Cathracha agus Pobail inbhuanaithe
Forléargas
Tá Éire ag trádáil agus nasctha le chéile againn in 2023 agus muid ag obair go dícheallach le tacú le pobail sna bealaí is fearr is eol dúinn, ar nó aire a thabhairt don dream is leochailí, tacaíocht a thabhairt do ghnóthais SME agus spreagadh a thabhairt do leanaí scoile chun a scileanna litearthachta a fhorbairt.
Maireachtáil Inbhuanaithe
Tacaíocht d'Úcránaigh
Ní raibh aon mhoill orainn bealaí praiticiúla a aithint lena bhféadfaimis an strus a bhain le saol nua a thosú a mhaolú do náisiúnaigh Úcránacha a bhí ag teacht go hÉirinn. Ag obair go dlúth le ranna rialtais, d'fhorbraíomar tacaí tábhachtacha agus chruthaíomar físeáin eolais in Úcráinis, a roinneadh ar na meáin shóisialta go díreach laistigh den phobal Úcránach.
Tuilleadh eolais
Tuilleadh eolais
Oifigí Poist mar chroí an phobail
Is sócmhainní luachmhara sa phobal iad na hoifigí poist, agus táimid bródúil as ár dtiomantas leanúnach i leith rochtain ar ár dtáirgí agus ár seirbhísí a chinntiú don daonra uirbeach, tuaithe agus amach ón gcósta. Chuireamar foirne isteach i mbrainsí Bhanc Uladh in 2022 chun cabhrú le custaiméirí a gcuntas reatha a aistriú chuig An Post. Bhain tábhacht ar leith leis seo i gceantair tuaithe do chustaiméirí leochaileacha agus imeallaithe. Chomh maith leis sin bhailíomar €1.5m i síntiúis charthanacha do chiste tacaíochta phobal an Chraoslaigh, agus tháinig níos má ná a leath trí líonra ár nOifigí Poist.
Oifigí Poist mar chroí an phobail
Ag seoladh barróga le hAdam
Creidimid gur dlúthchuid den phobal teagmháil chomhbhách a dhéanamh, fanacht i dteagmháil agus grá a sheoladh chuig a chéile. Mar cheiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig, chuamar i gcomhar le Adam King, sé bliana d’aois, le daoine a spreagadh le “barróga fíorúla” a sheoladh ar fud an domhain, cuireadh 2.5m cárta poist “Céad Míle Fáilte” ar fáil in Oifigí Poist agus cuireadh postmharc “Barróg” ar gach litir. Thugamar síntiús le gach cárta a postáladh agus bailíodh níos mó ná €22,000 d’Fhondúireacht Sláinte na Leanaí agus do Charthanas Ospidéal Ollscoile Chorcaí.
Ag seoladh barróga le hAdam
Teilgean ar Ard-Oifig an Phoist
Tacaíonn An Post le tograí náisiúnta agus lár cathrach i rith na bliana le
híomhánna teilgthe ar aghaidh Ard-Oifig an Phoist:
• Barróg Fhíorúil Adam: Teilgeadh barróg fhíorúil Adam King ar Ard-Oifig an Phoist in onóir do Lá Náisiúnta na mBarróg.
• Herstory: Soilsíodh Ard-Oifig an Phoist mar chuid den taispeántas Herstory Light le Lá Fhéile Bríde a chomóradh.
• Vicki Phelan: Teilgeadh íomhá dhigiteach den ghníomhaí Vicky Phelan ar Ard-Oifig an Phoist le gnéchlár faisnéise faoina saol a fhógairt. Rinne an teilgean arís mar chuimhneachán uirthi nuair a d'éag sí níos déanaí sa bhliain.
Teilgean ar Ard-Oifig an Phoist
Clár Scoileanna An Post
I rith na scoilbhliana 2021/2022 threisíomar ár dtacaíocht do mhic léinn agus scoileanna sa dara bliain dár gclár Cloigne Cliste. Athsheoladh ár gcomórtas lámhscríbhneoireachta scoile in 2022. Fuaireamar líon iontrálacha as cuimse ó gach cearn den tír, rud a léiríonn an dúil leanúnach atá ag daoine sa chomórtas seo.
Clár Scoileanna An Post
Leabharlann Samhlaíochta Dolly Parton agus seirbhísí tacaíochta teaghlaigh
Chuaigh tacaíocht An Post do chlár Leabharlann Samhlaíochta Dolly Parton ó neart go neart i 2022, le leabhar á fháil sa phost gach mí ag leanaí ó bhreith go cúig bliana dtaois. Chlúdaíomar an costas seachadta le haghaidh níos mó ná 200,000 leabhar chuig daoine óga i mBaile Átha Cliath ó 2017 i leith, agus seachadadh beagnach 14,000 leabhar chuig ógánaigh i gcathair Chorcaí in 2022.
