáideoir, nó gur comhlachas neamhchorpraithe nó foras oideachais nó cúram sláinte é, beidh cruthúnas doiciméadach oiriúnach de dhíth ar An Post maidir le teidlíocht agus údarás an Úsáideora chun an post a atreorú;
5.   nuair is comhpháirtíocht, cumann, cumann neamhchorparáideach nó foras oideachais nó cúram sláinte é an tÚsáideoir ní mór a ainm  a bheith ar taispeáint in áit bhuan shoiléir ag a sheoladh nua sular féidir leis An Post Paicéid Phoist a atreorú chuig an seoladh nua;
6.  Níl an tseirbhís Atreoraithe Gnó ar fáil le hatreorú a dhéanamh  ar:
1.    Paicéid Phoist le seachadadh chuig seoltaí cónaitheacha;
2.   Paicéid Phoist le seachadach chuig pointe seachadta atá roinnte le comhlachtaí eile mar a mbeadh atreorú dodhéanta nó neamhphraiticiúil;
3.   Paicéid Phoist le seachadadh chuig bosca PO.
7.   Atreoróidh An Post Paicéid Phoist do chuideachta a scoir den trádáil ar an gcoinníoll go mbíonn litir ó aturnae nó cuntasóir na cuideachta leis an bhfoirm atreoraithe á rá:
1.    go bhfuil an chuideachta scortha den trádáil;
2.   go bhfuil lánúdarás ag na hÚsáideoirí post na cuideachta a fháil;
3.   go bhfuil lánúdarás ag an aturnae nó ag an gcuntasóir chun an ionadaíocht a dhéanamh; agus
4.   gurb é an seoladh nua seoladh fíor agus cruinn an Úsáideora.
8.   Ní atreoróidh An Post Pacáistí Poist do chuideachta atá faoi leachtú ach amháin nuair a bheidh an fhoirm iarratais sínithe ag an Leachtaitheoir agus go mbeidh cóip den Fhógra um Cheapachán an Leachtaitheora ag gabháil léi;
9.   Ní atreoróidh An Post Paicéid Poist do chuideachta atá i nglacadóireacht ach amháin nuair a bheidh cóip den Ghníomhas Ceapacháin nó litir ó aturnae an ghlacadóra ag gabháil leis an bhfoirm iarratais ag dearbhú go bhfuil an t-údarás ag an nglacadóir na Pacáistí Poist atreoraithe a fháil.
 
 
26. Pacáistí Poist seolta Poste Restante (faoi chúram Oifig an Phoist)
               
1.       Féadfaidh seoltóir Phaicéad Poist a sheoltar chuig oifig poist nó chuig long nó suiteáil amach ón gcósta ag aon chalafort sa Stát, a bhfuil an seolaí le glaoch ar a shon, seoladh          an Phaicéad Poist sin a chur le hiarratas gur féidir an Paicéad Poist, mura nglaoitear faoina choinne laistigh den am atá sonraithe san iarratas,           a chur ar ais chuig an seoltóir nó chuig duine éigin atá ainmnithe aige.
2.      sa chás sin, cuirfear an Paicéad Poist ar ais ar éag don am atá sonraithe san iarratas, de réir mar a shonraítear san iarratas.
3.      Ar choinníoll, más faide ná trí mhí an t-am a shonrófar san iarratas sin, go ndéileálfar leis an bPaicéad Poist, d'ainneoin aon iarratais den sórt sin, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo.
 
 
27. Mailminder Cónaitheach agus Gnó
 
1.       Tá an tseirbhís Mailminder comhdhéanta de Sheirbhís Mailminder Chónaitheach agus 
          Seirbhís Mailminder Gnó.
2.      Féadfaidh Úsáideoir socrú a dhéanamh chun Pacáiste Poist a choinneáil le linn don Úsáideoir a bheith as láthair óna t(h)each nó áitreabh, le fógra roimh ré, agus seachadadh na bPacáistí Poist sin a eagrú trí Fhoirm Iarratais a chomhlánú (https://www.anpost.com/AnPost/media/PDFs/MailMinder.pdf) agus an Muirear a shonraítear sa Sceideal Muirear a íoc.
3.      Beidh réamhfhógra cúig Lá Oibre ag teastáil ó An Post chun an tseirbhis Mailminder a chur ar bun.
 
 
4.      Beidh an chéad dáta eile le Paicéid Phoist a sheachadadh mar atá sonraithe ag an Úsáideoir sa bhfoirm iarratais.
5.      Níl seirbhis Mailminder ar fáíl le haghaidh pointí seachadta atá comhroinnte ag seolaithe éagsúla, mar shampla, coláiste, teach lóistín nó áitribh ghnó áirithe. Aontaíonn an tÚsáideoir An Post a shlánú i gcoinne gach éileamh a dhéantar ina choinne a eascraíonn as úsáid na seirbhíse MailMinder de shárú ar an téarma seo.   
6.      Ní bheidh na Paicéid Phoist ar fáil le bailiú ón Oifig Seachadta nó ón Aonad Seirbhíse Seachadta a fhad is atá an tseirbhís MailMinder ar bun.
7.       Má chealaíonn An Post an tseirbhís MailMinder mar nach bhfuil sé inoibrithe aisíocfar an 
          Muirear ach ní thabhóidh sé aon dliteanas breise sa gcás seo.
8.      Ní féidir an tseirbhís MailMinder a chealú ach ar iarratas i scríbhinn. Má chealaíonn an tIarratasóir an tseirbhís MailMinder tar éis dó tosú ní aisíocfaidh An Post an Muirear atá íoctha.
9.      Forchoimeádann An Post an ceart scor den tseirbhís MailMinder nó deireadh a chur léi
          dá lánrogha féin go i gcás ina bhfuil boinn thromchúiseacha ann chun é sin a dhéanamh.
10.    Is é dhá sheachtain déag an t-uasmhéid ama is féidir le hÚsáideoir leas a bhaint as an tseirbhís MailMinder
11.     Teorainn ar Dhliteanas
1.    Tá dliteanas An Post i leith aon chaillteanas nó damáiste díreach a eascraíonn as teip aon seirbhíse nó moill sa tseirbhís seo teoranta don Muirear a íocadh ar son na seirbhíse MailMinder. Ní bheidh dliteanas ar An Post, i gcás ar bith, maidir le haon chaillteanas nó damáiste iarmhartach nó indireach lena n-áirítear, gan teorainn, caillteanas ioncaim, brabúis, úis, áirgiúlachta nó caillteanas margaidh, a eascraíonn ar dhóigh ar bith maidir leis an tseirbhis MailMinder.
12.     Ní bhaineann an tSeirbhís le Beartáin.
13.     Coinnítear Paicéid Poist Chláraithe ar feadh 3 lá oibre ar a mhéad agus ansin seoltar ar ais chuig an seoltóir iad. Coinnítear Paicéid Poist Chláraithe a phostáiltear ó lasmuigh den Stát le seachadadh sa Stát ar feadh tréimhse nach faide ná 16 lá oibre agus ansin cuirtear ar ais chuig an seoltóir iad.
14.     Mailminder Cónaitheach
1.    Ní mór don Úsáideoir a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine.
2.   Ní mór an t-iarratas a dhéanamh thar ceann gach áitreabhach sa seoladh poist a iarrtar  seirbhís Mailminder ar a shon.
15.     Mailminder Gnó
1.    Nuair is cuideachta teoranta é an tÚsáideoir ní mór don bhfoirm iarratais MailMinder a bheith sínithe ag Rúnaí na Cuideachta agus Stiúrthóir amháin eile ar a laghad de chuid na cuideachta.
 
