Skip to main content

Mol Beartán nua €15 An Post oscailte i mBaile Átha Cliath

6 Nollaig 2019

  • D'oscail Coimisinéir Trádála an AE, Phil Hogan, 'Tairseach nua don r-Thráchtáil domhanda'
  • 1 milliún beartán Aoine Dhubh/CibearLuain á láimhseáil ag an mol nua beartán, agus níos mó ná 120,000 beartán sa lá.
  • Inniu an lá is gnóthaí riamh do bheartáin i stair An Post.

Baile Átha Cliath, Dé hAoine 6 Nollaig, 2019: Sheol An Post Mol Beartán Bhaile Átha Cliath (DPH) inniu, infheistíocht €15m in uathphróiseáil beartán ag Bóthar na Darach, Baile Átha Cliath 12.  Beidh an mol nua idirnáisiúnta ina thairseach do bheartáin náisiúnta agus idirnáisiúnta isteach agus amach, agus ina chéim mhór do An Post ó sheandomhan na liteacha go domhan nua lóistíocht na ríomhtháchtála.   Tá an gnó ag ullmhú go dícheallach le bláthú mar ghnó inmharthanach brabúsach, le seachadadh rathúil a dhéanamh sa domhan digiteach.
 
Cuireann an áis nua lóistíochta 50,000 m cearnach den chéad scoth go mór le cumas próiseáil beartán An Post agus an Chuideachta ag cur lena réimse domhanda agus lena chumas digiteach le feidhmiú mar chnámh droma don r-thráchtáil in Éirinn. Beidh an mol nua fíorthábhachtach don trádáil idirnáisiúnta a dhéanann brandaí móra Éireannacha ar nós Eason, Brown Thomas, Carrolls Irish Gifts, Blarney Woollen Mills, Arnotts agus Carraig Donn. 
 
Le scoth na teicneolaíochta Beumer is féidir 13,000 beartán a phróiseáil san uair agus déantar próiséas 90% uathoibríoch den socrú láiimhe a bhí ann roimhe seo.   Is córas féinfhoghlama é an córas nua Beumer agus is féidir leis gach láthair in Éirinn a aithint, le cruinneas optamach.  Tar éis na próiseála, cuirtear na beartáin go díreach ó Mhol Beartán Bhaile Átha Cliath chuig aonaid seachadta áitiúla.
 
Ón Aoine seo caite, tá níos mó ná milliún beartán láimhseáilte ag DPH, a d'eascair as gníomhaíocht lucht siopadóireachta ar líne thar an Aoine Dhubh agus an CibearLuan trí ríomhdhíoltóirí in Éirinn agus thar lear.   I mbliana beidh 16 milliún beartán ón RA amháin á láimhseáil ag An Post, 5 mhilliún ó SAM, Ceanada agus an Bhrasaíl, agus os cionn 1 milliún ón Ghearmáin.
 
Mar adúirt Coimisinéir Trádála an AE, Phil Hogan: 'Tá An Post lárnach don saol in Éirinn agus is iontach an rud é an infheistíocht seo, a bhuanóidh a shamhail gnó don todhchaí, a fheiceáil.' San eacnamaíocht dhomhandaithe atá anois ann, ní mór do gach tír atá ag iarraidh fanacht chun cinn infheistiú a dhéanamh sa r-thráchtáil, mar atá á dhéanamh ag An Post.
 
"Cabhróidh Mol Beartán Bhaile Átha Cliath le gnónna agus tomhaltóirí na hÉireann a nascadh leis an domhan. Leis an chlaochlú seo ar a shamhail ghnó, beidh An Post ag tacú le hÉirinn le leas a bhaint as treochtaí sa trádáil idirnáisiúnta, a thacaíonn le post amháin as gach seacht bpost san AE."
 
Arsa David McRedmond, Príomhfheidhmeannach An Post: "Táimid uaillmhianach i leith An Post agus na hÉireann sa domhan idirnáisiúnta r-thráchtála.    Infheistíocht thábhachtach i mbonneagar eacnamaíochta na hÉireann atá sa mhol seo, a chuireann an teicneolaíocht is forbartha sa domhan ar fáil do ghnónna agus do thomhaltóirí na hÉireann, á nascadh le margaí domhanda agus ag nascadh gnónna idirnáisiúnta le gach seoladh in Éirinn.  Agus níos mó ná 50% den ghnó miondíola in Éirinn ar líne anois, tá Mol Beartán Bhaile Átha Cliath suite i lár ordú nua domhanda don trádáil domhanda agus don siopadóireacht. 
 
"Le déanaí cheadaigh an Banc Eorpach Infheistíochta iasacht €40 milliún le tacú le straitéis chlaothlaithe An Post agus beidh sé seo á infheistiú againn, maraon le cistí eile ónár n-acmhainní féin, le hatógáil a dhéanamh ar ár líonra iomlán sna cúig bliana atá romhainn, céim ar chéim leis an tírdhreach domhanda r-tháchtála atá ag teacht chun cinn go mear.  Bainfidh custaiméirí gnó agus pearsanta An Post tairbhe as seirbhísí níos tapúla, níos cruinne, agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh', ar seisean.
 
Dúirt Garrett Bridgeman, Stiúrthóir Bainistíochta, Post agus Beartáin An Post, "Tá sé d'aidhm ag An Post fás agus saineolas a thiomáint chun cinn mar chnámh droma r-Thráchtála na hÉireann do sheoltóirí agus do lucht siopadóireachta.  Le fás 40% sa bhliain ar líon na mbeartán, b'éigean do An Post athrú mór a dhéanamh i dtreo Uathoibriú na mBeartán.  Creidimid gur féidir le hÉirinn a bheith ar thús cadhnaíochta sa r-Thráchtáil agus is cloch mhíle thábhachtach é DPH sa bhforbairt seo.
 
"Tá aithne ag seachadóirí áitiúla An Post ar gach seoladh tí agus gnó sa tír agus is féidir gurb é sin an t-aon chaidreamh daonna a bheadh ag custaiméirí nuair a cheannaíonn siad earraí ar líne.   Táimid chun tosaigh sa mhargadh beartán in Éirinn le níos mó ná 40% den mhargadh agus tá comhaontuithe trádála againn le 280,000 gnó Éireannach a cheangal le 200 tír ar fud an domhain sa líonra domhanda poist.
 
"In 2018, rinne An Post próiseáil ar níos mó ná 30 miliún beartán - méadú 42% ón bhliain roimhe sin agus lucht siopadóireacht ag ceannach níos mó agus níos mó earraí ar líne.  Tá gach cuma air go mbeidh méadú mór ar an líon arís i mbliana agus sna blianta atá romhainn. Go deimhin, beidh an lá is gnóthaí riamh againn inniu (Dé hAoine) ó thaobh beartán," ar seisean.
 
Ba iad Garrett Bridgeman, Stiúrthóir Bainistíochta, Post agus Beartáin An Post"; David McRedmond, PF An Post agus Coimisinéir Trádála an AE, Phil Hogan, a sheol Mol Beartán An Post.
- críoch' 
 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service