Aistrigh ó €100 suas chuig do chuntas reatha le hairgead a fháil le linn práinne, cibé áit a bhfuil tú.
Aistriú airgid
Aistrigh ó €100 suas chuig do chuntas reatha le hairgead a fháil le linn práinne, cibé áit a bhfuil tú.
Tairiscintí eisiacha le Mastercard®
Le clár Priceless Cities® Mastercard beidh tairiscintí eisiacha le fáil duit i mórchathracha ar fud an domhain.
Sealbhóirí Cárta Breise
Le An Post Money is féidir leat suas le triúr sealbhóir eile a chur leis mar úsáideoirí ar do theorainn chreidmheasa.
Tuilleadh faoi bhuntáistí an chárta
Tuilleadh faoi bhuntáistí an chárta
Faigh do Chárta Creidmheasa go gasta
Is próiseas gasta simplí é iarratas a dhéanamh ar Chárta Creidmheasa. Na cruthúnais a bheidh uait:
Céannacht
Ní mór gach ceann de na ceithre cúinní a bheith infheicthe m.sh. Pas / Ceadúnas Tiomána.
Seoladh agus Ioncam
Ar nós ráiteas bainc suas chun dáta
Uimhir UPSP
m.sh. duillín pá le déanaí
D'fhéadfadh sonraí breise a bheith riachtanach. Tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas iarratais
gliogáil anseo.
Áireamhán Coigiltis Aistriú Iarmhéid
Áireamhán Coigiltis Aistriú Iarmhéid
Do chuid torthaí
D’fhéadfá sábháil
€
0
thar an gcéad 12 mhí
Is le haghaidh cuspóirí léiritheacha amháin an áireamhán coigiltis thuas agus léiríonn sé coigilteas ionchasach ag úsáid tairiscint Chárta Creidmheasa An Post Money 0% Aistriú Iarmhéid ar feadh 12 mí. Níl idirbhearta a d'fhéadfadh a bheith déanta ar Chárta Creidmheasa An Post Money san áireamh.
Aistrigh iarmhéid ag ráta iontach spreagthach
- Ráta spreagthach íseal 0% ar feadh 12 mí
- Bailí le haghaidh aistriú 90 lá ó oscailt an chuntais
- Gan táille aistrithe
- Aistriú iarmhéid íosta €100
- Aistriú iarmhéid uasta suas go 95% den teorainn chreidmheasa
- Aistriú críochnaithe in 1-2 lá gnó
- Déan íocaíocht mhíosúil íosta agus fan laistigh den teorainn chreidmheasa
Tuilleadh faoi haistrithe iarmhéide
Tuilleadh faoi haistrithe iarmhéide
Aistrithe airgid le cabhrú leis na rudaí gan choinne
- Ráta úis 16.8%
- Gan táille aistrithe
- Aistriú íosta €100
- Aistriú uasta suas go 95% den teorainn chreidmheasa
- Aistriú críochnaithe in 1-2 lá gnó
Tuilleadh faoi haistrithe airgid
Tuilleadh faoi haistrithe airgid
Eolas riachtanach
Beidh ort d'íocaíocht íosta mhíosúil a íoc in am gach mí agus fanacht laistigh de do theorainn creidmheasa chun na rátaí promóisin a choinneáil.
Ní féidir. Níl an 0% ar cheannacháin ar feadh 9 mí i bhfeidhm ach má úsáideann tú an plean tráthchodanna.
Is bealach nua tapa agus solúbtha é Plean Tráthchodanna chun rochtain a fháil ar chreidmheas, a thugann níos mó smachta agus áise duit. Ligeann sé duit aisíocaíocht ceannachán de €250 nó níos mó a scaipeadh thar 12 mhí ag ráta úis níos ísle.
Leis an gcárta creidmheasa Flex, beidh an rogha agat do cheannacháin a chur ar Phlean Tráthchoda aon uair a fheiceann tú siombail ‘Tráthchodanna’ Mastercard - sa siopa nó ag seiceáil amach ríomhthráchtála.