16.    Nuair is comhpháirtíocht, nó comhlach é an tÚsáideoir, ní mór bileog ar leith, más gá, 
          a chur leis an bhfoirm iarratais ina mbeidh sínithe na gcomhpháirtithe nó na gcomhlach 
          laistíos de na ráitis a leanas: “Tá na téarmaí agus coinníollacha na seirbhíse MailMinder ó An Post faoi iamh léite agus aontaímid leo.”
 
17.     Sa gcás nach bhfuil feidhm le Coinníoll 27(15) agus 27(16) ní mór don Iarratasóir fianaise cháipéise a thabhairt i bhfoirm atá inghlactha ag An Post go bhfuil sé/sí i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Seirbhís Ghnó Mailminder.
 
28. Seirbhís Freagartha Gnó                       
 
1.       Féadfaidh Úsáideoir socrú a dhéanamh leis An Post chun clúdaigh réamhchlóite nó lipéid de dhearadh atá sonraithe ag An Post a sholáthar go mbeidh seoltóirí in ann Paicéid Phosit a thaisceadh le tarchur tríd an bpost chuig an Úsáideoir gan réamhíocaíocht (seachas Beartáin) Muirear faoi réir ag na socruithe a dhéanann an tÚsáideoir chun na Muirir atá dlite orthu a íoc a bheith sásúil do An Post.
 

 
2.      Ceadúnas Bliantúil
1.   Gearrfar agus íocfar ar Cheadúnas Bliantúil Freagartha Gnó táille Cheadúnais Bliantúil den mhéid a shonraítear i Sceideal na Muirear.      (https://www.anpost.com/Commerce/Bulk-Mail/Business-Response-Services)
3.      Marcáíl
1.    Ní mór an treoir ‘níl aon stampa riachtanach má phostáiltear i bPoblacht na hÉireann’ 
a chur ar gach Paicéad Poist Freagartha Gnó agus ní mór do gach Paicéad Poist
 Freagartha Gnó cloí leis an bhformáid do sheoltaí mar atá sonraithe ag An Post.
4.      Muirir
1.   Is iad na Muirir a shonraítear i Sceideal na Muirear a bheidh sna Muirir is iníoctha ar Phaicéid Poist Freagartha Gnó agus beidh siad dlite ag an seolaí 
nuair a sheachadfar an Paicéad Poist Freagartha Gnó.
5.      Toirmeasc ar Atreorú
1.   Ní atreorófar Pacáistí Poist Freagartha Gnó tar éis seachadta chuig an seoladh 
poist atá leagtha síos ag An Post agus dá réir sin ní bheidh feidhm ag Coinníoll 25.
6.      Ní cheadaítear Paicéid Phoist Freagartha Gnó a sheoladh sa phost faoi Choinníollacha 18, 19, 20, nó 22 de na Téarmaí agus Coinníollacha seo.
 
29.   Seirbhís Saorphost
                               
1.       Is saoráid í seirbhís saorphoist chun seolaí a údarú an focal ‘ Saorphost’ a chur isteach ina s(h)eoladh poist ionas gur féidir le seoltóirí Pacáistí Poist a thaisceadh lena dtarchur tríd an bpost gan Táillí a réamhíocaíocht faoi réir socruithe a atá sásúil do An Post a bhetith déanta ag an seolaí na Muirir atá dlite a íoc.
2.      Ceadúnas Bliantúil
1.   Ní féidir Paicéid Poist a phostáiltear trí úsáid a bhaint as an tseirbhís Saorphoist a sheoladh ach amháin chuig sealbhóir Cheadúnais Bliantúil ag seoladh sa Stát. Gearrfar agus íocfar ar Cheadúnas Blianta táille Ceadúnais Bliantúil den tsuim atá sonraithe sa Sceideal Muirear (https://www.anpost.com/Commerce/Bulk-Mail/Business-Response-Services)
3.      Marcáil
1.     Ní mór an treoir ‘níl aon stampa riachtanach má phostáiltear i bPoblacht na hÉireann’ 
áirithe sna treoracha agus ‘Saorphost’ a stampáil ar Phaicéad Poist a phostáiltear ag úsáid na seirbhíse Saorphost.
4.      Muirir
1.  Beidh na Muirir is iníoctha ar Phaicéid Phoist a phostáiltear ag úsáid na seirbhíse Saorphost sonraithe sa Sceideal Muirear. Beidh na Muirir dlite ag an seolaí 
nuair a sheachadfar an Paicéad Poist a postáladh ag úsáid na seirbhíse Saorphost.
5.      Toirmeasc ar atreorú
1.   Ní dhéanfar Pacáistí Poist a phostáiltear ag baint úsáide as an tseirbhís Saorphoist a atreorú tar éis iad a sheachadadh chuig an seoladh poist atá leagtha síos ag An Post agus dá réir sin ní bheidh feidhm ag Coinníoll 25.
6.      Ní féidir paicéid poist a úsáideann an tSeirbhís Saorphoist a tharchur tríd an bpost faoi Choinníollacha 18, 19, 20, nó 22 de na Téarmaí agus Coinníollacha seo.
 
