Money manager

Níos mó cumhachta duitse agus do do chuid airgid le Bainisteoir Airgid

Cuir eagar ort féin agus faigh smacht ar do chuid airgid lenár n-uirlis nua cliste buiséid.

An custaiméir de KBC nó Banc Uladh tú agus an mian leat cuntas reatha nua a oscailt?

Le An Post Money, beidh níos mó bealaí agat chun smacht a fháil. Athraigh do chuntas reatha chuig An Post Money inniu agus bain leas as na gnéithe a bhfuil tú ag súil leo ó chuntas reatha pearsanta, agus a lán eile.

Bainistiú do chuid Airgid

Bainistiú do chuid Airgid

Faigh cuntas reatha a oireann duit

Oscail cuntas i bhfaiteadh na súl ó do theileafón le gach rud a mbeifeá ag súil leis i gcuntas reatha:

  • Faigh IBAN, Mastercard® dochair 
  • Déan do chuid baincéireachta leis an aip, ar líne nó in aon oifig poist
  • Bunaigh dochair dhíreacha, íocaíochtaí sceidealaithe agus aistrithe creidmheasa
  • Táillí simplithe soiléire (gan aon rud faoi cheilt)
  • Bailigh suas le €200 ó oifig an phoist má dhéantar damáiste do do chárta, nó má bhíonn sé caillte nó goidte.
  • Úsáid Prócaí Sábhála chun sábháil le haghaidh spriocanna éagsúla

Íoc le fón nó uaireadóir cliste le  Apple PayGoogle Pay agus Fitbit Pay

Ceisteanna Coitianta


Tá Téarmaí agus Coinníollacha i bhfeidhm Tá Cárta Dochair An Post Money Mastercard eisithe ag An Post. Is trádmharc cláraithe é Mastercard, agus is trádmharc de chuid Mastercard International Incorporated é dearadh na gciorcal. Tá muirear cothabhála míosúil i bhfeidhm. Tá An Post údaraithe ag an Aire Airgeadais le seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus tá sé rialaithe ag Banc Ceannais na hÉireann maidir le soláthar na seirbhísí sin.