Earraí Toirmiscthe
Toirmisc 5. (1) Ní phostálfar ná ní iomprófar sa phost aon Phaicéad Poist ina bhfuil aon cheann de na hearraí atá liostáilte sa Dara Sceideal nó atá lasmuigh de na toisí nó an meáchan uasta atá leagtha amach i gCoinníoll 14(4). (2) Beidh seoltóir Phaicéad Poist a sháraíonn Coinníoll 5(1) faoi dhliteanas maidir le gach costas a thabhaítear as é a dhiúscairt agus gach caillteanas a eascraíonn as dochar do Phaicéid Poist eile nó d'fhoireann nó do threalamh nó caillteanas a eascraíonn as moill nó cur isteach ar sheirbhísí. Ní bheidh aon oibleagáid ar An Post an Paicéad Poist a sheoladh ar ais chuig an seoltóir ná é a sheachadadh. Féadfaidh An Post é a dhiúscairt mar is cuí leis agus ní bheith aon dliteanas air i leith an tseoltóra. (3) Féadfar Paicéid Poist ina bhfuil aon earra atá toirmiscthe faoi Choinníoll 5(1) a sheachadadh faoi réir srianta nó riachtanais a shonróidh An Post ó am go ham.
An dara sceideal
Liosta d'earraí toirmiscthe
Tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas sa Sceideal seo (1) Cialalíonn "ADR" an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Bhóithre 2006, imleabhair 1 agus 2 mar a leasaítear ó am go ham. (2) Ciallaíonn "ADR Catagóir A" substaintí Catagóir A mar atá sainmhínithe in alt 2.2.62 d'imleabhar 1 den ADR mar a leasaítear ó am go ham atá sainmhínithe mar Shubstaint Thógálach atá in ann míchumas buan, galar a bheadh ina chúis báis nó a bheadh marfach do dhaoine nó d'ainmhithe nuair a tharlaíonn nochtadh. (3) Ciallaíonn "ADR Catagóir B" substaintí Catagóir B mar atá sainmhínithe in alt 2.2.62 de imleabhar 1 den ADR mar a leasaítear ó am go ham agus atá sainmhínithe mar shubstaint thógálach nach sroicheann na critéir lena n-áireamh in ADR Catagóir A. (4) Ciallaíonn "ADR Treoracha Pacáistithe ADR P650” na treoracha pacáistithe a fheidhmítear i leith UN 3373 atá leagtha amach in alt 4.1.4 de imleabhar 2 den ADR mar a leasaítear ó am go ham, a bhfuil cóip de ar fáil le hiniúchadh ar shuíomh gréasáin An Post (www.anpost.ie) agus ó oifigí poist; (5) Ciallaíonn "Substaint Bhitheolaíoch, Catagóir B" aon Substaint Thógálach atá sainithe i leith UN 3373 den ADR. (6) Ciallaíonn "Dramhaíl Chliniciúil" ábhair dramhaíola a eascraíonn as cóireáil míochaine ainmnithe nó daoine nó ó bhith-thaighde. (7) Ciallaíonn "Saothráin" toradh phróiseas trína ndéantar paitigin a aimpliú nó a iomadú d'fhonn tiúchain arda a ghiniúint, agus dá réir sin riosca ionfhabhtaithe a mhéadú nuair a tharlaíonn nochtadh dóibh. Tagraíonn an sainmhíniú seo do shaothráin a ullmhaíodh le hintinn paitigin a ghiniúint agus ní áirítear leis saothráin a mbaineann cuspóirí diagnóiseacha agus cliniciúla leo. Ciallaíonn "Substaintí Tógálacha" substaintí a bhfuil sé aitheanta nó a mbeifear ag súil go mbeadh Paitigin iontu, agus lena n-áirítear substaintí tógálacha a théann i bhfeidhm ar dhaoine, substaintí tógálacha a théann i bhfeidhm ar dhaoine agus ainmhithe, substaintí tógála a théann i bhfeidhm ar ainmhithe amháin, Dramhaíl Chliniciúil agus eiseamail bhitheolaíocha; (9) Ciallaíonn "Paitigin" miocrorgánaigh (lena n-áirítear baictéir, víris, ricéitsia, seadáin, fungais agus gníomhairí eile ar nós prióin ar féidir leo a bheith ina gcúis galair i ndaoine agus in ainmhithe.
