FAQ's
Má chláraíonn tú le Click & Post is féidir leat
- do shonraí a shábháil le seiceáil amach go tapa
- stair idirbhearta 12 mí a fheiceáil, agus
- Leabhar Seoltaí a chruthú le rochtain ghasta a fháil ar theagmhálacha rialta
Beidh gnéithe nua á gcur againn leis dár gcustaiméirí atá cláraithe.
Is féidir clárú saor in aisce le Click & Post, bíonn muirir chaighdeánacha le haghaidh seirbhísí An Post i bhfeidhm as sin amach.
Is féidir do bheartán a rianú lenár seirbhís Rianú Táirge Scantar d’earra nuair a bhailíonn ár dtiománaí é nó nuair a fhágtar é agus beidh an scan seo le feiceáil inár seirbhís rianaithe. Scantar d’earra arís nuair a sheachadtar é, le tú a chur ar do shuaimhneas go tháinig sé slán.
Le cinntiú go dtagann do bheartán slán sábháilte, lean na noda ar Do bheartán a ullmhú le postáil
Má tá earra á chur ar ais agat, is ceart é a phacáil go cúramach, i bpacáistiú oiriúnach. Má úsáideann tú an pacáistiú bunaigh, déan cinnte go mbeidh na lipéid sheachadta bainte nó clúdaithe agat.
Murar féidir an pacáistiú bunaidh a úsáid, pacáil é den chaighdeán céanna le cinntiú go seolfar d'earraí go slán sábháilte.
Má tá pacáistiú ag teastáil uait le haghaidh d'earraí, seiceáil ár roghanna pacáistithe réamhíoctha áireamh ná stampaí nó lipéid a cheannach.
Is féidir an t-áireamhán postais a úsáid chun costas postála d’earra a sheiceáil. Beidh rogha agat ansin stampaí a cheannach inár siopa ar líne ionas go mbeidh tú in ann an t-earra a phostáil tú féin.
Nó is féidir leat an costas a ríomh agus dul chuig an oifig poist is cóngaraí duit chun an t-idirbheart a chríochnú.
Braitheann an aicme poist lena mbaineann d’earra, agus an costas postála, ar a mhéid agus a mheáchan. Is féidir leis an Treoir um Sheoladh cabhrú leat a dheimhniú an litir, clúdach mór, paicéad nó beartán atá á phostáil agat.
Ní mór do gach rud a sheoltar lasmuigh de Phoblacht na hÉireann a chur trí chustaim le seiceáil an bhfuil toirmisc nó srian air agus le cinntiú go bhfuil an cháin agus an dleacht cheart íoctha.
Le pacáiste a imréiteach, ní mór go mbeadh eolas cruinn ag na custaim ag an gceann scríbe faoin ábhar atá ann. Beidh ort faisnéis áirithe a sholáthar le cabhrú le hoifigigh chustaim an pacáiste a sheiceáil.
Ag braith ar cheann scríbe d’earra, d'fhéadfaí a iarraidh ort an fhaisnéis a leanas a sholáthar do chustaim:
- D'ainm agus do sheoladh
- Ainm agus seoladh an fhaighteora
- Tuairisc mhion ar inneachar d’earra
- Cainníocht
- Meáchan
- Luach
- Aicme an earra
- Faisnéis bhreise
Ní mór do sheoltóirí tráchtála faisnéis bhreise a sholáthar, lena n-áirítear cód taraif* Córas Comhoiriúnaithe (HS) agus tír bhunaidh na n-earraí.
* Is cód táirge-shonrach é an cód taraife mar atá doiciméadaithe sa Chóras Comhchuibhithe (HS) arna chothabháil ag an Eagraíocht Dhomhanda Custaim
Seiceáil Ceisteanna Coitianta Custam le haghaidh freagraí ar na ceisteanna is coitianta a chuirtear maidir le foirmeacha custam a chomhlánú.
Go hidéalach ba cheart duit d’earra a mheá le cinntiú go mbeidh an postas ceart á íoc. Ach má bhíonn deifir ort nó mura bhfuil scálaí meáchain ar fáil duit, cabhróidh ár dTreoir Meáchain leat meáchan earraí a phostáiltear go minic a dheimhniú.
