Táimid an-bhródúil in An Post as an litearthacht a chur chun cinn le comórtais spraíúla léitheoireachta agus scríbhneoireachta. I mbliana, beidh ár gcomórtas dírithe ar ábhar atá tábhachtach dúinn go léir - todhchaí na hÉireann!
Díreofar sa chomórtas scríbhneoireachta
‘Éire níos Sona agus níos Folláine - 2030’ ar an inbhuanaitheacht agus conas is féidir linn go léir a bheith páirteach in athruithe dearfa don todhchaí. Táimid ag iarraidh ar dhaltaí litir a scríobh le hinsint dúinn conas a dhéanfaidís áit chónaithe níos sona agus níos folláine d'Éirinn. A mhúinteoirí, tá níos mó faisnéise ar fáil anseo -
Litir don Mhúinteoir
Féach thíos na duaiseanna iontacha atá le gnóthú.
Is í an Aoine, 24 Márta 2023, an spriocdháta le haghaidh iontrálacha.