Skip to main content

DeliveryBox ó An Post le haghaidh do chuid beartán

Bealach áisiúil is ea DeliveryBox ó An Post le litreacha, beartáin agus paicéid a fháil ar bhealach áisiúil sábháilte, agus do chuid poist a choinneáil slán go dtí gur féidir leat é a bhailiú.

Oireann sé go seoigh do shiopadóirí ar líne, do chomaitéirí agus do theaghlaigh atá ag obair, ciallaíonn sé go mbeidh do chuid beartán istigh, fiú nuair a bhíonn tú féin amuigh.

Ordaigh anois

Tabhair do d'aire:  Tiocfaidh do DeliveryBox laistigh de 10 lá oibre tar éis dúinn próiseáil a dhéanamh ar d’ordú.
 

Tiocfaidh do bhosca seachadta DeliveryBox ó An Post laistigh de 5-10 lá oibre tar éis d’iarratas a fháil. Tá breis faisnéise ar fáil ach ríomhphost a chur chuig DeliveryBox@anpost.ie.

An tairiscint:

  • Bosca síonfhriotaíoch, peatadhíonach, crochta ar an mballa
  • Bosca beag néata discréideach é atá oiriúnach d'áiteanna cónaithe agus gnó
  • Tá córas eochrach aige nach dtugann rochtain ach duit féin agus do An Post
  • Gheobhaidh tú nod ríomhphoist uainn nuair a sheachadtar earra
  • Córas cliste scanála barrachóid a fheidhmíonn mar chruthúnas seachadta
  • Bailítear post stampáilte nó earraí siopadóireachta atá le cur ar ais nuair a dhéantar seachadadh

Ordaigh DeliveryBox

Tá sé éasca bosca a cheannach:

  1. Ordaigh ar Líne
  1. Íoslódáil foirm iarratais DeliveryBox  (PDF, 68KB) nó faigh ceann i d'oifig phoist áitiúil.
  2. Comhlánaigh é agus cuir ar ais chuig An Post é le híocaíocht aon uaire de €95.00.
  3. Íoc le cárta dochair nó creidmheasa, le seic nó le hordú airgid poist.
Tiocfaidh do bhosca seachadta DeliveryBox ó An Post laistigh de 5-10 lá oibre tar éis d’iarratas a fháil. Tá breis faisnéise ar fáil ach ríomhphost a chur chuig DeliveryBox@anpost.ie.

Eolas riachtanach

Cé chomh mór is atá an DeliveryBox?

Is mar seo a leanas atá toisí an bhosca:

  • Leithead: 300mm
  • Airde: 476mm
  • Doimhneacht 200mm

Cad a fhaighim nuair a cheannaím DeliveryBox?

Tagann gach bosca le:

  • 1 x DeliveryBox
  • 2 x eochair rochtana uathúil le haghaidh do bhosca
  • Barrachód uathúil a fheidhmíonn mar chruthúnas seachadta
  • Treoracha agus comhpháirteanna suiteála

Conas a shuiteálfar é?

Féach ar an treoir céim ar chéim seo maidir le do DeliveryBox a shuiteáil. 

DoAn mbeidh bosca litreach ag teastáil uaim?

Beidh, beidh do bhosca litreach ag teastáil le haghaidh gach poist a fhaightear ó sheirbhísí seachas An Post. Is le haghaidh seachadtaí An Post amháin atá DeliveryBox ar fáil.

Cad a tharlaíonn má chaillim m'eochracha DeliveryBox?

Má chailleann tú eochracha do bhosca, íoslódáil Foirm athsholáthair Eochracha d'úinéir DeliveryBox (PDF, 264KB), comhlánaigh é agus cuir ar ais chugainn é leis an táille cuí. Gearrfar muirear de €10.

Conas is féidir liom seachadtaí chuig mo DeliveryBox a scor?


Is féidir é seo a dhéanamh trí scríobh chuig An Post ag Ionad Rialaithe Náisiúnta DeliveryBox, 2B, Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtaracha, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service