Skip to main content

Treoir do na ráta poist

Is í aidhm An Post an postáil a dhéanamh chomh héasca agus is féidir. Braitheann an praghas a ghearraimid ar an gcineál seirbhíse a roghnaíonn tú, ar an gcineál earra a phostálann tú agus cén áit a bhfuil tú á sheoladh chuige
Tá ceithre sheirbhís ar leith ar fáil uainn:

Faigh breis eolais i dtaobh rátaí An Post , lena n-áirítear ár rátaí idirnáisiúnta agus ár rátaí pacáiste.

Déantar ráta poist a áireamh de réir meáchan, cruth, méid agus ceann scríbe an earra atá á phostáil agat, ag brath ar chostas próiseála agus seachadta na n-earraí sin.
Tá an post roinnte i gceithre aicme ag An Post le costas seachadta a dheimhniú:

Nuair atá d'earra níos mó i méid nó i meáchain ná an teorainn in aon aicme, cuirtear isteach é go huathoibríoch sa chéad aicme poist eile. Breis eolais faoi na treoirlínte méide agus meáchain.

Braitheann an praghas a íocann tú freisin ar cheann scríbe do phoist. Tá ceithre phríomh-earnáil praghais ag An Post ag brath ar an áit ar domhan a bhfuil do litir nó do bheartán ag dul. Is iad seo:

  • Crios 1 - Éire agus Tuaisceart Éireann
  • Crios 2 - An Bhreatain, lena n-áirítear Sasana, An Bhreatain Bheag agus Albain
  • Crios 3 - An Eoraip
  • Crios 4 - An Chuid eile den Domhan

Braitheann costas an phostais chuig an RA ó Phoblacht na hÉireann ar cé acu an bhfuil d'earra ag dul go Tuaisceart Éireann nó an chuid eile den RA. Tá na rátaí poist go Tuaisceart Éireann mar an gcéanna leis na rátaí sa Phoblacht.

Maidir le roinnt seirbhísí, ar nós Seirbhís Cúiréara Idirnáisiúnta, tá rátaí poist éagsúla ag An Post le haghaidh tíortha san Aontas Eorpach agus Tíortha Eorpacha eile.

An gcuireann tú a lán poist? Faigh amach faoi na  lascainí agus dreasachtaí atá ar fáil duit.

Gliogáil agus Postáil

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service