Skip to main content

Roghanna seachadta idirnáisiúnta le post a chur thar lear

An bhfuil litir nó beartán le cur thar lear agat? Tá roghanna éagsúla seachadta idirnáisiúnta á dtairiscint ag An Post, lena n-áirítear:

Le fáil amach an bhfuil Gnáthphost ar fáil go dtí an tír atá roghnaithe agat bain úsáid as an uirlis Áirigh an Postas mar a bhfuil fáil ar na hamanna seachadta a bhfuiltear ag súil leo chomh maith.

Nuair atá paicéid nó beartáin á seoladh chuig cinn scríbe lasmuigh den Aontas Eorpach, tá dearbhú custaim comhlánaithe riachtanach agus tá sé ar fáil ó d'oifig phoist. Tá dhá fhoirm custaim ar fáil ó An Post:

  • An CP72 le haghaidh beartán nó earraí le luach níos mó ná €300
  • An CN22 le haghaidh gach earra eile

Ní mór Dearbhú Slándála Eitlíochta a ghreamú le haon phaicéad nó earra ina bhfuil earraí á seoladh san AE, seachas Tuaisceart Éireann, d'fhonn comhlíonadh slándála aerlínte a chomhlíonadh.

Tuilleadh faisnéise maidir le riachtanais custaim agus cáipéisí.

Mearphost Idirnáisiúnta

Mearphost Idirnáisiúnta bealach iontaofa, mear, cost-éifeachtúil le d'earra a sheoladh thar lear.

Déanaimid seachadadh chuig réimse de chinn scríbe idirnáisiúnta lena n-áirítear An Bhreatain 21 tír san Eoraip chomh maith leis An Astráil, Ceanada, Iosrael, An Nua-Shéalainn, Singeapór agus SAM. Níl in amanna seachadta idirnáisiúnta An Post ach meastacháin agus ní féidir iad a rathú.

An tairiscint

  • Litreacha, clúdaigh móra nó paicéid a mheánn suas le 2kg a iompar
  • Seachadadh chuig liosta de chinn scríbe idirnáisiúnta
  • Rianú ar líne ar d'earra go dtí go mbíonn an seachadadh deimhnithe

Conas a oibríonn sé

  1. Pioc suas lipéad barrachóid Mearphost Idirnáisiúnta in aon oifig phoist nó ceannaigh ceann ar líne
  2. Greamaigh an lipéad ar aghaidh d'earra taobh leis an seoladh
  3. Comhlánaigh  na cáipéisí custaim cuí le haghaidh earraí idirnáisiúnta
  4. Greamaigh an postas cuí air
  5. Rianaigh d'earra ar líne le huimhir uathúil na hadmhála
  6. Deimhneofar an seachadadh ach ní bheidh síniú ar fáil.

Cad a chosnaíonn sé

Braitheann costas Mearphost Idirnáisiúnta ar mhéid agus ar mheáchain an earra atá á phostáil agat agus ar a cheann scríbe. Seiceáil rátaí idirnáisiúnta An Post.

Eolas riachtanach

Léigh na Téarmaí agus Coinníollacha

Tuilleadh eolais faoin Seirbhís Cúiréara Idirnáisiúnta

Tuilleadh eolais faoi Post Cláraithe Idirnáisiúnta

 


Mearphost: Rátaí Idirnáisiúnta

Crios 2 

Meáchain Litir Clúdach Mór Paicéad
100g €13.50 €13.50 €13.50
250g   €14.50 €14.50
500g   €15.50 €15.50
1kg   €19.00 €19.00
1.5kg     €22.00
2kg     €22.00

Crios 3 - An Eoraip

An Eoraip An Ostair, An Bheilg, An Chróit, An Danmhairg, An Eastóin, An Fhionlainn, An Fhrainc (An Chorsaic agus Monacó san áireamh), An Ghearmáin, An Ungáir, An Íoslainn, An Laitvia, An Liotuáin, Lucsamburg, Málta, An Ísiltír, An Pholainn, An Phortaingéil, An tSlóvaic, An Spáinn, An tSualainn agus An Eilvéis

Meáchain Litir Clúdach Mór Paicéad
100g €14.00 €14.00 €14.00
250g €15.00 €15.00 €15.00
500g   €17.00 €17.00
1kg   €23.50 €23.50
1.5kg   €23.50 €23.50
2kg     €23.50

 

Crios 4 - An Chuid eile den Domhan

An Chuid Eile den Domhan: An Astráil, Ceanada, Iosrael, An Nua-Shéalainn, Singeapór, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Meáchain

Litir

Clúdach Mór

Paicéad

100g

€17.00

€17.00

€17.00

250g

 

€17.00

€17.00

500g

 

€17.00

€17.00

1kg

   

€23.50

1.5kg

   

€29.50

2kg

   

€35.50

Féach ár Sceideal Táillí

Gliogáil agus Postáil

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service