Ceadúnas Teilifíse
An bhfuil teilifís agat? Má tá, tá Ceadúnas Teilifíse de dhíth ort.Má tá teilifís agat, tá sé de cheangal dlí ort Ceadúnas Teilifíse bailí a bheith agat. Má tá teilifís agat ag d’áitreabh gnó, tá sé de cheangal dlí ort Ceadúnas Teilifíse bailí a bheith agat freisin. Ní mór Ceadúnas Teilifíse bailí a bheith agat fiú mura n-úsáidtear an teilifís ach le haghaidh cruinnithe nó chun críocha oiliúna. Ní gá Ceadúnas Teilifíse a bheith agat do gach teilifís ar leithligh, mar go gclúdaíonn Ceadúnas Teilifíse amháin gach teilifís atá lonnaithe in aon áitreabh amháin.
Sainmhíniú ar Theilifís (Alt 140(1) den Acht Craolacháin 2009)
“ciallaíonn ‘teilifís’ aon ghléas leictreonach atá in ann seirbhísí craolacháin teilifíse a fhaightear go ginearálta a ghlacadh agus a thaispeáint (cibé acu atá nó nach bhfuil a úsáid chun na críche sin ag brath ar aon rud eile a úsáid i gcomhar leis), agus aon bhogearraí nó cóimeáil a chuimsíonn gléas den sórt sin agus gléas eile.”.
Conas a oibríonn sé?
Faoin Acht Craolacháin 2009, is cion in‑ionchúisithe é teilifís nach bhfuil Ceadúnas Teilifíse bailí aici a bheith i do sheilbh. Is é €160 costas Cheadúnas Teilifíse. D’fhéadfadh fíneáil suas le €1,000 a bheith i gceist as teilifís neamhcheadúnaithe i gcás chéad chiona. Tá roinnt bealaí ann chun Ceadúnas Teilifíse a cheannach nó a athnuachan, ionas gur féidir leat an rogha is oiriúnaí duit a roghnú. Tabhair cuairt ar www.tvlicence.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
Céim ar Chéim
Conas is féidir liom íoc as mo Cheadúnas Teilifíse nó é a athnuachan?
Is féidir leat íoc as do Cheadúnas Teilifíse nó é a athnuachan trí aon cheann de na modhanna seo a leanas a úsáid:
- Íoc ar líne le Cárta Dochair nó le Cárta Creidmheasa.
- Íoc le hairgead tirim, le seic nó le Cárta Dochair in aon Oifig Phoist.
- Íoc trí Dhochar Díreach.
- Íoc ar an bhfón ar 01 705 8800 le Cárta Dochair nó le Cárta Creidmheasa.
- Seol seic (crosáilte agus iníoctha le An Post) chuig d’Oifig Áitiúil Taifead um Cheadúnas Teilifíse.
- Ceannaigh stampaí Ceadúnais Teilifíse i d’Oifig Phoist áitiúil.
- Íoc le hairgead tirim ag asraonta roghnaithe PostPoint.
Má íocann tú ar an bhfón trí ionad glaonna, seolfar do Cheadúnas Teilifíse chuig do theach laistigh de 10–14 lá.
Agus do Cheadúnas Teilifíse á athnuachan agat, bíodh d’uimhir thagartha Cheadúnais Teilifíse réidh agat. Má tá tú á athnuachan ar líne, beidh do PIN ag teastáil uait freisin. Tá an dá shonra seo san áireamh san fhógra meabhrúcháin a sheolann an rannóg um Cheadúnas Teilifíse.
Má tá tú ag íoc in Oifig Phoist, tabhair do fhógra meabhrúcháin leat chun moilleanna a sheachaint.
Íoc i dTráthchodanna
Is féidir leat íoc as do Cheadúnas Teilifíse i dtráthchodanna trí Dhochar Díreach ó:- Cuntas Bainc Reatha; nó
- Cárta Dochair nó Cárta Creidmheasa.
Cé mhéad?
Cosnaíonn Ceadúnas Teilifíse €160.Ceannaigh nó athnuaigh do cheadúnas teilifíse ar líne.
An bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil agat?
Má tá, d'fhéadfá a bheith i dteideal ceadúnais saor in aisce. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) ar 0818 200 400.Má athraíonn tú do sheoladh, cuir é sin in iúl d'Oifig Thaifid na gCeadúnas Teilifíse agus féadfaidh tú do cheadúnas a aistriú chuig do sheoladh nua.