 
30. Sainmhínithe agus Léirmhiú
 
1.   Sna Téarmaí agus Coinníollacha seo -
1.    Ciallaíonn “Acht 2011” an tAcht um Rialáil Chumarsáide (Seirbhísí Poist)  2011.
2.   ciallaíonn ADR an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta
       Earraí Contúirteacha de Bhóthar 2006, imleabhar 1 agus imleabhar 2 mar a leasófar ó am go ham. (Tá faisnéis ar fáil ag
        https://www.unece.org/trans/danger/publi/adr/adr2017/17contentse0.html
3.   Ciallaíonn Treoir Pacála ADR 650 an treoir pacáistithe a chuirtear i bhfeidhm ar UN 3373 atá leagtha amach in alt 4.1.4 d’imleabhar 2 den ADR arna leasú ó am go chéile, a bhfuil cóip de ar fáil lena hiniúchadh ar shuíomh Gréasáin An Post (www. anpost.com) agus ó oifigí poist;
4.   Ceadúnas Bliantúil
1.    An táille 12 mí a ghearrann An Post d’fhonn seirbhísí áirithe a úsáid.
5.   Dearbhú Slándála Eitlíochta
1.   Foirm de chuid An Post a chomhlánóidh custaiméirí a sheolann earraí chuig cinn scríbe an Aontais Eorpaigh agus a cheanglaítear le gach Postphaicéad ina bhfuil earraí (seachas Cáipéisí), atá á bpostáil chuig aon cheann scríbe san Aontas Eorpach.
6.   Substaintí Bitheolaíocha, Catagóir B
1.   Aon tsubstaint ionfhabhtaíoch a shanntar do UN3373 den ADR. (Tá breis faisnéise ar www.hsa.ie)
7.   Paicéad Poist Freagartha Gnó
1.   Paicéad Poist:
1.    atá seolta chuid duine a rinne foráil chun sástachta An Post le postas a íoc i gcomhréir leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo;
2.  nach bhfuil ann nó air ach cumarsáid a seoladh mar chumarsáid ón seolaí;
3.     atá idirdhealaithe nó marcáilte mar a ordaíonn An Post;  agus
4.     atá seolta chuig seoladh poist sa Stát.
8.   Seirbhís Saorfhreagara Gnó
1.   Tá cur síos ar an tseirbhís seo i gCoinníoll 28.
 
9.   Ciallaíonn “Ceadúnas Bliantúil Saorfhreagra Gnó” Ceadúnas a eisítear de réir Choinníoll 28.
10. Ciallaíonn “Ceadúnas” marc i bhfoirm atá aimnithe ag An Post le cur in iúl go bhfuil socrú déanta ag an Seoltóir leis An Post de bhun Coinníoll 3(1) nó go bhfuil postas íoctha ar bhealach eile atá inghlactha ag An Post.
11.  Ciallaíonn “Deimhniú Postála” admháil eisithe ag An Post maidir le Paicéad Poist, agus áirítear leis admháil atá fhormhuinithe ag An Post ar Leabhar Postála de bhun Coinníoll 20(20(2)(5).
12. Áirítear le “Muirear” postas, suim phostais, praghas, dleacht, táille nó ráta postais.
13. Ciallaíonn “Bonn Airgid” bonn airgid agus áirítear leis boinn de gach cineál, dlíthairgthe sa Stát nó in áit eile nó a mhalairt.
14. Tá an chaill a ndéantar foráil dó in Achtanna na gCuideachaí 2014 le “Rúnaí Cuideachta”
15. Ciallaíonn “ComReg” am Coimisiún um Rialáil Cumarsáide.
16. Ciallaíonn “Coinsíneoir” duine duine a thugann Postphaicéad chuig An Post lena tharchur tríd an bpost agus folaíonn sé seoltóir, soláthraí seirbhíse poist (de réir bhrí Acht 2011) agus riarachán poist eachtrach ach ní fholaíonn sé duine a thugann Paicéad Poist chuig An Post le seachadadh má tá an duine sin:      
1.    ina ghníomhaire de An Post d’fhonn Seirbhísí Poist a sholáthar, nó
2.  ag soláthair seirbhísí iompair do An Post.
17. Ciallaíonn “Údarás Custam” na Coimisinéirí Ioncaim agus, maidir le dlínsí seachas an Stáit, aonán den dlínse sin atá cumasaithe de réir dlí chun réimeas cumas a riar d’fhonn iompórtálaithe agus easpórtálaithe a rialú agus dleachtanna agus tobhaigh a bhailiú thar ceann an dlínse sin.
18. Ciallaíonn “Comhairleoir Sábháilteachta Earraí Contúirteacha” duine a bhfuil Deimhniú Oiliúna iomchuí aige arna eisiúint ag Institiúid Chairte Lóistíochta agus Iompair na hÉireann nó cáilíocht choibhéiseach arna eisiúint i mBallstát den Aontas Eorpach.
19. ciallaíonn “Reachtaíocht um Chosaint Sonraí” an Treoir Ghinearálta um Chosaint Sonraí (Rialachán 2016/679) agus an Treoir um Chosaint Sonraí (Treoir 2016/680).
20. ciallaíonn “Meáchan Toiseach” fad x leithead x doimhneacht (i gceintiméadair) roinnte ar 6000 i gcileagraim.
21. ciallaíonn “Stiúrthóir” stiúrthóir mar atá sainmhínithe in Achtanna na gCuideachtaí 2014.
22. Ciallaíonn “Cáipéisí” earraí a bhfuil téacs lámhscríofa, clóbhuailte nó clóite ar:
1.  pháipéar, phár, veilleam nó ábhar cosúil; nó
2.  i bhfoirm leictreonach, ar agus/nó in-aisghabhála, go díreach nó go hindíreach, ó aon fhearas stórála meán, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d’aon chineál ríomhaire, eochair USB, CDanna, DVD agus/nó aon fhearas eile atá in ann inneacharagus/nó cáipéisí a stóráil
23. Ciallaíon “An Eoraip” an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann agus na hEilvéise agus cinn scríbe atá liostaithe sa Chéad Sceideal.
24. Ciallaíonn “Airm Tine” airm tine mar atá sainmhínithe in Alt 4(i) d’Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheacha 1990.
25. Ciallaíonn “Stampa Poist Dlítheanach” aon mhacasamhail nó aithris nó léiriú ar aon stampa nó cló frainceála chun aon ráta nó dleacht postais a chur in iúl cibé acu de chuid an Stáit nó aon tír nó Stát eile nó aon soláthraí seirbhíse poist eile.
26. Ciallaíonn “Eachtrach” nuair a úsáidtear é maidir le haon Phaicéad Poist nó in aon chur síos air earra atá postáilte sa Stát agus seolta chuig áit lasmuigh den Stát.
27. ciallaíonn “Cló Freainceála” an marc clóite poist a dhéanan Meaisín Freainceála Poist ina n-áiritear an Muirear, an dáta postála agus d’fhéadfadh cló Dísle Sluáin a bheith áirithe ann chomh maith.
28. Ciallaíonn “Giorta” 2 x (doimhneacht móide leithead).
29. Ciallaíonn “Seodra”: -
1.    ór, airgead nó platanam nó miotal lómhar eile i bhfoirm mhonaraithe, is é sin, i bhfoirm ina bhfuil luach curtha leis an amhábhar ag ceardaíocht sciliúil, agus áirítear leis aon Bhoinn Airgid a úsáidtear nó a shonraítear le haghaidh críocha ornáide;
2.   diamaint agus clocha lómhara;
3.   uaireadóirí, a bhfuil a gcásanna comhdhéanta go hiomlán nó den chuid is    mó d’ór, airgead nó platanam nó miotal lómhar eile; agus
4.   aon earra comhchosúil a bhfuil luach intreach nó indíolta aige, seachas an cheardaíocht.
30. Ciallaíonn “Litir Mhór” Paicéad Poist (nach litir é) le  Toise Íosta 90 milliméadar x 140 milliméadar x 0.18 milliméadar le lamháltas 2 mhilliméadar agus Uasmhéid 300 milliméadar x 400 milliméadar x 25 milliméadar le meáchan uasta 500 gram.
31. Ciallaíonn “Litir” Paicéad Poist laistigh de na toisí a leanas:
1.    Toisí Íosta 90 milliméadar x 140 milliméadar x 0.18 milliméadar le lamháltas 2 mhilliméadar agus Toisí Uasta 235 milliméadar x 162 milliméadar x 5 milliméadar agus meáchan nach mó ná 100 gram.
32. Ciallaíonn “MailMinder” áis chun Paicéid Phoist a choinneáil le linn an seolaí a bheith as láthair le fógra roimh ré óna t(h)each nó áitreabh agus an seachadadh a dhéantar tar éis dó/di filleadh.
33. Ciallaíonn “Paicéad” Paicéad Poist (nach Cárta Poist, Litir ná Litir Mhór é) le Toisí Íosta 70 milliméadar x 100 milliméadar x 25 milliméadar le lamháltas de 2mm agus Toisí Uasta faid, leithead agus doimhneachta le chéile de 900 milliméadar; le lamháltas 2 milliméadar agus toise is mó nach mó é ná 600 milliméadar le lamháltas 2 milliméadar (I bhfoirm rolla; fad agus dhá oiread trastomhais, 1040 milliméadar, toise is mó nach mó ná 900 milliméadar) le lamháltas 2 milliméadar agus meáchan uasta de 2 cileagram.
34. Ciallaíonn “Beartán” Paicéad Poist (nach Cárta Poist, Litir, Clúdach Mór nó Paicéad é) la fad uasta 1.5 méadar ar choinníoll nach sáraíonn an fad agus an giorta le chéile 3 mhéadar le lamháltas 2mm agus nach bhfuil meáchan níos mó ná 10kg nó 10kg Toiseachmheáchan cibé acu is lú.
35. Ciallaíonn “Airgead Páipéir”:
1.    ótaí dlíthairgthe; nótaí ó aon bhanc eisiúna, nó nótaí is airgeadra, in Éirinn nó in aon tír nó stát eile;
2.   orduithe airgid poist nó dréachtanna airgeadra Eachtrach;
3.   stampaí postais nó ioncaim neamhscriosta, bíodh siad cabhraithe nó greamaitheach;
4.   billí státchiste, billí post bainc, billí malairte, nótaí gealltanais, dearbháin, seiceanna, nótaí creidmheasa a thugann teideal don sealbhóir airgead nó earraí a fháil agus gach ordú agus údarás chun airgead a íoc, cibé acu soshannta nó nach bhfuil; nó
5.   bannaí, cúpóin, agus urrúis ar airgead, cibé acu soshannta nó nach bhfuil.
 
