In An Post aithnímid tionchar ár n-oibríochtaí ar gach contae, pobal, líon tí agus gnó in Éirinn. Táimid ar cheann de na fostóirí is mó, tá ceann de na flíteanna is mó á chothabháil againn, agus tá an líonra miondíola is mó sa tír á fheidhmiú againn. Lenár láithreacht i ngach pobal, ní mór dúinn a chinntiú go bhfágfaimid domhan níos fearr ag na glúnta atá le teacht. Léirítear é seo inár gCuspóir:
Tá sé d'aidhm againn é seo a bhaint amach trí inbhuanaitheacht a neadú in ngach rud a dhéanaimid in An Post. Bíonn an inbhuanaitheacht mar bhonn eolais do gach gné dár ngnó gach lá agus cuireann sé ar ár gcumas sochair a sheachadadh chuig ár bhfostaithe, ár gcustaiméirí agus na pobail a bhfuilimid ag freastal orthu. Táimid ag díriú go háirithe ar:
- Athrú as éadan a dhéanamh ar ár n-oibríochtaí chun diomailt a laghdú, inbhuanaitheacht a fhoinsiú agus éifeachtúlacht a fheabhsú.
- Comhpháirtíocht le ceannairí tionscail d’fhonn nuálaíocht a spreagadh.
- Comhoibriú le daoine eile agus a bhfuil foghlamtha againn a roinnt leo
- Tionchar dearfa a imirt ar ár bpobail agus ár bpláinéad
- A bheith ar thús cadhnaíochta chun maireachtáil inbhuanaithe a scaipeadh in Éirinn.