Cad is Cárta Leap TFI ann?
Is é an Cárta Leap TFI an cárta taistil réamhíoctha in-athúsáidte. Is bealach éasca é chun íoc as do thuras ar líonra iompair phoiblí TFI.
Is féidir suas le 31% a shábháil nuair a úsáideann tú do Chárta Leap TFI i gcomparáid le táillí airgid thirim.
Tá sé bailí ar gach seirbhís de chuid Transport for Ireland ar fud na tíre ar bhusanna, traenacha, DARTanna agus tramanna Luas.