 36. Ciallaíonn “Meaisín Frainceála Poist” meaisín frainceála d’aon chineál a cheadóidh An Post go sonrach ó am go ham, atá deartha chun íocaíocht postais agus táillí, muirir agus suimeanna eile is iníoctha leis An Post a chur in iúl, trí bhíthin Cló Freainceála agus áiritear leis aon méadar a úsáidtear i Meaisín Freainceála Poist nó i ndáil leis agus ruaimeanna a úsáidtear i Meaisín Freainceála Poist.
37. Ciallaíonn “Paicéad Poist” Paicéad Poist mar atá sainmhínithe in Alt 6(1) d’Acht 2011.
38. Ciallaíonn “Seirbhís Bosca OP” an tSeirbhís a bhfuil cur síos uirthi i gCoinníoll 24.
39. Ciallaíonn “Seirbhísí Poist do na Daill” Litreacha, Litreacha móra, Paicéid (lena n-áirítear Paicéid Phoist Eachtrach nach mó ná 7 gcileagram) agus Beartáin (seachas Beartáin Eachtracha) nach meánn níos mó ná 7 gcileagram agus ina bhfuil na hearraí atá liostaithe sa Cheathrú Sceideal.
40. Ciallaíonn “Cárta Poist” cárta atá sách teann le próiseáil a sheasamh gan stró a bhfuil a fhad ar a laghad cothrom lena leithead méadaithe faoi 1.4 agus a bhfuil toisí íosta 90 milliméadar x 140 milliméadar x 0 .18 milliméadar aige, le lamháltas 2 millimédar agus Toisí Uasta de 235 milliméadar x 162 milliméadar x 5 milliméadar le lamháltas 2 milliméadar agus meáchan uasta de 100 gram agus, ach amháin má éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ina bhfuil Cárta Poist Freagartha áirithe leis.
41. Ciallaíonn “Leabhar Postála” leabhar taifid caighdeánach réamhphriontáilte a sholathródh An Post ar féidir leis an gCoinsíneoir é a úsáid chun sonraí seoltaí na bPaicéad Poist a sheoltar ag úsáid seirbhísí An Post a thaifeadadh.
42. Ciallaíonn “Oifig an Phoist” oifig poist mar a shainmhínítear in Alt 6(1) d’Acht 2011.
43. Ciallaíonn “Post Restante” an áis chun oifig poist a úsáid mar sheoladh seolaí.
44. Is seirbhís é “Seirbhís Atreoraithe” chun poist a atreorú ón seoladh a bhfuil sé seolta chuige go seolaí eile.
45. Ciallaíonn “Paicéad Poist le Cruthúnas Cláraithe ar Sheachadadh” Paicéad Poist a cláraíodh de réir Choinníoll 20.
46. Ciallaíonn “Sceideal Muirear” an liosta Muirear a fhoilsíonn An Post ó am go     ham ar anpost.com agus de réir cibé meán a ordaíonn ComReg.
47. Ciallaíonn “Dísle Sluáin” an dísle a úsáidtear i Meaisín Freainceála Poist ina bhfuil ábhar fógraíochta, sluáin nó seoladh fillte.
48. ciallaíonn “Stát” Poblacht na hÉireann.
49. Ciallaíon “UN3373” rangú na Náisiún Aontaithe a bhfuil Substaintí Bitheolaíocha ADR Catagóir B sannta dó de bhun Alt 2.2.62 de imleabhar 1 den ADR mar a leasaitear ó am go ham, seachas saothráin nó dramhaíl chliniciúil.
50. ciallaíonn “Coinbhinsiún Poist Uilechoiteann” coinbhinsiúin an Aontais Poist Uileachoiteann. (Tá faisnéis ar fáil ag http://www.upu.int/en/the-upu/the-upu.html
51. ciallaíonn “Aontas Poist Uilechoiteann” sainchomhlacht na Náisiún Aontaithe a bhfuil cur síos níos iomláine ar fáil ag http://www.upu.int/en/the-upu/the-upu.html
52. Ciallaíonn “CBL” Cáin Bhreisluacha.
53. Ciallaíonn “Lá Oibre” Dé Luain go dtí Dé hAoine gan Laethanta Saoire Poiblí agus na laethanta a leanas a áireamh:
1.    Aoine an Chéasta
2.   Luan tar éis lá saoire poiblí a thiteann ar an Sathairn nó an Domhnach;
3.   Oíche Nollag; agus
4.   an chéad lá tar éis Lá Fhéile Stiofáin a bheadh ina Lá Oibre seachas sin laistigh de bhrí an tsainmhínithe seo
5.   agus laethanta nach féidir seirbhís(í) poist a sholáthar mar a bhíonn fógraithe ag An Post.
54. Ciallaíonn “Admháil i Scríbhinn” admháil i bhfoirm atá sainordaithe ag An Post agus       
      áirítear leis síniú ar fhearas leictreonach.
55.  ciallaíonn “Úsáideoir” seoltóir nó seolaí Phaicéad Poist.
2.      Beidh an chiall chéanna ag focail atá sainmhínithe sa Reachtaíocht um Chosaint Sonraí sna Téarmaí agus Coinníollacha seo.
 