Má sheolann tú earra le postas uireasach dá mhéid nó dá mheáchan, cuirfear ar ais chugat é agus caillfidh tú an postas bunaidh.
Is ceart an lipéad a ghreamú go daingean ar aghaidh d’earra, le téip thrédhearcach le cinntiú go bhfuil sé le feiceáil. Tá barrachód soiléir ag teastáil chun d’earra a rianú, mar sin ná cuir téip thar an mbarrachód agus déan cinnte nach dtagann meath ar an mbarrachód tar éis é a phriontáil.
Nuair a bhíonn an fhaisnéis riachtanach comhlánaithe agat ar líne, tugtar cód ar leith duit i ríomhphost deimhnithe. Is féidir leat é seo a thabhairt leat chuig an oifig poist is cóngaraí duit chun an lipéad a phriontáil agus d’earra a phostáil.
Má tá aischur curtha in áirithe agat le bailiú, ní gá duit an lipéad a phriontáil mar go gcuirfí ár dtiománaí ar fáil é.
Is féidir leat do bheartáin a fhágáil ag aon Oifig poist ar fud na tíre nó i gceann dár locair bheartáin. Is féidir beartáin intíre a fhágáil freisin in ionaid roghnaithe PostPoint
Is féidir leat lipéid iomadúla a cheannach in aon idirbheart amháin le Click & Post. Beidh siad seo go léir áirithe i do ríomhphost deimhnithe
Is tagairt í an uimhir seo d'aon lipéid a ceannaíodh le chéile in aon idirbheart amháin agus is féidir í a úsáid chun tuilleadh faisnéise a fháil fúthu.
Má cheannaíonn tú lipéad ar líne le hearraí luachmhara a phostáil, is féidir árachas a chur lenár seirbhísí Mearphost nó Post Cláraithe. Beidh árachas de réir a luach luaite, atá cothrom lena chostas duitse, ar d’earra.
Má bhíonn aischur á chur in áirithe agat, ní chuirtear árachas ar d’earra go huathoibríoch.
Ón 1 Eanáir, beith athruithe ar an gcaoi a sheolann tú earraí agus a fhaigheann tú siopadóireacht ar líne ón mBreatain.
Tá tuilleadh faisnéise faoi na hathruithe seo ar ár leathanach faoin mBreatimeacht
Tá na roghanna árachais thíos ar fáil le hearraí a sheoladh laistigh d'Éirinn.
|
Seirbhísí Náisiúnta |
Max Insurance Available (Letter/Large Envelope/Packet) Max Weight 2Kg |
Max. Insurance Available (Parcel) Max Weight 20Kg |
|
Caighdeánach Náisiúnta |
No Cover |
No Cover |
|
Mearphost Náisiúnta |
No Cover |
No Cover |
|
Mearphost Náisiúnta Le Síniú agus Árachas |
€350 |
€350 |
|
Cláraithe Náisiúnta |
•€320 •Upgrade to €1500 for an additional €4.50 •Upgrade to €2000 for an additional €5.50 |
•€320 •Upgrade to €1500 for an additional €4.50 •Upgrade to €2000 for an additional €5.50 |
|
Post Cúiréara Náisiúnta |
€350 |
€350 |
|
|
|
|
Tá na roghanna árachais thíos ar fáil le hearraí a sheoladh go hidirnáisiúnta.
|
Seirbhísí Idirnáisiúnta |
Max Insurance Available (Letter/Large Envelope/Packet) Max Weight 2Kg |
Max. Insurance Available (Parcel) Max Weight 20Kg |
|
Caighdeánach Idirnáisiúnta |
No Cover |
No Cover |
|
Mearphost Idirnáisiúnta |
No Cover |
No Service |
|
Cláraithe Idirnáisiúnta |
•Zone 2 - €320 •Zone 3 - €150 •Zone 4 - €35 •Zone 5 - €35 |
•Zone 2 - €320 •Zone 3 - €150 •Zone 4 - €100 •Zone 5 - €100 |
|
Post Idirnáisiúnta Cúiréara |
€350 |
€350 |
|
|
|
|