Is bealach gasta solúbtha é Plean Tráthchoda chun rochtain a fháil ar chreidmheas, a thugann níos mó smachta agus áisiúlachta duit. Ligeann sé duit aisíoc ceannachán de €250 nó níos mó a scaipeadh thar 12 mí ag ráta úis níos ísle.
Le cárta creidmheasa Flex, beidh an rogha agat do chuig ceannachán a chuar ar Phlean Tráthchoda, aon áit a fheiceann tú an comhartha ‘Instalment’ ag Mastercard - i siopa nó i gcuntar íocaíochta ríomhthráchtála.
Ceadaíonn Plean Tráthchoda duit an costas iomlán a fheiceáil ag an gcuntar amach agus aontú leis, smacht a fháil i meandar le haisíocaíocht shimplí míosúla.
Céim 1: Bí ag faire amach don chomhartha ‘Tráthchoda’ Mastercard ag an bpointe ceannacháin.
Céim 2: Íoc as do cheannacháin le do chárta creidmheasa Flex. Ní mór don cheannachán a bheith de luach €250 nó níos mó ach is féidir le níos mó ná earra amháin a bheith san idirbheart céanna.
Céim 3: Roghnaigh an Plean Tráthchoda nuair a chuirtear i láthair é.
Cuirfimid ríomhphost chugat le hinsint duit nuair a bheidh an Plean Tráthchoda bunaithe ar do chuntas, le sonraí an phlean.
An bealach is tapúla agus is éasca chun do dhochar díreach a bhunú nó a leasú: Bain úsáid as ár Sainordú dochair dhírigh Chárta Creidmheasa ar líne mar atá curtha ar fáil ag ár soláthraí tríú pháirtí, DocuSign.
Is cuideachta é DocuSign a sholáthraíonn seirbhísí leictreonacha i mbainistiú cáipéisí do chorparáidí agus do dhaoine aonair. Cuireann sé ar chumas daoine a síniú digiteach a chur ar cháipéisí, ar nós conarthaí agus comhaontuithe, ag úsáid a theicneolaíocht shlán. Féadann aonáin a úsáideann seirbhísí DocuSign aonáin, daoine aonair, cáipéisí agus sreabhadh oibre a fhíordheimhniú, chomh maith le bainistiú leictreonach a dhéanamh ar chéannacht úsáideoirí. Tá breis faisnéise ar fáil ar Fógra Príobháideachta | DocuSign
Nuair a bhíonn an fhoirm comhlánaithe agat gheobhaidh tú ríomhphost dearbhaithe leis an gcáipéis cheangailte. Tabhair na nithe a leanas do d'aire:
• Tógfaidh sé roinnt ama do dhochar díreach nua a ghníomhú agus a ullmhú chun íocaíochtaí a ghlacadh ó do chuntas bainc. Idir an dá linn, b'fhéidir go mbeidh ort íocaíocht bhreise a dhéanamh mura mbíonn do dhochar díreach bunaithe do dháta dlite d'íocaíochta. Is féidir leat é a dhéanamh le do chárta dochair trí ghlaoch orainn ar 0818 205 410.
• Má tá cuntais iomadúla chártaí creidmheasa agat linn, ní mór duit sainordú dochair dhírigh a chomhlánú le haghaidh gach cuntais.
• Ní féidir dochair dhíreacha a bhunú ó chuntas taisce.
• Má tá an dochar díreach á bhunú agat ó chomh-chuntas agus an dá shíniú ag teastáil, ní mór duit sainordú dochair dhírigh chárta creidmheasa inphriontáilte a íoslódáil, é a phriontáil, síniú an dá pháirtí a chur ar an sainordú, agus é a sheoladh ar ais chugainn sa phost.