 
 
 
 
 
AN CHÉAD SCEIDEAL
 
Liosta Cinn Scríbe Eorpacha
(*Féach Coinníoll 30(23))
 
 
 
An Albáin, Andorra, An Airméin, An Asairbaiseáin, An Bhealarúis, An Bhosnia An Heirseagaivéin, An Chróit, Oileáin Fharó, An tSeoirsia, Giobráltar, An Ghraonlainn, An Chasacstáin, An Chosaiv, An Chirgeastáin, An Mhacadóin (Iar-Phoblacht Iúgslávach), An Mholdóiv, Montainéagró, An Rúis, San Mairíne, An tSeirbia, Spitzbergen, An Táidsíceastáin, An Tuirc, An Tuircméanastáin, An Úcráin, Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann, An Úisbéiceastáin, Stát Chathair na Vatacáine.  
 
 
 
AN DARA SCEIDEAL
 
Liosta d’earraí toirmiscthe
(Féach Coinníoll 4)
 
1.             Tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas sa Sceideal seo
1.          Ciallaíonn "ADR Catagóir A" substaintí Catagóir A mar atá sainmhínithe in alt 2.2.62 d'imleabhar 1 den ADR mar a leasaítear ó am go ham atá sainmhínithe mar Shubstaint Thógálach atá in ann míchumas buan, galar a bheadh ina chúis báis nó a bheadh marfach do dhaoine nó dainmhithe nuair a tharlaíonn nochtadh.
2.         Ciallaíonn "ADR Catagóir B" substaintí Catagóir B mar atá sainmhínithe in alt 2.2.62 de imleabhar 1 den ADR mar a leasaítear ó am go ham agus atá sainmhínithe mar shubstaint thógálach nach sroicheann na critéir lena n-áireamh in ADR Catagóir A.
3.         Ciallaíonn "Substaint Bhitheolaíoch, Catagóir B" aon Substaint Thógálach atá sainithe i leith UN 3373 den ADR.
4.         Ciallaíonn "Dramhaíl Chliniciúil" ábhair dramhaíola a eascraíonn as cóireáil míochaine ainmnithe nó daoine nó ó bhith-thaighde.
5.         Ciallaíonn "Saothráin" toradh phróiseas trína ndéantar paitigin a aimpliú nó a iomadú d’honn tiúchain arda a ghiniúint, agus dá réir sin riosca ionfhabhtaithe a mhéadú nuair a tharlaíonn nochtadh dóibh.  Tagraíonn an sainmhíniú seo do shaothráin a ullmhaíodh le hintinn paitigin a ghiniúint agus ní áirítear leis saothráin a mbaineann cuspóirí diagnóiseacha agus cliniciúla leo.
6.         Ciallaíonn “Substaintí Ionfhabhtaíocha” substaintí a bhfuil sé ar eolas nó a bhfuiltear ag súil le réasún go bhfuil Pataiginí iontu, lena n-áirítear substaintí ionfhabhtaíocha a théann i bhfeidhm ar dhaoine, substaintí ionfhabhtaíocha a théann i bhfeidhm adhaoine agus ainmhithe, substaintí ionfhabhtaíocha a théann i bhfeidhm ar ainmhithe amháin, Dramhaíl Chliniciúil agus eiseamail bhitheolaíocha;
7.         Ciallaíonn "Paitigin" miocrorgánaigh (lena n-áirítear baictéir, víris, ricéitsia, seadáin, fungais agus gníomhairí eile ar nós prióin ar féidir leo a bheith ina gcúis galair i ndaoine agus in ainmhithe.
2.            Ní cheadaítear na hearraí a leanas a chur le Paicéad Poist:
1.          aon chló, péintéireacht, grianghraf, liotagraf, scannán cineamatagrafach, greanadh, leabhar nó cárta mígheanasach nó gáirsiúil, nó aon earra mígheanasach nó gáirsiúil eile, cibé acu a bhfuil siad cosúil leo sin thuas nó nach bhfuil;
2.         a mbeidh aon fhocail, marcanna, nó dearaí de chineál mígheanasach, gáirsiúil nó atá thar a bheith maslach air, nó ar a chlúdach;
3.         atá comhdhéanta de, nó ina bhfuil:
1.          Substaint chontúireach, tocsaineach, nimhnach nó ionfhabhtaíoch; seachas Substaintí Bitheolaíocha, Catagóir B á malartú idir seoltóirí aitheanta oifigiúla mar a chinneann An Post nó údarás inniúil an tseoltóra nach raibh á iompar ar muir nó san aer roimhe seo; agus atá pacáilte le lipéad de réir Treoracha Pacála ADR P650; nó
2.         ábhar pléascach de chineál ar bith;
3.         aon dramhaíl, salachar nó bruscar (lena n-áirítear dramhaíl tí);
4.         airm tine; airm tine; ordanás míleata, macasamhail airm tine, macasamhail nó gairis phléascacha támha  
5.         Péintdhíobhaigh;
6.         substaintí ocsaídiúcháin nó sárocsaídí orgánacha;
7.          gáis chomhbhrúite leachtaithe nó thuaslagtha;
8.         oighear tirim;
9.         solaid nó leachtanna inadhainte;
10.       ábhair atá i mbaol dócháin spontáineach;
11.        péinteanna, vearnaisí, ruaimeanna;
12.        ábhair radaighníomhacha (ach amháin faoi cheadúnas);
13.        créatúir bheo agus glasraí;
14.        drugaí forordaithe nó contúirteacha (ach amháin faoi cheadúnas reachtúil);
15.         ábhair mhearcair a mheastar a bheith mídhleathach nó toirmiscthe ag aon údarás rialtais;
16.       ábhair orgánacha nó bhitheolaíocha ar dóigh dóibh éag faoi bhealach;
