Skip to main content

Ag seachadadh duitse

Táimid tiomanta do sheirbhís d'ardchaighdeán a fhreastalaíonn ar do chuid riachtanas a thairiscint duit. Chun na críche sin geallaimid:
  •  seirbhísí d'ardchaighdeán dár gcustaiméirí i gcónaí
  •  seirbhísí a sholáthar do gach custaiméir ar bhealach comhionann agus freastal ar a riachtanais éagsúla
  •  go n-éisteoimid lenár gcustaiméirí agus go ndéanfar forbairt dá réir ar ár seirbhísí
  • Faisnéis shoiléir, thráthúil, chruinn a sholáthar
  •  go gcuirfimid beartais agus nósanna imeachta soiléire ar fáil le do ghearán a réiteach go pras

Má bhíonn an tseirbhís a fhaigheann tú míshásúil, leagtar amach inár gcairt seirbhísí do chustaiméirí conas is féidir leat é a chur in iúl dúinn agus úsáidfimid d'aiseolas le feabhsú a dhéanamh. Léigh ár gCairt Custaiméirí (PDF, 1470KB).

Cáilíocht na Seirbhíse

Baineann ár dtiomantas chun seirbhís d'ardcháilíocht a sholáthar le gach rud a dhéanaimid, ó do bheartáin a sheachadadh go pras go próiseáil d'íocaíochtaí.

Déanfaimid ár ndícheall seirbhísí le rochtain éasca, ardcháilíocht agus a fhreastalaíonn ar do chuid riachtanas a sheachadadh.
Is í aidhm ár seirbhísí poist:
  • Praghas iomaíoch
  • Slán agus iontaofa
  • Rialta agus comhsheasmhach
  • De Réimse leathan

Beidh ár ngnóthachtáil á dtuairisciú go bliantúil againn in aghaidh spriocanna feidhmíochta sonracha, lena n-áirítear seachadadh lá arna mhárach ar 94% den phost intíre.

Tá sé d'aidhm againn a bheith éifeachtúil agus cabhrach, agus ár seirbhísí a sheachadadh le cúirtéis, le íogaireacht agus leis an mhoill is lú. Tabharfar ainmneacha teagmhála i ngach gcumarsáid d'fhonn idirbhearta leanúnacha a éascú.

Rochtain agus comhionannais

Táimid tiomanta:
  • do thimpeallacht dhearfa inrochtain a chruthú agus a chothabháil dár gcustaiméirí go léir agus oifigí glana inrochtain a sholáthar a chloíonn le caighdeáin sábháilteachta
  • a chinntiú nach ndéanfar aon leithcheal ar bhun inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéis, creidimh, aoise, míchumais, cine nó ballraíochta den Lucht Siúil.
  • do fhreastal ar riachtanach chainteoirí Gaeilge trí cháipéisí tábhachtacha a fhoilsiú agus ábhar i nGaeilge a chur ar ár suíomh gréasáin agus gach dícheall a dhéanamh le freastal ar chustaiméir ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
  • Meas ar phríobháideacht ár gcustaiméirí, trí chloí lenár bpolasaithe príobháideachta agus um chosaint sonraí agus a chinntiú go mbíonn ár gcumarsáid margaíochta soiléir, cothrom agus cruinn.

Ag éisteacht leatsa

Cuirimid fáilte roimh agus spreagaimid aiseolas faoi na seirbhísí atá á soláthar againn. Ar mhaithe le héascaíocht teagmhála, tá ár sonraí teagmhála ar fáil:
  • I ngach cumarsáid
  • Inár mbrainsí miondíola
  • Ar ár mboscaí poist

Tú a choinneáil ar an eolas

Déanfaimid cinnte go mbeidh faisnéis thábhachtach ar fáil ar bhealach chomh tráthúil agus chomh cuimsitheach agus is féidir. Cuirfimid ar fáil í chomh maith i bhformáidí éagsúla le freastal ar chustaiméirí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Úsáidfimid teanga shoiléir, shimplí agus foirmeacha iarratais agus bileoga faisnéise á ndearadh againn. Cuirfimid ábhar cuimsitheach mínitheach ar fáil faoinár seirbhísí agus leanfaimid ar aghaidh leis an iarracht chun rialacha, rialacháin agus foirmeacha a shimpliú.

Beidh ár suíomh gréasáin suas chun dáta, sothuigthe agus inrochtain dár gcustaiméirí go léir, lena n-áirítear daoine le míchumais amhairc.
I gcás go gcuirtear isteach ar an tseirbhís, tabharfar an t-eolas iomlán is déanaí do na custaiméirí go rialta.

Aiseolas agus Gearáin

Tá sé d'aidhm againn polasaithe agus nósanna imeachta soiléire a sholáthar duit chun do ghearán a réiteach go pras agus beidh nós imeachta inrochtain agus éasca le húsáid le haghaidh gearáin agus aiseolas ann a dtabharfar deaphoiblíocht dó.
1.Comhlánaigh foirm teagmhála ag anpost.com/Cabhair-tacaíocht/Déan-Teagmháil
  1. Comhlánaigh foirm fiosraithe ar líne 
  2. Glaoigh ar Sheirbhís do Chustaiméirí ag 353 (1) 705 7600
  3. Scríobh chuig Seirbhísí do Chustaiméirí, An Post, Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Saorphost, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2

Tuilleadh eolais maidir lenár nósanna imeachta maidir le gearán agus aighneas.

 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service