Rátaí Poist le hardú ar an 27 Feabhra ar aon dul le Treochtaí Domhanda Poist
5 Feabhra 2025
Déanfar ardú de 25c ar an stampa náisiúnta ó €1.40 go €1.65 ar an Déardaoin an 27 Feabhra 2025 le haghaidh custaiméirí pearsanta (agus ar an 1 Márta d’úsáideoirí gnó) ar aon dul le treochtaí domhanda agus faoi bhun tagarmharc an AE14 + RA de €1.88 ar sheirbhís lá arna mhárach.
Clúdófar an costas a ghabhann le seirbhís liteacha náisiúnta den chéad scoth a sholáthar chuig gach seoladh leis na hathruithe i bpraghsanna, ag cur arduithe pá d’fhoireann poist de réir an ardú pá náisiúnta, costais mhéadaithe oibrithe agus an laghdú de 8% i méideanna litreacha le 12 míonna anuas, 40% ó 2017 agus 50% le deich mbliana anuas.
Is gnó tráchtála féin-mhaoinithe faoi úinéireacht ag muintir na hÉireann é An Post a chuireann seirbhís phoiblí den chéad scoth ar fáil. Feidhmíonn an tseirbhís náisiúnta Litreacha ar ghréasán seasta a cheadaíonn seirbhís lá arna mhárach in aon áit sa Stát ar phraghas seasta. Braitheann costas an líonra ar líon na dtithe sa Stát (atá ag fás) agus braitheann an t-ioncam ar an líon na litreacha agus ar an phraghas. De réir mar atá an méid litreacha ag laghdú ardaítear an praghas. San Danmhairg mar shampla, mar a bhfuil laghdú 85% ar an méid litreacha ó 2008, cosnaíonn stampa €5.23.
Is féidir le FBManna leas a bhaint as ráta stampa náisiúnta de €1.55 le Cárta Advantage An Post - lacáiste de 6%. Beidh an praghas ar stampa do Litir Idirnáisiúnta ag ardú ó €2.20 go €2.65. Sa Ríocht Aontaithe, cosnaíonn stampa idirnáisiúnta de chineál céanna €3.34. Beidh na rátaí le haghaidh clúdaigh mhóra, paicéid agus beartán chuig cinn scríbe idirnáisiúnta ag ardú chomh maith agus beidh an stampa nuálach Digiteach ag ardú ó €2 go €2.22.
Dar le measúnú neamhspleách PWC tá an praghsáil nua ag teacht leis na hoibleagáidí rialála agus le prionsabail treo-shuíomh costais, inacmhainneachta agus neamh-idirdhealaithe.
Faoi dheireadh na bliana 2025, beidh leath de na litreacha go léir á seachadadh ag feithiclí leictreacha An Post nó feithiclí le breosla malartacha le hastaíochtaí agus truailliú aeir a laghdú sna cathracha agus sna pobail áitiúla ar fud na hÉireann. Leis an infheistíocht atá déanta go dtí seo as acmhainní An Post féin, tá gach seachadadh agus bailiúchán laistigh de chathracha na hÉireann saor ó astaíochtaí cheana féin.
Le haird ar an tionchar ar chustaiméirí níos sine, beidh foireann An Post ag leanúint ar aghaidh ag coinneáil súil ar chustaiméirí scothaosta, go háirithe orthu siúd atá ina gcónaí leo féin i gceantair iargúlta tuaithe agus beifear ag obair leis an gcatharnacht Éireannach Alone le tacú le seirbhísí cumarsáide. Beidh an tseirbhís seachadta liteacha agus beartán suas le 1kg saor in aisce chuig tithe Altranais agus Curaim sa Stát á síneadh ag An Post go dtí deireadh 2025. D’fhreastail an tseirbhis Carepack mar shampla ar os cionn 100,000 áitreabhach ó 2020 i leith.
Tá An Post tiomanta i gcónaí do sheirbhís phoist inbhuanaithe den chéad scoth a sholáthar chuig an doras do gach custaiméir. Tá minicíocht seachadadh litreacha laghdaithe i níos mó tíortha Eorpacha go uair nó dhó sa tseachtain agus iad ag seachadadh anois chuig boscaí poist lasmuigh den teach nó chuig pointí lárnacha bailiúcháin. Cé go bhfuil seirbhísí poist den chéad ghlúin eile á ndearadh go leanúnach ag An Post le hoiriúint do riachtanais na gcustaiméirí, tá an chuideachta tiomanta don rogha seachadta an lá arna mhárach chuig an doras a choinneáil, le foireann oilte poist agus flít d’fheithiclí saor ó astaíochtaí atá ag fás.
Bhí an méid seo le rá ag David McRedmond, Príomhfheidhmeannach An Post: “Is í an aidhm is tábhachtaí atá ag An Post ná seirbhís den chéad scoth a sholáthar do mhuintir agus do ghnóthais na hÉireann. Le seo a dhéanamh ní mór dúinn a bheith ar aon dul le treochtaí domhanda poist mar a bhfuil praghsanna ardaithe go mór mar chúiteamh ar an titim sa líon litreacha mar gheall ar ionadú leitreonach. Tá obair mhór déanta againn chun cúrsaí costais a chur i gceart maidir le praghas an phostais trí chleachtais oibre níos cliste a thabhairt isteach agus costais a laghdú d’fhonn ár bpraghsanna a choinneáil faoin tagarmharc Eorpach, agus faoin RA. Tá An Post féin-mhaoinithe i gcónaí (tar éis iasacht Rialtais a ghlanadh go hiomlán in 2024). Agus an laghdú poist á bhainistiú againn, tá infheistíocht mhór á dhéanamh ag An Post sa ghnó beartán agus r-ghnó atá ag fás go mear.”
Dúirt Garrett Bridgeman, Stiúrthóir Bainistíochta Litreacha agus Beartán An Post: ‘Tá cáilíocht seirbhíse An Post ionchurtha leis na caighdeáin is airde san Eoraip. Tá an tionchar ar FBManna agus ar chustaiméirí pearsanta á mhaolú againn trí lacáistí agus tairiscintí rialta praghsanna a chur ar fáil i rith na bliana in oifigí poist agus ar líne. Tá áthas orm a dheimhniú chomh maith go leanfar ar aghaidh le tacaí Fócas Pobail An Post, lena n-áirítear postas saor in aisce suas go 1kg chuig gach teach altranais agus cúram i rith na bliana 2025.
“Is cúis áthais dúinn go mbeidh an phraghsáil don tSeirbhís Poist Chláraithe ag fanacht mar atá. Leis an méadú leanúnach ar an bhflít seachadta leictreach, beidh ár gcustaiméirí á gcosaint againn agus beimid ag tacú le gnóthais Éireannacha, beidh leibhéil truallaithe aeir á laghdú, agus beimid ag cabhrú le hÉirinn spriocanna astaíochtaí a bhaint amach agus ag cinntiú go mbeidh coinníollacha oibre sábháilte, fónta ag gach duine’, ar seisean.
Beidh gach stampa le hainmníocht ‘N’ (Náisiúnta) agus ‘W’ (Domhanda) nó ainmníocht shainiúil euro bailí go fóill agus in-úsáidte go hiomlán tar éis an 27ú Feabhra 2025.