Tuilleadh eolais:
Oifig Thaifid na gCeadúnas TeilifíseFoirgneamh EXO
Cé an Bhalla Thuaidh
Baile Átha Cliath 1
D01 W5Y2
01 705 8800
Dublin.TVlicence@anpost.ie
www.tvlicence.ie
Téarmaí agus Coinníollacha
Baineann na téarmaí agus na coinníollacha seo leatsa, an custaiméir, maidir le húsáid na seirbhíse ar líne chun táille do cheadúnais teilifíse a íoc (agus na seirbhísí gaolmhara a thuairiscítear) ar a dtugtar TVLicence.ie / TVLicense.ie.Ar fud na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo, tagraíonn na téarmaí "tú" agus "do" duitse, an custaiméir atá ag clárú chun seirbhís TVLicence.ie / TVLicense.ie a úsáid. Tagraíonn na téarmaí "muid", "sinn" agus "ár" d'An Post atá ag trádáil mar TVLicence.ie / TVLicense.ie (dá ngairtear TVLicence.ie / TVLicense.ie anseo feasta).
Trí ghlacadh leis na téarmaí agus na coinníollacha seo, aontaíonn tú clárú do na seirbhísí a thuairiscítear agus iad a úsáid (agus aon seirbhísí eile nach bhfuil cur síos sonrach déanta orthu ach atá ar fáil faoi láthair ar TVLicence.ie / TVLicense.ie nó a d'fhéadfadh a bheith ar fáil amach anseo) ar bhealach cuí agus dleathach.
Reachtaíocht
Ceanglaítear ar An Post le dlí seirbhísí áirithe a chur ar fáil maidir le ceadúnais teilifíse thar ceann an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Leagtar amach san Acht Craolacháin 2009 agus i reachtaíocht eile na forálacha a bhaineann le ceadúnais teilifíse.
Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil faoin dlí a bhaineann le ceadúnais teilifíse trí chuairt a thabhairt ar: http://www.irishstatutebook.ie
Rochtain ar an tSeirbhís
Cuireann An Post, trí TVLicence.ie / TVLicense.ie, seirbhís íocaíochta ar líne ar fáil duit chun do cheadúnas teilifíse a athnuachan, ceadúnas a cheannach den chéad uair, nó do shonraí pearsanta agus do sheoladh a bhaineann le do cheadúnas teilifíse a nuashonrú má tá tú tar éis bogadh tí nó áitribh.
Eisítear Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) duit ar d'fhógra athnuachana. Ligfidh an PIN sin, mar aon le d'Uimhir Thagartha Teilifíse 17 ndigit, duit logáil isteach ar shuíomh gréasáin na gCeadúnas Teilifíse agus do cheadúnas a athnuachan nó do shonraí pearsanta a athrú mar a thuairiscítear.
Fanfaidh an PIN bailí ar feadh bliana amháin. Ba cheart duit d'fhógra athnuachana, ina bhfuil do PIN agus d'Uimhir Thagartha Teilifíse, a choimeád slán chun cosc a chur ar aon duine eile logáil isteach agus do cheadúnas teilifíse a athnuachan nó do sheoladh cláraithe a athrú.
Más mian leat ceadúnas a cheannach den chéad uair, ní bheidh PIN ná Uimhir Thagartha Teilifíse ag teastáil uait. Is féidir leat do chéad cheadúnas teilifíse a cheannach trí chliceáil ar an gcnaipe "Ceannaigh Ceadúnas Nua" agus an fhaisnéis iarrtha a chur isteach ar an bhfoirm iarratais ar líne.
Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go gcoinnítear na dintiúir logála isteach seo slán agus nach nochtar iad d'aon duine eile. Má cheadaíonn tú do dhuine eile rochtain a fháil ar an tseirbhís ag baint úsáid as do chuid dintiúr logála isteach, údaraíonn tú dóibh aon cheann de na háiseanna atá ar fáil duit a úsáid, lena n-áirítear do chuid faisnéise a fheiceáil agus do cheadúnas teilifíse a íoc.
Íocaíochtaí
Déantar íocaíocht chun do cheadúnas teilifíse a athnuachan nó chun ceadúnas a cheannach den chéad uair trí chárta dochair nó cárta creidmheasa.Tabhair faoi deara nach bpróiseálfar d'íocaíocht mura bhfuil dóthain cistí i do chuntas chun an t-idirbheart a chlúdach. Déanfar údarú ar líne ar gach cárta sula gcuirfear an t-idirbheart i gcrích.