Ní cheadaítear na hearraí a leanas a chur i bPaicéad Poist.
Paicéid Phoist (1)(a) Atá comhdhéanta de nó ina bhfuil aon phrionta, péinteáil, grianghraf, liteagraf nó scannán cromatragrafach, greanadh, leabhar nó cárta, nó aon earra mígheanasach nó graosta, nó aon ábhar mígheanasach nó graosta eile, cibé acu iad a bheith cosúil lena bhfuil thuas nó gan a bheith; nó (b) ar a bhfuil, nó ar a chlúdach, aon fhocail, marcanna nó dearaí de nádúr mígheanasach nó graosta; nó (c) atá déanta de nó ina bhfuil: (i) Substaint chontúirteach, tocsaineach, nimhneach nó tógálach; seachas Substaintí Bitheolaíocha, Catagóir B a mhalartaítear idir seoltóirí atá aitheanta go hoifigiúil mar a chinnfidh An Post nó údarás inniúil an tseoltóra nach raibh á iompar ar muir nó san aer roimhe seo; agus atá pacáilte agus lipéadaithe de réir chlásal 3 den Sceideal seo (ii) substaint phléascach d'aon chineál; (iii) aon salachar; (iv) airm tine; ordanás míleata, macasamhail airm tine, macasamhail nó gairis phléascacha támha (v) creimirí, aigéid, péintdíobhach; (vi) substaintí ocsaídiúcháin nó sárocsaídí orgánacha; (vii) gáis chomhbhrúite leachtaithe nó thuaslagtha; (viii) oighear tirim; (ix) solaid nó leachtanna inadhainte; (x) ábhair atá i mbaol dócháin spontáineach; (xi) péinteanna, vearnaisí, ruaimeanna; (xii) ábhair radaighníomhacha (ach amháin faoi cheadúnas); (xiii) créatúir bheo agus glasraí; (xiv) drugaí forordaithe nó contúirteacha (ach amháin faoi cheadúnas reachtúil); (xv) ábhair mhearcair a mheastar a bheith mídhleathach nó toirmiscthe ag aon Údarás Rialtais; (xvi) ábhair orgánacha nó bhitheolaíocha ar dóigh dóibh éag faoi bhealach; (xvii) ionstraimí géara nach bhfuil cosanta i gceart; (xviii) aon substaint díobhálach nó dochrach (xix) aon earra nó rud ar dóigh dó díobháil a dhéanamh d’aon Phaicéad Poist eile le linn iompair leis an bpost nó le haon ghabhdán ina n-iompraítear an rud sin nó le hoifigeach de chuid an Phoist nó aon duine eile a fhéadfaidh déileáil leis an bPacáiste Poist nó leis an trealamh poist nó le maoin tríú páirtí (xx) ina bhfuil aon earra atá faoi dhliteanas dleachta custaim mura gceadaíonn an tír a bhfuil an Paicéad Poist allmhairiú na n-earraí sin leis an bpost agus go bhfuil lipéad custaim san fhoirm fhorordaithe greamaithe ar an bPaicéad Poist. (xxi) earraí brionnaithe nó bradacha.
(2) Paicéad Poist (a) nach bhfuil dearbhú custaim nó slándála air maidir lena inneachar, nuair a éilítear amhlaidh.
(b) a bhfuil Stampa Poist bréige nó aon chló bréige de mheaisín stampála nó de Mheaisín Frainceála Poist nó Ceadúnas nó lipéad a úsáideadh faoi threoir nó a chuireann in iúl go bréagach go bhfuil an Muirear poist íoctha nó nach bhfuil sé dlite.