17.        ionstraimí géara nach bhfuil cosanta i gceart; 
18.       aon substaint díobhálach nó dochrach;
19.       aon earra nó rud ar dóigh dó díobháil a dhéanamh d’aon Phaicéad Poist eile le linn iompair leis an bpost nó le haon ghabhdán ina n-iompraítear an rud sin nó le hoifigeach de chuid an Phoist nó aon duine eile a fhéadfaidh déileáil leis an bPacáiste Poist nó leis an trealamh poist nó le maoin tríú páirtí;
20.      ina bhfuil aon earra atá faoi dhliteanas dleachta custaim mura gceadaíonn an tír a bhfuil an Paicéad Poist allmhairiú na n-earraí sin leis an bpost agus go bhfuil lipéad custaim san fhoirm fhorordaithe greamaithe ar an bPaicéad Poist;
21.        earraí brionnaithe nó bradacha.
22.       boinn airgid;
23.       aon doiciméad, miotal lómhar, airgeadra, urrús, earraí (lena n-áirítear stampaí) nó earra eile, tráchtearra, nó rud a bhfuil a onnmhairiú nó a allmhairiú faoi réir rialaithe, srianta nó toirmisc faoi aon dlí de chuid an Stáit nó aon Stáit eile atá i bhfeidhm de thuras na huaire, ach amháin, a mhéid a údaraítear onnmhairiú nó allmhairiú (de réir mar a bheidh) de réir fhorálacha an dlí sin,
24.       Pas mura bhfuil sé i bPacáiste Poist Cláraithe Intíre a mheánn níos lú ná 2kg, nó
25.       Earraí atá toirmiscthe i bhFógraí Eitlíochta Údarás Eitlíochta Éireann nó ag Roinn Rialtais nó comhlacht rialála. Ar choinníoll nach dtoirmiscfidh aon ní i gCoinníoll 2(c) den Sceideal seo míreanna nach bhfuil iontu ach cainníochtaí teoranta earraí contúirteacha mar a mhínítear san ADR; nó earraí contúirteachta pacáilte i gcainníochtaí eiscthe mar atá sainmhínithe i ADR an Phaicéad Poist.
3.            Ar Phaicéad Poist:
1.          beidh Dearbhú Custam nó Slándáil Eitlíochta maidir lena ábhar, nuair a éilítear é sin a dhéanamh;
2.         ní bheidh aon Stampa Poist Dlítheanach nó aon chló góchumtha de mheaisín stampála nó de Mheaisín Freainceála Poist nó lipéad faoir threoir nó ag cur in iúl go bréagach go bhfuil an Muirear postais íoctha nó nach bhfuil sé dlite;
3.         ní chuirfear in iúl go bhfuil sé réamhíoctha le haon mharc, stampa, lipéad nó cló ó mheaisín stampála nó ó Mheaisín Freainceála Poist a bhí úsáidte roimh ré chun Muirir a réamhíoc maidir le haon Phaicéad Poist eile;
4.         gan aon fhocail, litreacha, lipéid nó marcanna a bheith air nó ar a chlúdach (a úsáidtear gan údarás cuí) a chuirfeadh in iúl nó a thabharfadh le tuiscint, nó a bhféadfadh faighteoir a chreidiúint, gur duine seachas an seoltóir a sheol an Paicéad Poist;
5.         nach bhfuil aon fhoirm dá leithéid ann nó é a bheith ullmhaithe le cur tríd an bpost nó aon fhocail, marcanna nó dearaí de chineál ar dóigh dóibh náire a chur ar oifigigh An Post agus iad ag déileáil leis an bPacáiste Poist air nó ar a chlúdach;
6.         ní bheidh aon ní scríofa, clóite, nó curtha ar shlí eile nó ceangailte leis ar aon chuid den taobh sin den Phost-Phacáiste a chuirfeadh isteach ar an seoladh seachadta a léamh go héasca agus go gasta, nó trí ghaireacht mhíchaoithiúil leis an stampa nó leis na stampaí a úsáidtear chun Muirir a íoc, nó ar aon slí eile, is dóigh ann féin, nó sa tslí a scríobhtar, a chlóbhuailtear, a bhreathnaítear, nó a ghabhann leis, a chuirfeadh bac ar oifigigh an Phoist agus iad ag déileáil leis an  bPaicéad Poist sin nó
7.           gan a chlúdach nó an chuid de atá curtha in áirithe don seoladh roinnte ina ranna ar leith chun seoltaí comhleanúnacha a chur isteach nó chun marcanna nó dearaí neamhúdaraithe a bheith air.
4.            Ní bheidh na hábhair a leanas i bPaicéid Phoist a sheoltar chuig cinn scríbe lasmuigh den Stát nó de Thuaisceart Éireann:
1.             aerasóil;
2.             tonóir agus cartúis dhúigh;
3.             leachtanna d’aon chineál (lena n-áirítear uisce, alcól, glóthaigh, uachtair, lóis iarbhearrtha agus cumhráin).
 
 
 
 
AN TRÍÚ SCEIDEAL
 
Earraí Eisiata ó chúiteamh faoi Sheirbhís Chláraithe Eachtrach (Féach Coinníoll 21(1)(4)
 
 
1. Airgead tirim, lena n-áirítear Airgead Páípéir agus boinn airgid;
2. Dréachtaí Bainc;
3. Dearbháin le haghaidhluach airgid (seachas stampaí poist);
4. Pasanna;
5. Seodra;
6. Miotail lómhara ar nós platanam, ór nó airgead.
 
 
 
 
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
(Féach Coinníoll 18)
 
 
Earraí atá ceadaithe i Seirbhísí Poist do na Daill.
 
