An bhfuil ceadúnas ag teastáil uait chun gnó a reáchtáil?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar na ceadúnais atá ag teastáil ó do ghnó, nó iad a athnuachan, ar fad in aon áit amháin, ag licences.ie.


Cad iad na buntáistí

  • Laghdaigh an t-am a chaitear ag líonadh foirmeacha, agus bain úsáid as do chuid faisnéise thar il-iarratais

  • Íoc as ceadúnais iolracha ó údaráis éagsúla in aon idirbheart amháin

  • Bainistigh agus rianaigh d’iarratais i do chuntas ar líne

  • Stóráil ar líne do cheadúnais agus do dhoiciméid

  • Faigh meabhrúcháin athnuachana

  • Eisítear ceadúnais go díreach chugat


Céim ar chéim

Conas clárú

Cláraigh le haghaidh cuntais ag licences.ie ag úsáid d’ainm nó ainm trádála do ghnó, do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal. Gheobhaidh tú ríomhphost ina mbeidh nasc gníomhachtaithe


Conas ceadúnas a aimsiú



Nuair a bheidh an clárú críochnaithe, is féidir leat tosú ag déanamh iarratais ar na ceadúnais atá uait. Is féidir leat an ceadúnas cuí a aimsiú trí:
  • Chliceáil ar dheilbhín an údaráis cheadúnaithe

  • Cuardach a dhéanamh air de réir ainm sa bhosca cuardaigh

  • Cliceáil ar “Aimsigh” agus an ghníomhaíocht ghnó nó an t-údarás ceadúnaithe a roghnú ó na liostaí anuas


Conas iarratas a dhéanamh

Roghnaigh na ceadúnais is mian leat agus tosaigh ag líonadh na sonraí. Sábháiltear gach céim den phróiseas iarratais. Is féidir leat filleadh ar d’iarratas chun é a chríochnú am ar bith. Cuirfidh an córas in iúl duit má tá ort doiciméid tacaíochta a uaslódáil.


Conas íocaíocht a dhéanamh


Is féidir leat íoc as do cheadúnas nó do cheadúnais le cárta dochair, cárta creidmheasa, nó trí chistí a aistriú go díreach chuig cuntas bainc An Post

Cad é an chéad chéim eile?


Gheobhaidh tú teachtaireacht dheimhnithe nuair a bheidh an t-iarratas curtha isteach go rathúil. Is féidir leat sonraí a fheiceáil, d’iarratais a bhainistiú agus a ndul chun cinn a rianú am ar bith trí logáil isteach i do chuntas.

Eisíonn an t-údarás ceadúnaithe an ceadúnas go díreach chugat.


Cé mhéad a chosnaíonn sé?


Níl aon táille i gceist le licences.ie a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas. Íocann tú an ghnáth-tháille do cheadúnais nua nó d’athnuachana, mar a shocraíonn na húdaráis cheadúnaithe ábhartha.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service