Deiseanna laethúla a chruthú chun gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe do gach duine in Éirinn.
Sustainability Inbhuanaitheacht> Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch> Gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe
Decent Work & Economic Growth Inbhuanaitheacht> Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch> Gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe
Making sustainable living commonplace
Forbhreathnú
Táimid tiomanta do thionchar dearfach a imirt ar ár bpobail trí
dheiseanna a chruthú chun gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe do chách in Éirinn.
Táimid tiomanta do thionchar dearfach a imirt ar ár bpobail trí dheiseanna a chruthú chun gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe do chách in Éirinn. In 2022:
- Leanamar ar aghaidh lenár n-urraíocht ar Bhród Bhaile Átha Cliath, an Mhuilinn Chearr agus Chorcaí le 95 fostaí agus a dteaghlaigh páirteach i mórshiúl Bhaile Átha Cliath in éineacht lenár bhfeithiclí leictreacha agus trírothaigh leictreacha thar ceann An Post. Ina dhiaidh sin bhí cóisir phobail againn i gCearnóg Mhuirfean le fáilte a chur theaghlaigh a bheith páirteach sa spraoi.
- Chuireamar an ionchuimsitheacht chun cinn trí theidil a bhaint as ár gcuid táirgí agus seirbhísí nuair b'fhéidir. Maidir le seirbhísí airgeadais a éilíonn teidil (m.sh. táirgí Coigiltis Stáit, malartú eachtrach, airgead tirim agus orduithe poist airgid) táimid ag obair chun an rogha Mx a chur san áireamh faoi dheireadh 2023.
- Ardaíodh bratacha Bród agus Trasincneacha ar Ard-Oifig an Phoist.
- Seoladh sraith de chúig stampa speisialta a dhéanann ceiliúradh ar Mhná na hÉireann sa Spórt do Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022. Chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí iontacha na laochra spóirt Éireannacha Sonia O’Sullivan, Ellen Keane, Rachael Blackmore, Katie Taylor, Kellie Harrington agus Foireann Haca Ban na hÉireann, chuir na stampaí ardán ar fáil chun díriú níos leithne ar mhná sa spórt agus conas is féidir linn níos mó ban a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt agus leanúint ar aghaidh lena bpáirtíocht iontu. Tugadh ardmholadh do na stampaí ar fud an domhain as an ábhar agus as cáilíocht dhearadh ghníomhaireacht chlúiteach na hÉireann Unthink.
- Leanadh ar aghaidh lenár gcláir oiliúna oideachais shaincheaptha dár Máistrí Poist, ag díriú ar na scileanna atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí miondíola agus dáileadh poist.
- Leanadh ar aghaidh le seachadadh saor in aisce ar phacáistí ina bhfuil litríocht áirithe, ábhair atá deartha nó oiriúnaithe go speisialta le húsáid ag na daill.