1.             I bPaicéid Phoist a phostáiltear le seachadadh laistigh den Stát:
1.          leabhair agus páipéir (lena n-áirítear litreachc chuig nó ó dhaoine dalla), clóite nó ullmhaithe ar bhealach eile le húsáid ag na daill;
2.         dioscaí ríomhaire agus dlúthdhioscaí a ullmhaíodh do dhaoine dalla/gearr-radharcacha);
3.         fuaimthaifead cainte, físe (le tráchtaireacht bhreise) agus meáin leictreonacha);
4.         Leabhair labhartha agus nuachtáin labhartha ar taifid iad de shliochtanna as leabhair, irisí, nuacháint, tréimhseacháin nó foilseachtáin chlóite eile, gan cláir siamsíocht atá ar fáil ar raidió nó ar thaifid san áireamh.
5.         páipéar postáilte chuig aon duine le bheith clóite nóullmhaithe amhlaidh;
6.         léarscáileanna rilífe);
7.          meaisíní, frámaí agus fearais chun clónna a dhéanamh le húsáid ag na daill;
8.         Frámaí agus feistis scríbhneoireachta pinn luaidhe
9.          Clár braillette agus pionnaí miotail a ghabhann leo;
agus
10.      Fearas teagaisc Debraille)
2.            Na hábhair seo a leanas a sheolann nó a fhaigheann daoine nó forais a mbeadh socruithe speisialta déanta acu chun sástacht An Post, más gá, maidir le tarchur an ábhair sin:
1.          cluichí, lena n-áirítear cluichí cártaí, atá deartha nó oiriúnaithe go speisialta le haghaidh úsáid na ndall;
2.         gléasanna agus fearais matamaiticiúla atá deartha go speisialta nó oiriúnaithe le haghaidh úsáid na ndall;
3.         taifid ghutha ar dhioscaí, scannáin, téip nó sreang;
4.         plátaí miotail clóite nó seolta le cló le haghaidh úsáid na  ndall;
5.         rapair agus lipéid le húsáid ar Phaicéid Phoist do na daill, i soláthar builc;
6.         uaireadóirí, cloig agus uaineadóirí braille atá táirgthe nó oiriúnaithe go speisialta le húsáid ag na daill;
7.          uirlisí, áiseanna agus ionstraimi beachta atá deartha nó oiriúnaithe go speisialta le húsáid ag na daill;
8.         rialóirí agus tomhais atá deartha nó oiriúnaithe go speisialta le húsáid ag na daill; agus
                9.             maidí siúil rannacha nó infhillte le húsáid ag na daill;
3.            I bPaicéid Phoist do na Daill nó do Ghearr-radharcaigh chuig cinn scríbe Eachtracha;
4.            D’fhéadfadh go n-áireofaí ar Phaicéid Poist do Dhaill nó do Ghearr-Radharcaigh chuig Cinn scríbe Eachtracha litreacha ar a bhfuil scríbhinn a úsáideann na daill, a phostáiltear, gan séala, agus plátaí ar a bhfuil na carachtair scríbhneoireachta a úsáideann na daill, mar atá sonraithe thíos:
1.              comhfhreagras, litríocht i bhformáid ar bith lena n-áirítear taifid fuaime ar an gcoinníoll 
go bhfuil siad seolta chuig nó ó eagraíocht do na daill nó seolta chuig nó dhuine dall;
2.             trealamh nó ábhair d’aon chineál atá déanta nó oiriúnaithe le cabhrú le daoine dalla fadhbanna na daille a shárú, lena n-áirítear earraí amhail dlúthdhioscaí atá oiriúnaithe go speisialta, trealamh scríbhneoireachta braille, uaireadóirí braille, cána bána agus trealamh taifeadta, ar choinníoll go seoltar iad chuig nó ag eagraíocht do na daill nó chuig nó ag duine dall.
 
 
 
 
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL
 
 
NÓS IMEACHTA GEARÁN (Féach Coinníoll 13)
 
Aiseolas agus Gearáin
 
Táimid tiomanta in An Post don leibhéal seirbhíse is airde is féidir a sholáthar duit. Má dhéanaimid botún, nó mura mbíonn ár seirbhís chomh maith is a bhí tú tú ag súil leis, ba mhaith lenár bhfoireann Seirbhísí Custaiméara a fháil amach. Conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh le gearán a dhéanamh?
Ar an Teileafón
Glaoigh ar Seirbhísí Custaiméara ar 01 705 7600 Luan go hAoine idir 9.00am agus 5.30pm.
 
Sa Phost
Cuir litir agus/nó foirm fhiosraithe ábhartha, saor in aisce chuig:
An Post
Seirbhísí Custaiméirí
Ard-Oifig an Phoist
Sráid Uí Chonaill Íochtar
Saorphost
Baile Átha Clith 1 D01 F5P2
Ar líne
Téigh chuig https://forms.anpost.ie/enquiry  
 
Scálaí ama duit chun gearán a dhéanamh
I bhfianaise na gcainníochtaí ollmhóra poist a láimhseáilimid, tá ár n-imscrúduithe maidir le gearáin teoranta do scálaí ama áirithe. Le bheith bailí, ní mór dúinn gearán a fháil laistigh de na scálaí ama seo a leanas:

  • Post faighte laistigh d’Éirinn: Aon mhí amháin ón dáta a fuarthas an t-earra.

  • Post postáilte laistigh d’Éirinn: Trí mhí ó dháta postála an earra.

  • Post idirnáisiúnta: Sé mhí ó dháta postála an earra.

  • Gearáin nach mbaineann le post: Aon mhí amháin ón fhadhb is cúis leis an ngearán.

 
Ár Scálaí Ama chun do ghearán a réiteach
Mar chéad chéim chun gearáin a láimhseáil nó sa chás go n-ainmnítear fiosrúchán mar ghearán foirmiúil níos déanaí, seolfaimid litir admhála tríd an bpost laistigh de thrí lá oibre tar éis é a fháil, ina mbeidh uimhir thagartha fiosrúcháin uathúil. D’fhéadfadh an uimhir seo a bheith úsáideach má tá fiosruithe ar leith nó faisnéis bhreise agat maidir leis an ngearán níos déanaí.
Cé go bhfuil sé mar aidhm againn i gcónaí do ghearáin a réiteach laistigh de 10 lá oibre, ciallaíonn an líon ollmhór poist a sheolaimid (os cionn 2.5 milliún píosa gach lá oibre) nach féidir é seo a dhéanamh i gcónaí. Geallaimid, áfach, do ghearáin a réiteach laistigh de na scálaí ama seo a leanas:

  • Post laistigh d'Éirinn: 30 lá féilire.

  • Post ó/chuig an Eoraip, Ceanada, An Nua-Shéalainn, An Astráil agus tíortha áirithe eile: 40 lá féilire*.

  • Post chuig gach ceann scríbe eile: 60 lá féilire nó níos luaithe*.

* Bíonn níos mó ama ag teastáil chun gearáin maidir le seirbhísí chuig nó ó thar lear a réiteach mar go gcaithfimid brath ar an fhaisnéis a thagann ó dhlínsí poist eile.
Beidh níos mó ama ag teastáil chun líon an-bheag gearán a réiteach ná mar atá imlínithe thuas. Má tharlaíonn sé seo, coinneoimid ar an eolas tú. D’fhéadfá freisin a bheith i dteideal €15 a fháil uainn má theipeann orainn gearán a réiteach laistigh de na scála ama atá geallta againn.
Cad a tharlaíonn mura mbíonn tú sásta leis an gcaoi ar láimhseáladh do ghearán?
Aighne Custaiméirí An Post
Mura réitítear do ghearán chun do shástachta, nó má bhíonn deacracht agat an bealach ar réitíodh é a thuiscint, féadfaidh tú iarraidh go ndéanfadh Aighne Custaiméirí An Post athbhreithniú air. Soláthraíonn an tAighne Custaiméirí athbhreithnithe neamhspleácha saor in aisce ar ghearáin chun cabhrú le réitigh neamhchlaonta a bhaint amach. Ní mór gearán a chur ar aghaidh chuig an Aighne laistigh de 30 lá féilire ón bhfreagra deiridh.
 
