Skip to main content

Foláirimh Rátaí seolta ag An Post Money le sábháil airgeadra a uasmhéadú do lucht saoire

19 Bealtaine 2023

  • Tabharfaidh saoráid Foláirimh Rátaí fógra do chustaiméirí nuair a bhaintear amach an ráta malartáin is rogha leo.
  • Is féidir le custaiméirí a n-airgeadra iasachta a cheannach ag an ráta is fearr leo
  • Léirítear i suirbhé nua go mbíonn roghanna airgead tirim agus cárta ó níos mó ná 60% d'aosaigh.
  • Tá aird ag muintir na hÉireann ar a gcuid airgid agus is mian leo an leas is mó a bhaint as - sábhálann 79% le haghaidh laethanta saoire, agus suas le 92% díobh siúd atá ag beartú turais go SAM nó Ceanada.
  • Is é Oifig an Phoist an chéad rogha i gcónaí le hairgead iasachta a fháil.

Sheol An Post, i gcomhar le Sue Perkins (The Great British Bake Off agus Sue Perkins’ Big American Road Trip) Foláirimh Rátaí inniu - gné urnua ar Chárta Airgeadra An Post Money.Le Foláirimh Rátaí is féidir leis an gcustaiméir spriocráta malartáin a shocrú don airgeadra is rogha leo, agus gheobhaidh custaiméirí brúfhógraí nuair a bhaintear an sprioc amach - rud a chiallaíonn gur féidir an t-airgead a mhalartú ag an ráta roghnaithe.
Beidh an tsaoráid nua ar fáil ar Aip An Post Money, mar ar féidir le custaiméirí a gcuid airgid a bhainistiú, faire ar chaiteachas agus airgead a mhalartú saor ó choimisiúin.
De réir suirbhé a rinne An Post Money, tá sé beartaithe ag os cionn 73% d'aosaigh na tíre dul thar lear i mbliana, agus tá siad ag sábháil go dian ar a shon, agus tá díol láidir ar airgeadra Cheanada agus na hAstráile. Chomh maith le Foláirimh Rátaí, luaigh Sue Perkins agus í ag labhairt ag ócáid na hAoine, noda agus cleasa éagsúla chun fad a bhaint as do chuid airgid agus tú ar saoire an Samhradh seo.
 
Mar a dúirt Sue:
“Cuir aithne ar an mbia áitiúil: Bain sult as cócaireacht na háite, bain triail as miasa nua, tabhair cuairt ar na margaí áitiúla, agus bain pléisiúr as béilí fíora dúchasacha. Chomh maith le pléisiúr a bhaint as bia blasta, sábhálfaidh tú airgead trí fhreastal ar bhialanna áitiúla a chuireann miasa fíora ar fáil ar phraghas inacmhainne.
 
Fág an bealach coitianta: Téigh níos sia ná na hionaid turasóireachta agus aimsigh seoda folaithe i gceantair nach bhfuil a oiread aithne orthu.  Gheobhaidh blas mar sin den chultúr áitiúil agus b'fhéidir chomh maith go mbeidh na praghsanna níos oiriúnaí do do phóca mar a bhíonn sna hionaid ina mbíonn na turasóirí.
 
Coinnigh suas chun dáta le rátaí malartáin: Ní mór a bheith ar an eolas faoi ráta malartáin agus tú ag taisteal thar lear. Trí úsáid a bhaint as Foláirimh Rátaí An Post Money agus as na roghanna áisiúla airgeadra, féadann tú an deis is fearr a thapú chun d'airgeadra a mhalartú ag rátaí buntáisteacha. Ar an gcaoi seo is féidir do bhuiséad saoire a uasmhéadú agus a bheith ar do shuaimhneas agus a fhios agat go bhfuil an luach is fearr ar airgead á fháil agat”.
 
 
Dúirt Lucy Murray, Stiúrthóir Eispéireas Custaiméirí, An Post Retail: “Is é An Post Money an soláthraí airgeadra iasachta is mó in Éirinn ar chárta slán agus in airgead tirim, trí aip An Post Money agus i 900 oifig poist, sé lá na seachtaine.  Tá aithne againn ar ár gcustaiméirí agus ar a bhfuil tábhachtach dóibh nuair a bhíonn siad ag taisteal agus mar sin is gnéithe bunúsacha dár gcárta airgeadra saor ó choimisiún an suaimhneas intinne agus luach ar airgead, chomh maithe le breisiú simplí ar líne, roghanna reo cártaí agus rochtain éasca ar airgead le linn éigeandála.
Is mór an difríocht a dhéanfaidh Foláirimh Ráta do chustaiméirí atá ag faire ar rátaí guagacha malartáin ionas gur féidir leo an deis a thapú agus ceannach ar an ráta malartáin is rogha leo”.
 
Is léir go bhfuil muintir na hÉireann ag sábháil go dian dá laethanta saoire, agus go bhfuil siad ag lorg bealaí beaga le sábháil a dhéanamh agus síneadh breise a bhaint as a gcaiteachas saoire. Cibé acu ar chúiseanna slándála, ar son áisiúlacht na nOifigí Poist chun airgead nó cárta a fháil, nó an margadh is fearr a fháil le Foláirimh Rátaí, tá riachtanais airgeadra iasachta na gcustaiméirí clúdaithe ag An Post an Samhradh seo.
 
Is é an tAirgead Tirim an Rí i gcónaí
Is é An Post an t-aon soláthraí airgeadra iasachta amháin ar an margadh a chuireann airgead tirim agus cárta ar fáil. Tá a gcuid tairiscintí airgeadra iasachta ar fáil i níos mó ná 900 Oifig Poist sa tír, atá ar oscailt 6 lá na seachtaine - is mór an áis í sin ar an lá roimh eitilt. Dar le rannpháirtithe i suirbhé, is é An Post an príomhrogha i gcónaí le haghaidh airgead tirim iasachta, agus tá sé ciallmhara ceannach roimh dhul chuig an aerfort nó thar sáile, mar gheall ar an gcoimisiún 0% a ghearrann An Post ar a dtairiscintí airgeadra. Dúirt os cionn 60% de chustaiméirí a bhí ag taisteal chuig an RA agus SAM cé gur fearr leo cárta, gur maith leo airgead tirim a thabhairt leo chomh maith, go háirithe le haghaidh éigeandála.
 
Cárta Airgeadra An Post Money - an rogha móréilimh
Le haghaidh laethanta saoire 2023, tá Cárta Airgeadra An Post Money riachtanach. Is féidir suas le 15 airgeadra a chur ar an gcárta seo, agus is féidir é a bhreisiú ar líne, trí aip An Post Money nó in Oifig an Phoist. Is cárta Mastercard é Cárta Airgeadra An Post Money, rud a chiallaíonn go mbíonn rochtain 24/7 ag custaiméirí cibé áit ar domhan ina bhfuil siad. Mar shlándáil bhreise, tugann An Post Money dhá chárta do chustaiméirí, ionas má chailltear nó má ghoidtear ceann, gur féidir an ceann eile a úsáid. Chomh maith leis sin, is féidir do chárta a reo nó a chealú le haip An Post Money. Is féidir airgead éigeandála a rochtain le An Post Money chomh maith trí Western Union suas go dtí an luach a bhí ar an gCárta Airgeadra má bhíonn sé caillte agus gá agat le hairgead go práinneach.

Rinneadh an taighde le Suirbhé ar Líne Red C Online Omnibus agus Suirbhé Custaiméirí Cárta Airgeadra.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service