Íocaíocht fíneálacha an Gharda
An bhfuil ort fíneáil muirir sheasta ón nGarda a íoc? Is féidir leat d’fhíneáil a íoc anois ar líne nó i d’Oifig Phoist áitiúil.
Conas a oibríonn sé?
Roghnaigh an chaoi ar mian leat íoc — ar líne, i d’Oifig Phoist áitiúil nó tríd an bpost — agus cuir d’fhógra muirir sheasta isteach leis an íocaíocht. Déanfaimidne an chuid eile.
Céim ar chéim
Conas a íocaim mo mhuirear seasta ón nGarda?
Tabhair cuairt ar aon cheann dár nOifigí Poist uathoibrithe agus tabhair leat d’fhógra muirir sheasta chun íoc trí:
Airgead tirim
Cárta dochair
Cárta creidmheasa
Seic, ordú airgid poist, dréacht bainc (iníoctha le An Post)
Is féidir íoc tríd an bpost freisin:
- Úsáid an clúdach a chuirtear ar fáil agus cuir seic isteach (iníoctha leis an Oifigeach i gCeannas)
- Líon isteach sonraí do chárta creidmheasa nó dochair ar an bhfógra muirir sheasta agus seol ar ais é sa chlúdach a chuirtear ar fáil.
Tuilleadh eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi d’íocaíocht muirir sheasta, cuir glao ar LoCall 1890 30 40 60. Má tá tú ag glaoch ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, cuir glao ar +353 1 666 8500.
Tabhair faoi deara nach féidir muirir sheasta a íoc i stáisiúin Ghardaí.