Sa Phost
Seol sonraí d’fhiosraithe maraon le sonraí cruinne na bhfadhbanna atá faoi chaibidil, cóipeanna gach cáipéise agus uimhir thagartha an cháis a bhaineann le do ghearán saor in aisce chuig:
Aighne na gCustaiméirí, Saorphost, An Post, Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Iochtar, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2
 
Ar líne
Comhlánaigh foirm ar líne ag https://www.anpost.com/Help-Support/Customer-Advocate-Form
 
Eiseoidh an tAighne cinneadh laistigh de 30 lá ón ngearán a fháil, ag leagan amach na cúiseanna atá taobh thiar den chinneadh. Má chinneann an tAbhcóide i bhfabhar an ghearánaigh, d’fhéadfadh cúiteamh suas le €30 a bheith iníoctha nó féadfar gníomh praiticiúil éigin eile a mholadh.
 
Gníomhaireachtaí Seachtracha
Mura bhfuil tú sásta leis na céimeanna atá glactha ag An Post chun do ghearán a réiteach, nó le torthaí ár n-imscrúduithe, is féidir leat cúnamh a lorg ó roinnt gníomhaireachtaí seachtracha chun cabhrú leat le hachomhairc. Is iad seo:
An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg)
1, Dockland Central, Sráid na nGildeanna, Baile Átha Cliath 1, D01 E4X0 Teil: +353 1 804 9600, ríomhphost: consumerline@comreg.ie
 
An Chúirt Mionéileamh
Déan teagmháil leis an Oifig Mionéileamh i do dhúiche.
Téigh chuig www.courts.ie
Cúiteamh ar son Teip na Seirbhíse
Post Caighdeánach
Íocfaidh An Post cúiteamh as earraí a chailltear, a ndearnadh damáiste dóibh nó a bhfuil moill mhór orthu sa phost (7 lá laistigh d’Éirinn; 10 lá le haghaidh earraí idirnáisiúnta). D’fhéadfadh cruthúnas postála cosúil le deimhniú postála a bheith ag teastáil le bheith incháilithe don chúiteamh sin. Go ginearálta, déantar na híocaíochtaí seo i bhfoirm stampaí dea-mhéine agus ní chlúdaíonn siad níos mó ná costas postais agus costais a bhaineann go díreach leis na hearraí.
Post Cláraithe
Tá clúdach árachais ar fáil ag an tseirbhís Phoist Chláraithe a dheimhnítear ag an tír cheann scríbe. Cuirtear an clúdach seo i ngníomh trí luach cruinn an ábhair a dhearbhú tráth postála. Ar mhuirear breise, is féidir árachas breise a cheannach freisin. Ní mór duit luach ábhar do phíosa poist a dhearbhú tráth postála, le bheith cáilithe chun cúiteamh os cionn an gnáth- €25.00 a éileamh.
Gearáin a Thaifeadadh
Cuirtear achoimre ar líon na ngearán a fuarthas sa bhliain de réir catagóire ar fáil ar bhonn bliantúil i dTuarascáil Bhliantúil An Post, atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.
Achoimre ar an Nós Imeachta Gearáin
Sa chás gur tusa an faighteoir b’fhéidir go mbeadh ort sonraí faoin earra a fháil ón seoltóir (m.sh. dáta postála agus an tseirbhís a úsáideadh). Maidir le poist idirnáisiúnta ní féidir le riaracháin poist eile cabhrú lenár bhfiosrúcháin ach amháin má cláraíodh an paicéad.
Céim 1:  Déan teagmháil linn:

  • Sa phost: Seirbhísí Custaiméara An Post, Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtar, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2

  • Teileafón: 01 705 7600 Luan -Aoine, 9.00am - 5.30pm

  • Ar líne: Trí dhul chuig an suíomh https://www.anpost.com/Help-Support/Contact-Us

 
Tabharfar nod duit an tseirbhís ábhartha a roghnú ón mbosca anuas.
Roghnaigh “Seirbhís Poist” agus cuir do theachtaireacht agus do shonraí teagmhála isteach.
Tá teorannacha ama ar ghearáin a dhéanamh. Is iad sin aon (1) mhí amháin tar éis Paicéad a fháil nó trí (3) mhí tar éis Paicéad a phostáil le seachadadh sa Stát nó sé (6) tar éis postála lasmuigh den Stát ach in aon chás déanfaimid iarracht do ghearán a réiteach nuair is féidir.
Céim 2: Faigh Admháil

  • Laistigh de 3 lá oibre, tabharfaimid admháil, i scríbhinn, ar gach gearán a fhaightear.

Céim 3:  Fan ar réiteach

  • Cé go bhfuil sé mar aidhm againn gearáin a réiteach laistigh de 10 lá oibre, geallaimid go réiteofar gearáin laistigh de 30 lá (earraí laistigh d’Éirinn), 40 lá (earraí chuig an gcuid is mó de na cinn scríbe idirnáisiúnta inar féidir modhanna leictreonacha a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh) agus 60 lá (gearáin idirnáisiúnta eile ar fad).

Céim 4: Cúiteamh

  • Tá clúdach árachais ag an tseirbhís Poist Chláraithe atá cinnte ag an tír chinn scríbe. Cuirtear an clúdach seo i ngníomh trí luach cruinn an ábhair a dhearbhú tráth postála.

  • Maidir le hearraí Poist Caighdeánacha íocfaidh An Post cúiteamh mar atá leagtha amach sa treoir seo i leith míreanna a cailleadh, a ndearnadh damáiste dóibh nó ar cuireadh moill shuntasach orthu (7 lá laistigh d’Éirinn; 10 lá i gcás earraí idirnáisiúnta). Beidh sásamh ar son aon chostais a bhaineann go díreach leis áirithe sa chúiteamh.

  • Mura gcomhlíonaimid na hamanna láimhseála uasta atá leagtha amach, féadfaidh íocaíocht €15 a bheith ar fáil duit.

  • Déantar íocaíochtaí cúitimh go ginearálta i bhfoirm stampaí nó seic ar iarratas.

Mura bhfuil tú sásta…
Céim 5 Aighne Custaiméirí An Post

  • Mura bhfuil tú sásta le toradh do ghearáin, agus na nósanna imeachta atá leagtha amach ídithe agat, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAighne Custaiméirí An Post laistigh de 30 lá tar éis an atbhreithniú do ghearáin.

 
Céim 6 Athbhreithniú Seachtrach

  • Má tá tú fós míshásta tar éis chinneadh Aighne Custaiméirí An Post, féadfaidh teagmháil a dhéanamh freisin le ComReg más mian leat go ndéanfaí scrúdú ar an toradh. 

 
 
Mar mhalairt air sin, féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh tríd an gCúirt Mhionéileamh.
 
 
Is é leagan Béarla na scéime an leagan oifigiúil.
 
 
 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service