Do Cheadúnas Nua a Fháil
Seolfar do cheadúnas teilifíse chugat laistigh de 10 go 14 lá oibre tar éis d'idirbheart a bheith curtha i gcrích go rathúil.Féadfaidh An Post, mar ghníomhaire don Aire, ceadúnas a leasú más cuí sin sna himthosca, mar shampla trí leasú a dhéanamh ar an seoladh lena mbaineann an ceadúnas teilifíse nó trí cheartú a dhéanamh ar na dátaí a bhaineann leis an gceadúnas sin.
Athrú Sonraí Pearsanta
Cuireann TVLicence.ie / TVLicense.ie ar do chumas freisin do shonraí pearsanta a athrú sa mhéid is go mbaineann siad le do cheadúnas teilifíse.Is féidir leat do shonraí pearsanta a athrú:
- agus do cheadúnas teilifíse á athnuachan agat; nó
- tráth ar bith le linn thréimhse bhailíochta do cheadúnais teilifíse, ar choinníoll go bhfuil do PIN agus d'Uimhir Thagartha Teilifíse agat.
Féadfaidh tú roinnt cineálacha eile sonraí pearsanta a nuashonrú nó a athrú freisin. Tá siad teoranta do:
- d'uimhir ghutháin;
- d'uimhir fóin póca;
- do sheoladh ríomhphoist; nó
- do thoiliú chun comhfhreagras leictreonach a fháil ó Oifig Thaifid na gCeadúnas Teilifíse.
Sonraí Pearsanta agus Cosaint Sonraí
Admhaíonn tú, trí úsáid a bhaint as seirbhís TVLicence.ie / TVLicense.ie, go bhfuil faisnéis rúnda fút á cur ar fáil agat agus glacann tú leis nach mbainfear úsáid aisti ach chun seirbhís TVLicence.ie / TVLicense.ie a chur ar fáil. Ní nochtfar d'aon tríú páirtí í ach amháin nuair is gá chun gnáthoibriú na seirbhíse a chinntiú.
Bainfear úsáid as na sonraí pearsanta a chaithfidh tú a chur ar fáil chun:
- ceadúnas teilifíse a cheannach;
- ceadúnas nua a eisiúint duit;
- bunachar sonraí na gCeadúnas Teilifíse a nuashonrú;
- cártaí creidmheasa nó dochair a fhíorú;
- scríobh chugat maidir le do cheadúnas a bheith ag dul in éag; agus
- tú a chur ar an eolas faoi mhéadú táille nó faoi athruithe ar mhodhanna íocaíochta.
- Tá tuilleadh eolais faoi Chosaint Sonraí inár Ráiteas Príobháideachais agus inár Ráiteas Slándála.
Cearta Maoine Intleachtúla
Fanfaidh na cearta maoine intleachtúla i sonraí nó in ábhair arna bhforbairt nó arna n-úsáid ag An Post agus a úsáidtear ar shuíomh gréasáin TVLicence.ie / TVLicense.ie le hAn Post, nó beidh siad dílsithe d'An Post nuair a chruthófar iad.Slándáil Faisnéise Pearsanta agus Airgeadais
Níl sa PIN agus san Uimhir Thagartha Teilifíse 17 ndigit ach dhá cheann de na bearta slándála a úsáidimid chun a chinntiú nach féidir ach leatsa rochtain a fháil ar do chuid faisnéise.Ní bheidh do PIN bailí ach ar feadh bliana amháin. Ar chúiseanna slándála, ní féidir PIN ionaid a eisiúint ar an teileafón.Úsáidimid córas slán íocaíochta ar líne freisin. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár Ráiteas Slándála.
Tá cosaint do shonraí pearsanta thar a bheith tábhachtach dúinn. Léigh an chuid maidir le Sonraí Pearsanta agus ár Ráiteas Príobháideachais..
Fógraí
Féadfar aon fhógra a bheidh le seirbheáil orainne a sheoladh trí ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a chuir muid in iúl duit, agus measfar go bhfuair muid é 72 uair an chloig tar éis é a sheoladh.Fiosrúcháin a Bhaineann leis an tSeirbhís
Ní mór gach fiosrúchán a bhaineann le húsáid na seirbhíse a dhéanamh ar an teileafón, trí ríomhphost nó tríd an bpost.Teileafón: 01 705 8800
Uaireanta oscailte: 09:00 go 17:00, Luan go hAoine
Ríomhphost: tvlicence.web@anpost.ie
Seirbhísí Ceadúnas Teilifíse
6ú hUrlár
Foirgneamh EXO
Cé an Bhalla Thuaidh
Baile Átha Cliath 1
D01 W5Y2
Má bhaineann d'fhiosrúchán le do chárta dochair agus/nó creidmheasa, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí seirbhíse cárta dochair agus/nó creidmheasa.