Íoc do cháin mhaoine le TaxPay
Íoc do cháin mhaoine ag an suíomh An Post is gaire duit trí sheirbhís TaxPay An Post.
Gearrtar Cáin Maoine Áitiúil (CMA/LPT) bhliantúil, ar bhonn féinfhéinmheasúnaithe, ar luach margaidh gach maoine cónaithe sa Stát. Is é Revenue a riarann an cháin seo. Faigh tuilleadh eolais faoi CMA/LPT.
Céim ar chéim
Eisíonn Revenue litreacha meabhrúcháin maidir le híocaíocht na cánach maoine gach bliain. Tá dhá rogha agat chun d’íocaíocht a dhéanamh:
Tabhair litir Revenue chuig d’Oifig Phoist áitiúil agus íoc ag an gcuntar
Íoc trí d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP/PPSN) a lua
Cé mhéad a chosnaíonn sé?
Is féidir leat do cháin mhaoine a íoc ina hiomláine nó trí íocaíocht i bpáirt i d’Oifig Phoist áitiúil.
Gearrtar táille seirbhíse €1 an idirbheart ar gach íocaíocht cánach maoine trí TaxPay. Faigh tuilleadh
eolais faoi dhliteanas CMA/LPT.