• Murar mian leat an fhoirm a chomhlánú go leictreonach, is féidir leat sainordú dochair dhírigh chárta creidmheasa inphriontáilte síniú an dá pháirtí a chur ar an sainordú, agus é a phostáil chugainn.
• Ní féidir leat dochar díreach seasta a bhunú, ní mór duit é a bhunú chun an iarmhéid iomlán mhíosúil, nó an iarmhéid íosta mhíosúil atá dlite, a íoc. teastáil, ní mór duit sainordú dochair dhírigh chárta creidmheasa inphriontáilte a íoslódáil, é a phriontáil, síniú an dá pháirtí a chur ar an sainordú, agus é a sheoladh ar ais chugainn sa phost.
• Murar mian leat an fhoirm a chomhlánú go leictreonach, is féidir leat sainordú dochair dhírigh chárta creidmheasa inphriontáilte síniú an dá pháirtí a chur ar an sainordú, agus é a phostáil chugainn.
• Ní féidir leat dochar díreach seasta a bhunú, ní mór duit é a bhunú chun an iarmhéid iomlán mhíosúil, nó an iarmhéid íosta mhíosúil atá dlite, a íoc.
'Bealach níos fearr uait chun d'airgead a bhainistiú?
Cabhróimid leat in At An Post Money le do riachtanais airgeadais, ó do chuid airgid laethúil a láimhseáil go hairgeadra iasachta nó iasacht phearsanta a fháil. Tá a fhios againn nach linne an t-airgead, ach leatsa.
Féach ar ár dtáirgí airgid go léir.
Féach ar ár dtairgí airgid go léir
Féach ar ár dtairgí airgid go léir
Déan teagmháil
Má tá aon cheist agat maidir lenár gcárta creidmheasa nó d'iarratas, déan teagmháil lenár bhfoireann seirbhísí do chustaiméirí.
Déan Teagmháil linn
Déan Teagmháil linn
Rabhadh: Mura ndéanann tú na haisíocaíochtaí ar do chomhaontú creidmheasa, beidh do chuntas i riaráiste. D'fhéadfadh tionchar a bheith aige seo ar do rátáil creidmheasa, agus teorainn a chur le do rochtain ar chreidmheas amach anseo.
Tá an fhaisnéis cruinn mar a bhí ar an Iúil 2021 agus níl sí faoi réir ag srianta tuarastail, foinse CCPC.ie. Beidh an ráta athraitheach caighdeánach i bhfeidhm nuair a thagann an tréimhse aistriú iarmhéide chun deiridh.
Is trádmharc cláraithe é ®Mastercard, agus is trádmharc de chuid Mastercard International Incorporated é dearadh na gciorcal.
Glacann 22.9% APR leis go dtarraingíonn tú do theorainn chreidmheasa iomlán in idirbheart amháin ag baint úsáide as do chárta ar feadh tréimhse bliana, agus go n-aisíocann tú an príomhshuim móide na méideanna úis faoi seach i 12 thráthchuid chomhionanna, (mura bhfuil do theorainn chreidmheasa tugtha chun críche fós, glacaimid leis gur €1,500 a bheidh ann), agus go ngearrfar dleacht stampa Rialtais ar an gcárta, is é € 1,666.50 an méid iomlán a chaithfeá a íoc. Costas creidmheasa € 136.50.
Comhlíonadh don Bhanc Ceannais
Tá Avantcard DAC ag trádáil mar Avantcard rialaithe ag Banc Ceannais na hÉireann.
Gníomhaíonn An Post mar idirghabhálaí creidmheasa thar ceann Avantcard DAC, a sholáthraíonn seirbhísí agus saoráidí iasachta agus cárta creidmheasa. Tá An Post ag trádáil mar An Post Money údaraithe mar idirghabhálaí creidmheasa ag an CCPC/
Is cuideachta gníomhaíochta ainmnithe é Avantcard DAC atá corpraithe in Éirinn faoin uimhir 541980 lena oifig chláraithe ag Bóthar Bhaile Átha Cliath, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma.