Skip to main content

Ár n-aistear i dtreo na hinbhuanaitheachta

Le tamall de bhlianta, tá An Post ag obair le gnó níos inbhuanaithe a thógáil agus cabhrú linn ár gcuspóir a sheachadadh: gníomhú ar son leas an phobail agus cáilíocht na beatha a fheabhsú in Éirinn, anois agus do na glúnta atá le teacht.

Ón gCóras Bainistíochta Fuinnimh ISO 50001 a bhaint amach dár bpunann réadmhaoine i mí Iúil 2013, agus a bheith ar an gcéad chuideachta poist ar domhan le seachadtaí astuithe nialasacha a bhaint amach i gcathracha uile na hÉireann - Baile Átha Cliath, Port Láirge, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Cill Chainnigh, rud a d'fhág nach raibh astuithe sceithphíopa ná truailliú torainn ar bith ann.

Seiceáil ár n-aistear i dtreo astuithe nialasacha faoin mbliain 2030 thíos

 

2022

  • Chloíomar le bearna inscne phá nialasach don dara bhliain as a chéile.
  • Thugamar tacaíocht do theifigh Úcránacha a tháinig go hÉirinn.
  • Tá laghdú de 12% ó bhliain go bliain déanta againn ar astuithe carbóin agus 35% ó 2009 i leith.
  • Ritheann 30% dár bhflít ar fhoinsí malartacha breosla.
  • Dramhaíl nialasach chuig láithreacha líonadh talún don 5ú bliain as a chéile.
  • Rinneamar measúnú ar thionchair agus ar spleáchais a bhaineann leis an dúlra, an chéad cheann dá chineál in Éirinn, chomh maith leis na rioscaí agus deiseanna gaolmhara atá ann don ghnó.
  • Bailíodh níos mó ná €2.1m i síntiúis charthanachta don Úcráin agus don Chraoslach trí líonra na nOifigí Poist.
  • Is sinne an chéad chuideachta in Éirinn a fuair creidiúint ar son clár bliana rannpháirtíochta fostaithe ar inbhuanaitheacht  a reáchtáil.
  • D'éirigh linn ár sprioc i leith soilsiú iomlán tíosach ar fhuinneamh faoi 2022 a bhaint amach.
  • Rangaithe sa tríú háit ar domhan ag Córas Tomhas agus Bainistíochta Inbhuanaitheachta an Chorparáid Poist Idirnáisiúnta.
  • Ainmnithe mar an eagraíocht is creidiúnaí in Éirinn i staidéar RepTrak® 2022 na hÉireann.
  • An chéad ghnó in Éirinn a chláraigh le haghaidh “Beat the Peak”.


2021 

  • An chéad chuideachta in Éirinn a chuir deireadh leis an bhearna inscne phá.
  • An chéad seirbhís poist ar domhan chun stádas seachadta astuithe nialasacha a bhaint amach sna mór-chathracha go léir - Baile Átha Cliath, Port Láirge, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Cill Chainnigh.
  • An chéad chuideachta in Éirinn a bhain triail as HVO (Ola Glasraí Hiodra-Chóireáilte) mar bhreosla flít.
  • Ráta príomha athchúrsála níos mó ná 80% bainte amach.
  • Chláraigh le Prionsabail UNEP FI don bhaincéireacht fhreagrach.
  • Ghnóthaigh muid an Marc Gnó ag Obair le Freagracht, a bhfuil iniúchadh neamhspleách déanta air.
  • Rangaithe ar an 3 Eagraíocht is Inbhuanaithe in Éirinn.

2020

  • D'fhoilsigh an Chéad Thuarascáil Inbhuanaitheachta.
  • Mhéadaigh ár bhflít EV go 1009.
  • Tugadh isteach clúdaigh réamhíoctha atá déanta de phacáistiú 100% athchúrsáilte.
  • Ghnóthaigh ISO 14001  Deimhniú Bainistíochta Comhshaoil
  • Deireadh curtha le conarthaí gan íosmhéid uaireanta.
  • An Mol Glas seolta.
  • Ghlac páirt in SENATOR & ALICE
  • Tograí Fócas Pobail seolta.
  • Chuir tús le córas bainistíochta nua uisce a shuiteáil.
  • Scéim phíolóta athnuachan veaineanna
  • Bhain A- amach in CDP.
  • Rinne laghdú 31% ar dhramhaíl phacáistí ó 2019.

2019

  • An Straitéis Ghnó ailínithe le 5 sprioc forbartha inbhuanaithe tábhachtacha (SDF).
  • An chéad seirbhís poist a dhíbir astaithe carbóin i bPríomhchathair.
  • An chéad chuideachta a ghlac páirt i scéim rialtais atá dírithe ar choillearnach dúchasach a phlandáil.
  • Seoladh an chéad Thuarascáil agus Plean Gníomhaíochta ar Bhearna Phá Inscne.
  • Seoladh an tSeirbhís Pointe Seolta (Address Point).
  • Ghnóthaigh B i dtionscadal nochtú carbóin (CDP).
  • Ghnóthaigh ISO 500001 i mbainistíocht fuinnimh.
  • Úsáid leictreachas 100% in-athnuaite i bhfoirgnimh.
  • Deimhniú Óir IPC EMMS.
  • Soilsiú tíosach ar fhuinneamh suiteáilte i ngach Ionad Poist.
  • An chéad chuideachta Éireannach a chláraigh le Tiomantas na NA don Ghnó le hobair i dtreo arduithe Téamh Domhanda a theorannú go 1.5%.
  • Bhain amach earcaíocht le Cothromaíocht Inscne amach do Chlár Céimithe An Post.
  • Gach soilsiú seachtrach athraithe go LED.
  • Imscaradh 166 feithicil leictreach mar chuid dár bhFlít EV.

2018

  • Bunaíodh Bord Bainistíochta um Chothromaíocht Inscne
  • Dramhaíl Nialasach chuig láithreacha Líonadh Talún.

2017

  • Ghnóthaigh scór 86.6% in Inniúlacht Bhainistíochta Carbóin laistigh de IOC EMMS.
  • Tiomsaigh an obair i gcomhar leis an IPC lenár Spriocanna Comhshaoil agus Laghdú Carbóin a ailíniú le 5 phríomh SDG na NA don Earnáil Poist.

2016

  • Rinneadh forbairt ar chreat tuairisceoireachta ar astuithe carbóin agus ar fheidhmíocht bhainistíocht fuinnimh.
  • Rinneadh óstáil ar an gcéad Ghradam Iriseoireachta Eorpach um Éagsúlacht mar chuid de 7ú Fhóram Bliantúil Cairteacha Éagsúlachta an AE.
  • Suiteáladh ár gcéad phainéal Gréine PV in ionad Seachadta i Muineachán lenár leictreachas féin a ghiniúint.

2015

  • Stádas airgid sna IPC EMMS, san 8ú háit i measc 20 post rannpháirteach ar domhan.
  • Leathadh amach córas monatóireachta fuinnimh náisiúnta.
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service