Bailíonn An Post na muirir chustam a ghearrann na Coimisinéirí Ioncaim ar earraí a sheachadtar go hÉirinn ó thíortha neamh-AE ar do shon. D’fhonn próiseáil agus seachadadh a dhéanamh ar do bheartán, ní mór na muirir seo a íoc. Má tá dleacht custam nó CBL dlite ar an earra, déanfaimid teagmháil leat más féidir sa phost, le téacs nó le ríomhphost. Is féidir leat an muirear custam a íoc thuas nó i d’Oifig Poist áitiúil. Déanfar d’earra a sheachadadh a luaithe is féidir nuair a bhíonn an íocaíocht faighte. Mura mbíonn dleacht custam nó CBL dlite ar an earra, déanfar an t-earra a sheachadadh mar is gnáth.
Má tá d’earra curtha ar ais chuig an seoltóir nó má tá tú ag feitheamh le heolas faoi d’earra, is féidir go raibh an dearbhú custam leictreonach a rinne an seoltóir/miondíoltar ar d’earra neamhdhóthanach nó neamhbhaile de réir na rialachán custam. Ní féidir leis An Post dearbhú custam a leasú agus mar sin cuirfear earraí le sonraí neamhiomlána ar ais. D’fhéadfadh na hearraí i do bheartán a bheith i gcatagóir earraí atá toirmiscthe nó srianta ag Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann. Le haghaidh earraí nach bhfuil srianta/toirmiscthe, beidh ort a iarraidh ar an seoltóir dearbhú custam a chur faoi bhráid le sonraí iomlána nuair atá d’earra á athsheoladh. Cabhróidh Aimsitheoir Cód TARIC le miondíoltóirí an fhaisnéis atá riachtanach a thuiscint. Cuirfear d’earra ar ais chuig an seoltóir mura mbíonn na muirir íoctha faoin ‘dáta íoctha’.
Ní mór don seoltóir sonraí comhlíontacha leictreonacha custam a sholáthar le haghaidh gach earra neamh-AE. Níl a lán miondíoltóirí beaga agus sainiúla Briotanacha eolach ar na riachtnais seo agus/nó níl na córais riachtanacha siopadóireachta déanta acu le díol go hÉirinn, rud a chuireann moill ar Chustaim nó ar na beartáin seo a chur ar ais nuair a thagann siad go hÉirinn. Fan ort, a fhad is atáimid ag plé leis seo agus leis na fiosruithe atá ag dul ar aghaidh.
Ní chuirfidh An Post aon teachtaireacht ina bhfuil nasc chugat nuair a dhéantar teagmháil leat maidir le muirir chustam a íoc. Chomh maith leis sin, laistigh de chúpla lá tar éis duit SMS nó ríomhphost custam a fháil ó An Post gheobhaidh tú cárta poist oifigiúil ó An Post le sonraí na muirear custam (cárta fógraithe muirear custam a mbaineann Téarmaí agus Coinníollacha sonracha leis). Má bhíonn amhras ort riamh faoi theachtaireachtaí sceamála tá breis faisnéise ar ár leathanach slándála le cabhrú leat teachtaireachtaí dleathacha agus sceamála a aithint óna chéile.
Má cheannaíonn tú earraí as lasmuigh den AE d’fhéadfadh muirir chustam a bheith le híoc orthu (Dleacht Custam, Dleacht Mháil, CBL) leis na Coimisinéirí Ioncaim. Bailíonn An Post na muirir chustam seo uait agus íocann sé iad leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon. Tá dualgas ar An Post na muirir chustam seo a bhailiú, ní féidir leis An Post do chuid earraí a sheachadadh go dtí go mbíonn siad íoctha. Tá foireann d’oifigigh na gCoiminéirí Ioncaim lonnaithe in Ionad Poist An Post le maoirsiú a dhéanamh ar imréiteach custam na n-earraí iompórtáilte.
Bíonn muirir chustam le híoc ar iomportáil fhormhór na n-earraí de réir na dlithe ábhartha. Bailíonn An Post na muirir seo agus íocann sé iad leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon. Gearrann An Post táille riaracháin custam de €3.50 ar láimhseáil chustam earraí a iompórtáiltear ó thíortha lasmuigh den AE. Tá an táille seo sa bhreis ar aon dleacht nó CBL iníoctha leis na Coimisinéiri Ioncaim. Níl aon bhaint ag an táille seo leis an méid dleachta agus CBL iníoctha agus tá sé ann le costais riaracháin bhailiú agus phróiseáil na híocaíochta ón seolaí a chlúdach.