Skip to main content

Tá an-chuid glaonna agus foirmeacha gréasáin á gcur chuig ár nglao-ionad. Mar gheall ar Covid-19 agus bearta scaradh sóisialta atá déanta againn, tá sé seo ag cur isteach ar amanna freagartha. Mar go bhfuilimid ag iarraidh cabhrú leis na custaiméirí a bhfuil na fiosruithe is práinní acu, iarraimid ort gan teagmháil teileafóin nó le foirm gréasáin a dhéanamh linn ach amháin mura bhfuil freagra le fáil ar ár suíomh gréasáin.



Tá moill ar earraí Idirnáisiúnta a sheoladh agus a ghlacadh mar go bhfuil a lán de na tíortha is mó a bhfuil gnó postála againn leo ag obair faoi thionchar na n-athruithe leanúnacha a eascraíonn as COVID-19. Lean ort ag seiceáil ár leathanach rianaithe agus téigh chuig ár liosta d'Iompróirí Idirnáisiúnta le nuashonruithe a fháil. 



Déantar an rianú a nuashonrú i rith an lae agus do phost nó do bheartán á scanadh againn. D'fhéadfadh freagra do cheiste a bheith sa  Mhol Faisnéise Covid-19.

 


Nuashonrú ar sheirbhísí An Post

Tá níos mó sonraí faoi stádas ár seirbhísí le feiceáil thíos.

Covid-19

Seirbhísí Poist

Oifigí Poist

Leasa Sóisialaí

An Post Money

Bí sábháilte ar líne

Noda le do shábháilteacht a chinntiú agus tú ar líne le linn géarchéim COVID-19. Tabhair faoi deara nach gcuirfidh An Post teachtaireacht téacs nó ríomhphost chugat riamh ag lorg sonraí pearsanta.  

  • Ná tabhair rochtain ar do chárta ná ar do PIN do dhuine ar bith. Má thugann beidh tú faoi dhliteanas maidir le haon idirbhearta calaoiseacha a dhéanfaí. Má tá tú ag clutharú, féadfaidh tú airgead a aistriú chuig tríú páirtí iontaofa trí bhaincéireacht ar líne nó teileafóin.
  • Murar féidir leat dul chuig oifig an phoist le do phinsean nó aon íocaíocht leasa sóisialaí eile a bhailiú, is féidir leat duine eile, ar a dtugtar gníomhaire sealadach, a ainmniú lena bhailiú. Tá foirm don Ghníomhaire Sealadach ar fáil i ngach oifig poist nó is féidir leat foirm iarratais le gníomhaire sealadach a cheapadh a íoslódáil.
  • Ná coinnigh suimeanna móra airgid sa bhaile ag an am seo. Ina ionad sin féadfaidh tú do chuid airgid a choinneáil i gcuntas reatha nó in oifig an phoist. Beidh rochtain agat ar do chuntas reatha ag aon am le baincéireacht ar líne.
Tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil teachtaireachtaí camscéime téacs á seoladh a chuireann in iúl go bhfuil siad ó An Post agus ag iarraidh sonraí airgeadais le haghaidh faisnéise ar bheartáin. Ní iarrfaimid sonraí airgeadais go deo trí theachtaireachtaí téacs.  Tuilleadh le léamh anseo.  

 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service