Tá An Post bródúil as an litearthacht a chur chun cinn le comórtais spraíúla léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Tá comórtas na bliana seo bunaithe againn ar ábhar atá tábhachtach dúinn go léir - pobail a chothú!
In An Post aithnímid go bhfuil sé de chumas i ngach duine againn athrú agus fás dearfa a chothú inár bpobail féin agus lasmuigh díobh.
Iarraimid ar dhaltaí litir a scríobh le hinsint dúinn cad a dhéanfaidh siad chun fás, folláine agus inbhuanaitheacht a chothú inár dtír dhil féin Éire, agus na síolta a chur do thodhchaí ar féidir linn féin í a mhúnlú agus a bheith bródúil aisti.
Daoine scothaosta agus soghonta inár bpobal a ionchuimsiú, nó laghdú, athúsáid agus athchúrsáil a spreagadh, gairdíní pobail agus leabharlanna a oscailt nó clubanna spóirt agus caitheamh aimsire a bhunú - ba mhaith linn bhur dtuairimí a fháil.
Is féidir na hacmhainní seo a oiriúnú do dhaltaí de gach leibhéal agus aoisghrúpa, ó na Naíonáin Shóisearacha go Rang 6.