Skip to main content
Athmhúscailt mhór ón bpaindéim a bhí in ainm a bheith ann, ach is dócha gur fearr cur síos ar 2022 mar chéim éiginnte i dtreo an ghnáthshaoil. Bhí sé deacair an gníomhú i leith na hinbhuanaitheachta a athadhaint agus dlús a chur léi, agus tá Nicola Woods, Príomhoifigeach Bunaithrithe An Post, agus an Fóram um Inbhuanaitheacht le moladh as fíor-dhul chun cinn a dhéanamh.
  • Rinneadh laghdú de 12% ar astuithe i gcomparáid le 2021.
  • Tá An Post rangaithe ar an tríú seirbhís poist is inbhuanaithe ar domhan in innéacs inbhuanaitheachta ag an gCorparáid Poist Idirnáisiúnta.
  • Choinnigh muid an bhearna phá inscne ag nialas.
  • I staidéar Ireland RepTrak® 2022 ainmníodh muid mar an chuideachta is creidiúnaí in Éirinn.
Tá An Post tiomanta d’fheidhmiú de réir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA le tamall de bhlianta inniu, agus tá an creat mar bhonn dár ngníomhartha i gcónaí. Tá an Obair Ghnaíúil i gcroílár gach rud a dhéanaimid: ráthaíocht dea-oibre, le téarmaí agus coinníollacha réasúnta, le taca ó chiste pinsin láidir, a chinntíonn gur féidir le fostaithe An Post páirt iomlán a ghlacadh sa saol laethúil i ngach pobal ar fud na hÉireann. Táimid dírithe anois ar an ilghnéitheacht fhíor a leathnú amach, de réir mar atá Éire ag athrú, ar chomhchéim le dúnadh an bhearna inscne a bhaint amach. Tugtar tús áite don ionadaíocht eitneach agus míchumais. Ach is tábhachtaí ár gcuspóir dár bpobail ná dúinn féin. Le post beartán saor chun na hÚcráine, is í sin an triú ceann sprice is mó le haghaidh beartáin as Éirinn. Bhailíomar €2.1m i síntiúis charthanachta don Úcráin agus d’íospartaigh an phléascáin thragóidigh sa Chraoslach, Co. Dhún na nGall.

Neartaíodh láithreacht An Post i ngach pobal os cionn 500 duine i gcomhaontú cinniúnach idir an Rialtas agus na Máistrí Poist, ina dtugtar aitheantas don tseirbhís ríthábhachtach a chuireann An Post ar fáil. Is í an bhaincéireacht ghníomhaireachta “Do bhanc i d’Oifig Poist” an tiomantas is follasaí i leith na tuaithe in Éirinn, mar go bhfuil 400 den 911 Oifig Poist atá againn lonnaithe i bpobail gan bhanc.

Is nasc ríthábhachtach leis an domhan freisin í an tseirbhís seachadta a rinne an oiread sin chun Éire a choinneáil ag trádáil le linn na paindéime, do gach líon tí agus gnó.  Is féidir cónaí in aon áit in Éirinn agus an rochtain chéanna a bheith agat ar earraí is a bheadh agat i lár Londain nó i Nua Eabhrac. Is dúshlán ollmhór é i gcónaí do An Post mar sin a sprioc maidir le laghdú 50% ar astuithe ónár n-oibríochtaí féin a bhaint amach faoi dheireadh na bliana 2025, agus astuithe neodracha faoi dheireadh 2030.

Déanfar teicneolaíocht nua a fhorbairt, bainfear leas níos mó as sonraí digiteacha agus díreofar ar éifeachtúlacht chun ár sprioc astaithe a bhaint amach. Baineann dúshlán ar leith leis an nGeilleagar Ciorclach agus muid ag obair le slabhraí soláthair chun tionchair dhiúltacha an tionscail ríomhthráchtála ar an inbhuanaitheacht a íoslaghdú.

Tuarascáil riachtanach is ea í seo mar sin: tugtar léargas soiléir inti dár dtiomantais, agus measúnú ionraic ar a bhfuil déanta againn. Tugtar cuntas mionsonraithe inti ar an gcaoi a bhfuil An Post ag comhlíonadh a chuspóra “gníomhú ar son leas an phobail, anois agus ar feadh na nglúnta atá romhainn.
 
 
 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service