Beidh cruthúnas céannachta, seoladh agus ioncaim de dhíth ort le d'iarratas ar chárta creidmheasa a phróiseáil.
Cruthúnas Céannachta
Ní mór duit píosa fianaise le grianghraf atá suas chun dáta a sheoladh. Glacaimid le haon cheann díobh seo a leanas:
- Pas - déan cinnte nuair a ghlacann tú pictiúr de do phas go mbíonn leathanaigh a trí agus a ceathair le feiceáil go soiléir.
- Ceadúnas tiomána - féadfaidh tú an sean-cheadúnas páipéir nó an cárta nua a úsáid, ach déan cinnte go mbíonn d'ainm, do phictiúr agus an dáta éaga le feiceáil go soiléir.
- Cárta inimirce nó cárta aoise Garda - déan cinnte go mbíonn d'ainm, do phictiúr agus an dáta éaga le feiceáil go soiléir sa ghrianghraf a ghlacann tú de do chárta.
Proof of address
We will need one of the following documents, dated within the last three months:
- Utility bill
- Any bank correspndence displaying the customer's bank account number
- Any revenue correspondance
- Any social welfare correspondance displaying the customer's PPS number
- Any insurance correspondance displaying the customer's policy number (including; home, life, car, health)
- Littlewoods correspondance displaying the customer's account number
- Road Safety Authority / National Driving Licence Service / correspondance such as NCT - National Car Test Report
- Any correspondance issued from or on behalf of a government body or local county council
When taking a photo of your proof of address, we need to see the full page clearly. Please ensure the image is not blurry so we can verify your address.
Cruthúnas ioncaim
Le d'ioncam a dheimhniú ní mór dúinn na ráitis bainc is déanaí don chuntas a n-íoctar d'ioncam isteach ann a fheiceáil. Is ceart go mbeadh d'ainm agus do sheoladh orthu seo. Is féidir ráitis bainc a íoslódáil i bhfoirm PDF ó shuíomh gréasáin gach bainc, ar gach fearas.
Má tá tú féinfhostaithe, féadfaidh tú foirmeacha meastachán cánach don dá bhliain seo caite a úsáid. Is féidir na cáipéisí seo, lena n-áirítear na tuairiscáin chánach agus foirmeacha glactha na gCoimisinéirí Ioncaim, a fháil ó do chuntasóir nó ó na Coimisinéirí Cánach.
Mura n-íoctar d'ioncam isteach i do chuntas, is féidir grianghraf nó PDF de dhuillín pá, admháil leasa sóisialaí, do ráiteas pinsean is déanaí nó teastas cánach a úsáid.