Leasa Shóisialaigh
Is comhpháirtí é An Post den Roinn Coimirce Sóisialaí.. Is féidir leat d’íocaíocht leasa shóisialaigh a bhailiú in aon Oifig Phoist ar fud na tire.Conas a oibríonn sé?
- Más mian leat d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fháil tríd an Oifig Phoist, déan iarratas go díreach ar an Roinn Coimirce Sóisialaí.
- Is féidir leat aon Oifig Phoist dár líonra a ainmniú mar d’oifig íocaíochta.
Cé na híocaíochtaí is féidir a íoc tríd an Oifig Phoist?
Áirítear ar an raon íocaíochtaí:
- Teaghlaigh agus leanaí
- Daoine atá ar scor nó daoine scothaosta
- Daoine breoite nó faoi mhíchumas
- Cúramóirí
- Daoine faoi bhrón
- Daoine dífhostaithe
- Fill ar an obair/oideachas/oiliúint
- I bhfostaíocht/i bhfeirmeoireacht
- Fostóir
- Tacaíocht pobail
Íocaíochtaí na Roinne Coimirce Sóisialaí
Íoslódáil an fhoirm iarratais chun gníomhaire sealadach a cheapadh. Agus íocaíocht á bailiú, ní mór don Ghníomhaire Sealadach cárta an fhaighteora mar a eisítear ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur i láthair, chomh maith lena (h)aitheantas grianghraif bailí féin.
Tuilleadh eolais
Is féidir tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí.