Skip to main content

Faisnéis seoladh Chustam

Seoladh go hÉirinn ó thíortha neamh-AE

Nuair a bhíonn earra á sheoladh go hÉirinn ní mór duit sonraí iomlána leictreonacha custam a sholáthar de réir rialacháin Chustaim na hÉireann.

Is iad seo a leanas na sonraí íosta éigeantacha atá riachtanach:

  • Cód bailí HS/TARIC, úsáid ár n-uirlís ar líne chun Cód TARIC ceart do chuid earraí a aimsiú
  • Tuairisc bhailí ar an earra 
  • An tír as a tháinig an t-earra 
  • Luach an earra 
  • An postas, árachas agus lastas atá íoctha 
  • Sonraí ainm, seoladh an tseoltóra 
  • Ainm, seoladh an tseolaí 
  • Meáchan an phaicéid/bheartáin 

Is ceart duit a chinntiú nach breathnaítear ar na hearraí atá á seoladh agat mar earraí toirmiscthe ag An Post. Is féidir é seo a dhearbhú trí amharc ar an liosta earraí toirmiscthe ar ár leathanach. 

Bronntanais a sheoladh go hÉirinn as tíortha neamh-AE

Molann An Post dóibh siúd atá ag seoladh bronntanas go hÉirinn as tíortha neamh-AE réiteach seolta ar líne a soláthraí poist áitiúil a úsáid nuair a bhíonn sé ar fáil. Ceadaíonn sé sin duit riachtanais uile na sonraí custam leictreonacha a chomhlánú, le cinntiú go ndéanfar imréiteach éasca ar theacht don earra go hÉirinn. 

Tá sonraí bailí leictreonacha custam de dhith le haghaidh bronntanas de luach níos lú ná €45 ach ní gá custaim ná CBL a íoc orthu. Gearrtar muirear custam ar bhronntanais níos airde ná €45, le híoc ag an fhaighteoir. 

Réitigh seolta ar líne ó thíortha mór-éilimh neamh-AE

Úsáid réiteach seolta ar líne do sholáthraithe áitiúla poist d’fhonn cabhrú le himréiteach éasca ar d’earra.

Royal Mail - Click & Drop

Seoladh Idirnáisiúnta

Seoladh go tír neamh-AE

Nuair a sheoltar paicéid nó beartáin chuig cinn scríbe lasmuigh den Aontas Eorpach, ní mór foirm dhearbhaithe custam a chomhlánú i mBéarla ar líne ag úsáid Click & Post nó in aon Oifig Poist.

Is féidir an dearbhú thíos a chomhlánú in Oifig an Phoist. Taifeadtar leagan leictreonach den dearbhú seo ionas gur féidir é a léamh sa tír ghlactha.

Seol le Click & Post

Is féidir leagan ar líne den bhfoirm a chomhlánú freisin le Click & Post ar líne.

Bronntanas a sheoladh chuig tír neamh-AE

Má tá bronntanas á sheoladh agat chuig tír neamh-AE, mholfaimis duit breis faisnéise a lorg ón údarás áitiúil i gceann scríbe d’earraí sula seolann tú iad. Bíonn riachtanais sonraí custam éagsúil ó thír go tír de réir an údaráis ábhartha chustam, agus beidh rialacha difriúla ag gach tír ghlactha maidir le muirir chustam a bhainfeadh le bronntanais.

Seoladh laistigh den AE

Nuair a bhítear ag seoladh laistigh den AE, ní mór Dearbhú Slándála Eitlíochta a cheangal le gach litir, paicéad nó beart ina bhfuil earraí á seoladh laistigh den AE, seachas Tuaisceart Éireann. Cinntíonn sé seo go bhfuil rialacháin slándála aerlínte á gcomhlíonadh. Tá  liosta iomlán d’earraí toirmiscthe nach féidir leo taisteal san aer anseo.
Ní mór tuairisc iomlán cruinn ar ábhar an earra a thabhairt chomh maith le d’ainm, do sheoladh agus do shíniú.

Tá forléargas den Dearbhú Slándála Eitlíochta ar fáil thíos: 

                                                     

Earraí Toirmiscthe

Tá earraí áirithe toimmiscthe, tá srianta ar earraí eile nó tá ceadúnas de dhíth orthu.

Customs FAQs

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service