Téarmaí & Coinníollacha - An tSeirbhís Paicéad Poist Árachaithe

  1. Forbhreathnú ar an tseirbhís
    1. Faoin tseirbhís Paicéad Poist Árachaithe, féadfaidh seoltóir Paicéad Poist a chur chuig ceann scríbe idirnáisiúnta le cumhdach árachais i leith caillteanais, goid nó damáiste suas go dtí an luach a dhearbhaíonn an seoltóir, faoi réir na dteorainneacha atá leagtha amach sna Téarmaí agus Coinníollacha seo.
    2. Ní seirbhís lámh-go-lámh ná seirbhís Chláraithe í seo agus ní gá síniú ar sheachadadh. Is ionann deimhniú seachadta arna thaifeadadh ag an oibreoir poist glactha agus cruthúnas ar sheachadadh.
    3. Níl an tseirbhís Paicéad Poist Árachaithe ar fáil laistigh d’oileán na hÉireann.
    4. Tá an tseirbhís ar fáil le haghaidh doiciméad agus earraí suas le 20kg.

  2. Téarmaí agus Coinníollacha
    1. Leifear na Téarmaí agus Coinníollacha seo i dteannta Téarmaí agus Coinníollacha Post Aonphíosa an OSU (Oibleagáid Seirbhíse Uilíche), agus is forlíonadh orthu iad.
    2. Tá litreacha móra ag tús focal áirithe sna Téarmaí agus Coinníollacha seo. Tá na bríonna céanna ag na focail sin agus atá i dTéarmaí agus Coinníollacha Post Aonphíosa an OSU.
    3. Ach amháin sa chás go n-athraítear nó go bhforlíontar iad go sainráite leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo, beidh feidhm ag Téarmaí agus Coinníollacha Post Aonphíosa an OSU maidir leis an tseirbhís Paicéad Poist Árachaithe.
    4. Má tharlaíonn aon neamhréireacht nó coinbhleacht idir na Téarmaí agus Coinníollacha seo agus Téarmaí agus Coinníollacha Post Aonphíosa an OSU, is iad na Téarmaí agus Coinníollacha seo a bheidh i réim maidir leis an tseirbhís Paicéad Poist Árachaithe.

  3. Muirir
    1. Gearrfar na Muirir atá sonraithe sa Sceideal Muirir ar Phaicéid Phoist Árachaithe agus beidh na muirir sin iníoctha.

  4. Deimhniú Postála agus Uimhir Lorgaireachta
    1. ASoláthróidh An Post Deimhniú Postála ach é a iarraidh nuair a phostáiltear Paicéad Poist Árachaithe in Oifig an Phoist.
    2. Eiseoidh An Post admháil ar a mbeidh uimhir lorgaireachta, an luach dearbhaithe agus faisnéis thábhachtach eile. Ba cheart do chustaiméirí an admháil seo a choimeád.

  5. Cumhdach Árachais
    1. Ní bheidh feidhm ag cumhdach árachais ach amháin sa chás go bhfuil luach an Phaicéid Phoist dearbhaithe ag an seoltóir agus na muirir chuí íoctha.
    2. An cúiteamh iníoctha i leith Paicéid Phoist Árachaithe:
      1. atá seolta chuig áit ar bith lasmuigh den Eoraip (más Paicéad Poist Árachaithe seachas Parasal é): tá sé teoranta do €35 móide na muirir a íocadh; más Parasal é: tá sé teoranta do €100 móide na muirir a íocadh
      2. atá seolta chuig an Eoraip (gan an Ríocht Aontaithe a áireamh): tá sé teoranta do €150 móide na muirir a íocadh;
      3. atá seolta chuig an Ríocht Aontaithe: tá sé teoranta do €320, móide na muirir a íocadh.
    3. Clúdaíonn an t-árachas caillteanas, goid nó damáiste suas go dtí an luach dearbhaithe, faoi réir eisiaimh.
    4. Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i leith Paicéad Poist Árachaithe ina bhfuil aon cheann de na hítimí thíos:
      1. Airgead tirim, lena n-áirítear Airgead Páipéir agus Boinn.
      2. Dréachtaí Bainc;
      3.  Dearbháin a bhfuil luach airgeadaíochta aghaidhe acu (seachas stampaí poist);
      4. Pasanna;
      5. Seodra;
      6. Miotail lómhara amhail platanam, ór nó airgead.
    5. Ní bheidh an cúiteamh iomlán níos mó ná €350 móide na muirir a íocadh in aon chás.

  6. Seachadadh
    1. Ní gá síniú ar sheachadadh. Glactar le deimhniú seachadta ón oibreoir cinn scríbe mar chruthúnas leordhóthanach ar sheachadadh.
    2. Seolfar ítimí nach féidir a sheachadadh ar ais chuig an seoltóir nuair is féidir.

  7. Infhaighteacht seirbhíse agus athruithe ar na Téarmaí & Coinníollacha seo
    1. Féadfaidh An Post an tseirbhís seo a tharraingt siar nó a mhodhnú ó am go chéile chun athruithe sa dlí nó i ndea-chleachtas a léiriú, nó de bharr imthosca lasmuigh de smacht An Post. Nuair is féidir, tabharfar fógra réasúnta faoi aon athruithe ábhartha ar na Téarmaí agus Coinníollacha ar ár suíomh gréasáin.

  8. Gearáin agus Éilimh
    1. Déileálfar le gearáin de réir phróiseas réitigh gearán An Post, atá le fáil anseo.
    2. Féadfar éilimh a chur isteach i leith caillteanais, goid nó damáiste.
    3. Ní mór cruthúnas postála, fianaise ar luach, agus sonraí faoin gcaillteanas, faoin ngoid nó faoin ndamáiste a bheith ag gabháil le héilimh.
    4. Ní bheidh an cúiteamh níos mó ná an luach dearbhaithe ná an teorainn árachais.
    5. Sa chás go bhfuil deimhniú seachadta ann, ní bheidh aon éileamh iníoctha.
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service