Leabharlann Samhlaíochta Dolly Parton agus seirbhísí tacaíochta teaghlaigh
Spreagadh na luathléitheoireachta
Tá sé aitheanta le fada gur spreagadh fíorluachmhar do leanaí an-óga le linn na forbartha luath léamh a dhéanamh dóibh Tá tacaíocht á tabhairt go bródúil againn i gcónaí do Leabhair Leanaí Éireann a spreagann an litearthacht ar fud na bpobal, agus lenár dtreoracha léitheoireachta is féidir linn cabhrú le leanaí an leabhar ceart a roghnú dóibh féin. Treoraíonn an Treoir léitheoireachta Am Luí (Bedtime Reading Guide )tuismitheoirí agus caomhnóirí i dtreo leabhar a mbainfidh leanaí ó 0 go 10 taitneamh astu.
Spreagadh na luathléitheoireachta
NALA
Is bunscileanna maireachtála iad an léamh agus an scríobh a osclaíonn deiseanna agus féidearthachtaí gan áireamh. Lenár dtacaíocht dhílis do NALA (An Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh) tugaimid spreagadh do dhaoine atá míshocair lena n-inniúlacht léitheoireachta páirt a ghlacadh i dtograí agus i gcláir iomadúla NALA. Is féidir leo toradh claochlaitheach a fháil as a rannpháirtíocht sna cláir, agus ar Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta, sheolamar “Legends”, cnuasach scéalta faoi réaltaí spóirt Éireannacha do nualéitheoirí aosacha. D'úsáideamar ár gcainéil sna meáin shóisialta chun an focal a scaipeadh agus aird a dhíriú ar sheirbhísí NALA a chabhraíonn le daoine ar fud na hÉireann scileanna nár shíl siad a bheith inaimsithe a fhorbairt trí bhéim a chur ar scéal spreagúil Linda.
Breathnaigh ar scéal Linda
Breathnaigh ar scéal Linda
Litearthacht agus folláine airgeadais
Muinín airgeadais
Sheolamar clár Muiníne Airgeadais d’fhonn cabhrú le litearthacht agus folláine airgeadais a fheabhsú, mar chuid dár dtacaíocht do thiomantas UNEP i leith cuimsiú airgeadais. Bhí siad seo a leanas i measc na ngníomhaíochtaí a chuireamar i gcrích in 2022:
• Treoir a fhorbairt le béim a chur ar roinnt seirbhísí de chuid An Post a chabhraíonn le custaiméirí leochaileacha smacht a fháil ar ais ar a gcuid airgid, ar nós uirlisí buiséid agus seirbhísí coigiltis, lena n-áirítear Bill Pay, uirlis bhuiséid Money Manager, seirbhís lóisteála agus coigiltis agus faisnéis maidir le MABS (Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid).
• ríomhleabhar maidir le muinín airgeadais a fhorbairt le John Lowe, le tuiscint dhomhain a thabhairt do chustaiméirí ar gach ábhar airgeadais i réimsí tábhachtacha: caiteachas, iasachtaí, coigilt agus infheistiú.
Muinín airgeadais
Litearthacht Aeráide
In 2022 rinne muid roinnt gníomhartha le feasacht i dtaobh athrú aeráide a mhéadú, trí fhaisnéis inrochtana idirghníomhach a sholáthar le daoine a chumasú chun athruithe dearfa a dhéanamh le cáilíocht a mbeatha a fheabhsú agus sochaí níos fearr a chruthú do na glúine atá le teacht.
Comóradh an chéad Sheachtain Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
I mí Mheán Fómhair 2022 thugamar cuireadh don phobal glacadh le maireachtáil inbhuanaithe. I gcomhar le TheJournal.ie d'fhoilsíomar sraith alt mealltach i dtaobh SDG na NA le míniú conas is féidir iad a bhaint amach mar chuid dá stíl mhaireachtála laethúil. Cuireadh bealaí praiticiúla i láthair sna hailt seo chun ár dtithe a théamh i míonna an gheimhridh, agus cuireadh béim ar chomh tábhachtach is atá sé tacú le soláthraithe áitiúla agus iompar poiblí a úsáid nuair is féidir.
Comóradh an chéad Sheachtain Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Mol Glas
Is siopa aon ionaid faisnéise é ár Mol Glas d'úinéirí tí le haghaidh:
• Uasghráduithe fuinnimh baile, i gcomhar le SSE Airtricity
• Iasachtaí glasa ar chostas íseal le haghaidh feabhsúcháin baile; agus
haghaidh feithiclí leictreacha ar son maireachtála níos glaise.
Mol Glas