(c) a airbheartaíonn a bheith réamhíoctha le haon mharc, stampa, lipéad nó cló ar mheaisín stampála nó ar Mheaisín Frainceála Poist a úsáideadh roimhe seo chun Muirir a réamhíoc i leith aon Phaicéad Poist eile,
(d) a bhfuil aon fhocail, litreacha, lipéid nó marcanna air (a úsáidtear gan údarás cuí) a thugann le fios le tuiscint, nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le réasún go gcreidfeadh an faighteoir gur duine éigin seachas an seoltóir a chuir é,
(e) d’fhoirm sin nó de chuma lena tharchur tríd an bpost nó a bhfuil aon fhocail, marcanna nó dearaí de charachtar ar dóigh dó náire a chur ar oifigigh An Post agus iad ag déileáil leis an bPacáiste Poist; nó
(f) aon rud a bheith scríofa, priontáilte nó clóite ar aon chuid den taobh sin den Phaicéad Poist ar a bhfuil an seoladh a bhfuil an Paicéad Poist le seachadadh chuige nó ceangailte leis ar bhealacha chuirfeadh isteach ar seoladh an Phaicéid Poist a léamh go héasca agus go gasta, nó trí chóngaracht mhí-áisiúil don stampa nó do na stampaí a úsáidtear chun postas a íoc, nó ar bhealach ar bith eile, ann féin, ina bhfuil sé scríofa, priontáilte nó clóite ar dócha go gcuirfí bac ar oifigigh An Post agus iad ag déileáil leis an bPacáiste Poist sin
(g) an clúdach ina bhfuil an chuid sin nó an chuid de atá curtha in áirithe don seoladh a bheith ina chodanna ar leithligh chun seoltaí comhleanúnacha a chur isteach nó marcanna nó dearaí neamhúdaraithe a bheith air,
(h) ina bhfuil aon doiciméad, ór, platanam nó miotal luachmhar, eile, airgeadra, urrús , earraí (lena n-áirítear stampaí) nó earra eile, tráchtearra, nó rud a bhfuil a onnmhairiú nó a allmhairiú (de réir mar a bheidh) faoi réir rialaithe, srianta nó toirmisc faoi aon dlí de chuid an Stáit nó aon Stáit eile atá i bhfeidhm de thuras na huaire, ach amháin, a mhéid a údaraítear onnmhairiú nó allmhairiú (de réir mar a bheidh) de réir fhorálacha an dlí sin,
(i) ina bhfuil Pas mura bhfuil sé i bPacáiste Poist Cláraithe Intíre a bhfuil meáchan níos lú ná 2kg ann, nó
(j) ina bhfuil airgead tirim nó boinn airgid.
(3) Ní bheidh na na nithe a leanas i bPaicéid Phoist a sheoltar chuig cinn scríbe lasmuigh den Stát nó de Thuaisceart Éireann (i) aerasóil (ii) cartúis tonóra agus dúch (iii) leachtanna de chineál ar bith (lena n-áirítear uisce, alcól, glóthacha, uachtair, lóis iarbhearrtha agus cumhrán) (iv) earraí atá toirmiscthe nó srianta ag IATA (Cumann Aeriompair Idirnáisiúnta, ICAO, aon roinn rialtais nó comhlacht rialacháin (4) Déanfar Paicéid Poist ina bhfuil Substaintí Bitheolaíocha Catagóir B a phacáil de réir Threoracha Pacáistithe ADR P650 agus aon rialacha speisialta a fhoilseofar faoi Choinníoll 6 (1) agus beidh siad marcáilte go soiléir le “Catagóir Substaintí Bitheolaíocha B”. Beidh seoladh fillte an tseoltóra le feiceáil ar chúinne uachtar clé thaobh an tseolta den Phaicéad Poist, agus léireoidh an seoltóir ar an taobh amuigh den Phaicéad Poist cad iad na substaintí bitheolaíochta atá sa Phaicéad Poist ar bhealach a éilíonn An Post. (5) I gcás ina mbeidh aon dath, foirm nó dearadh áirithe forordaithe ag Post le húsáid i ndáil le haicme áirithe Paicéad Poist, le tíolacadh sa phost ní féidir aon Phaicéad Poist eile den dath, den fhoirm nó den dearadh sin a phostáil.