Skip to main content

Boscaí Poist An Post

Bíonn boscaí poist An Post i gcroílár an phobail, san áit is fearr chun an grá a sheoladh chuig duine ar leith. Is féidir aoibhneas a chur ar dhuine éigin tríd an mbosca poist: nach seolfá grá chucu anois?

Cuir aithne ar Patsy an Bosca Poist

Is é an t-ealaíontóir Éireannach Daniel Mooney, nó Mundo Moo mar is fearr aithne air, a chruthaigh Patsy. Sa bhliain 2021, lainseáil Daniel a chéad réimse de tháirgí léaráidí le díol ar líne. Ó shin i leith, bíonn na horduithe go léir á seoladh ag Daniel ar fud na hÉireann, le cabhair ón bhfostaí is díograisí atá aige, Patsy, agus le cabhair ó An Post.

Féach ar an bhfíseán
An Post pillarbox which showcases the illustrated artwork of Patsy the Postbox

Boscaí Poist sa Todhchaí

Ar smaoinigh tú riamh faoi céard a bheidh i ndán do bhoscaí poist agus grá a sheoladh? Breathnaigh ar an méid a bhí le rá ag glúin nua de sheoltóirí grá agus na smaointí a bhí acu maidir le hábhar a sheoladh trí bhoscaí poist An Post.

Féach ar an bhfíseán
Féach ar an bhfíseán

Aistear na litreach

Seolann daoine litreacha agus cartaí gach lá chuig daoine muinteartha leo ar fud na hÉireann. Bíonn post á sheachadadh ag An Post chuig 2.3milliún seoladh gach lá oibre! Breathnaigh ar an bhfíseán seo chun tuilleadh eolais a fháil faoin aistear a bhíonn ag litir, ó sheoladh go seachadadh.
Féach ar an bhfíseán
Féach ar an bhfíseán

Cineálacha Boscaí Poist

Boscaí poist colúin

Boscaí poist colúin

Is boscaí poist traidisiúnta sorcóireacha iad na boscaí poist colúin a bhfuil taithí againn uile orthu. Bhí na boscaí colúin luatha, ar ar tugadh Penfold, heicseagánach. Nuair a rinneadh gearáin go raibh litreacha sáite iontu go minic, tugadh isteach an cruth sorcóireach atá níos coitianta anois. Tá roinnt boscaí Penfold ann go fóill, lena n-áirítear ceann i Ros Mhic Thriúin agus ceann sa Sciobairín.

Féach ar an bhfíseán
Boscaí Balla

Boscaí Balla

Mar go raibh na boscaí colúin daor, roghnaíodh boscaí poist balla i roinnt áiteanna mar go raibh siad níos saoire. Mar is léir ón ainm, bhí na boscaí poist seo suite i mballa cathrach go minic. Mar go bhféadfaí boscaí balla a dhéanamh i méideanna éagsúla, ba é an máistir poist áitiúil de ghnáth a roghnaigh an méid ba oiriúnaí don cheantar.

Féach ar an bhfíseán
Boscaí lampa

Boscaí lampa

Tá boscaí poist lampa cosúil le boscaí ballaí, agus tá siad níos saoire le déanamh agus le suiteáil ná boscaí poist colúin. Bosca poist dronuilleogach is ea iad de ghnáth, greamaithe le cuaille adhmaid agus bíonn siad le feiceáil níos minice i gceantair tuaithe nuair nach mbíonn balla oiriúnach ann le haghaidh bosca balla.

Féach ar an bhfíseán
Boscaí poist coise

Boscaí poist coise

Le himeacht ama, ba léir nach raibh na boscaí poist den seanchineál in ann glacadh le héilimh mhéadaithe an chóras poist mar go mbíodh earraí móra sáite iontu agus ag cruthú bacanna. Cruthaíodh an bosca coise mar réiteach. Is bosca mór é suite ar chuaille, déanta de chruach leatháin le hoscailt níos mó.

Féach ar an bhfíseán

Tá sé níos éasca ná riamh grá a sheoladh

B’fhéidir go bhfuil lámh agus focal idir daoine ar d’aithne, nó gur phós siad le déanaí. B’fhéidir go bhfuair siad post nua nó gur cheannaigh siad teach úr. Is bealach foirfe é cárta lámhscríofa nó nóta ón chroí a chur trí do bhosca litreach áitiúil chun fanacht i dteagmháil leo agus a thaispeáint dóibh go bhfuil tú ag smaoineamh orthu. Is féidir aoibhneas a chur ar dhuine éigin tríd an mbosca poist: nach seolfá grá chucu anois?

Ceannaigh Stampaí Ceannaigh Lipéad Poist
Postal operative holding a send love postcard standing in front of a postbox
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service