Conas cuntas reatha a oscailt
Conas cuntas reatha a oscailt
Ní mór duit a bheith 16 bliana d'aois ar a laghad, a bheith i do chónaí in Éirinn, agus uimhir fhón póca Éireannach a bheith agat.
Beidh pas nó ceadúnas tiomána bailí de dhíth ort chomh maith le cruthúnas ar sheoladh baile dátaithe laistigh de na sé mhí atá caite (bille fóntais, ráiteas bainc nó litir ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ón Roinn Coimirce Sóisialaí).
1) Íoslódáil aip úrnua An Post Money ón
App Store agus ó
Google Play.
2) Oscail an aip agus roghnaigh "Níor úsáid mé an aip riamh cheana".
3) Socraigh slándáil agus iontráil d'fhaisnéis phearsanta.
Nuair a bheidh sé faofa againn, cuirfimid sonraí do chuntais agus do chárta reatha chugat laistigh de chúig lá oibre.
Breis eolais:
conas ár gcuntas reatha An Post Money a oscailt.
1)
Íoslódáil, priontáil agus comhlánaigh ár bhfoirm iarratais agus beir leat é chuig aon
oifig poist nó pioc foirm suas i d'oifig poist áitiúil.
2) Beir leat pas nó ceadúnas tiománaí bailí agus cruthúnas ar do sheoladh baile dátaithe laistigh den sé mhí atá caite (bille fóntais, ráiteas bainc nó litir ó na Coimisinéirí Ioncaim).
Nuair a bheidh sé faofa againn, cuirfimid sonraí do chuntais agus do chárta reatha chugat laistigh de chúig lá oibre.
Conas cuntas reatha a oscailt do leanaí
Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí é a dhéanamh ón tolg!
- Íoslódáil aip úrnua An Post Money ón App Store agus ó Google Play.
- Oscail an aip agus roghnaigh "Níor úsáid mé an aip riamh cheana".
- Socraigh slándáil agus iontráil d'fhaisnéis phearsanta. Beidh pas nó ceadúnas tiománaí bailí agus cruthúnas ar do sheoladh baile dátaithe laistigh den sé mhí atá caite de dhíth ort (bille fóntais, ráiteas bainc nó litir ó na Coimisinéirí Ioncaim).
- Socraigh gach cuntas linbh.
Nuair a bheidh an cuntas ceadaithe againn:
1) Beidh ar do leanbh aip An Post Money a íoslódáil chuig a bhfón póca nó a dtáibléad.
2) Ní mór do do leanbh an aip a oscailt agus "Tosaigh cuntas Money Mate" a roghnú.
3) Ar scáileán baile d'aip An Post Money beidh ort cuntas do linbh a thapáil agus ansin an íocón an rotha fhiaclaigh a thapáil ar an gcárta corcra. Tapáil chun patrún uathúil a chruthú (cód QR).
4) Ní mór do do leanbh an patrún uathúil seo a scanadh le ceamara a bhfón nó a dtáibléid.
5) Ní mór do do leanbh PIN a chruthú le logáil isteach san aip.
Cuirfimid sonraí an chuntais agus cárta dochair ar aghaidh laistigh de 5 lá oibre.
- Íoslódáil aip úrnua An Post Money ón App Store agus ó Google Play.
- Oscail an aip agus roghnaigh "Uasghrádaigh ón sean-aip". Féach ar an bhfíseán le haghaidh treoracha iomlána. Féach ar an bhFíseán le haghaidh treoracha iomlána.
- Oscail aip nua An Post Money, tapáil ar an roghchlár agus tapáil ar "Money Mate do leanaí".
- Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an cuntas ceadaithe againn:
- Beidh ar do leanbh aip An Post Money a íoslódáil chuig a bhfón póca nó a dtáibléad.
- Ní mór do do leanbh an aip a oscailt agus "Tosaigh cuntas Money Mate" a roghnú.
- Ar scáileán baile d'aip An Post Money beidh ort cuntas do linbh a thapáil agus ansin an íocón an rotha fhiaclaigh a thapáil ar an gcárta corcra. Tapáil chun patrún ar leith a chruthú (cód QR).
- Ní mór do do leanbh an patrún uathúil seo a scanadh le ceamara a bhfón nó a dtáibléid.
- Ní mór do do leanbh PIN a chruthú le logáil isteach san aip.
Cuirfimid sonraí an chuntais agus cárta dochair ar aghaidh laistigh de 5 lá oibre.
- Oscail aip An Post Money, tapáil ar an roghchlár agus tapáil ar "Money Mate do leanaí".
- Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an cuntas ceadaithe againn:
- Beidh ar do leanbh aip An Post Money a íoslódáil chuig a bhfón póca nó a dtáibléad.
- Ní mór do do leanbh an aip a oscailt agus "Tosaigh cuntas Money Mate" a roghnú.
- Ar scáileán baile d'aip An Post Money beidh ort cuntas do linbh a thapáil agus ansin an íocón an rotha fhiaclaigh a thapáil ar an gcárta corcra. Tapáil chun patrún ar leith a chruthú (cód QR).
- Ní mór do do leanbh an patrún uathúil seo a scanadh le ceamara a bhfón nó a dtáibléid.
- Ní mór do do leanbh PIN a chruthú le logáil isteach san aip.
Cuirfimid sonraí an chuntais agus cárta dochair ar aghaidh laistigh de 5 lá oibre.
Conas comhchuntas reatha a oscailt do dhaoine fásta
Is féidir leat comhchuntas a roinnt le duine amháin eile. Ní mór do bheirt shealbhóirí an chuntais teacht chuig
oifig poist le cruthúnas aitheantais chun an cuntas a oscailt.
Beidh an uimhir chuntais chéanna (IBAN), an ID úsáideora, an PIN ar líne agus an uimhir chárta 16 digit chéanna agaibh beirt. Ar chúiseanna slándála, ní mór a sheoladh ríomhphoist féin ag bheith ag gach sealbhóir cuntais. Is féidir an seoladh baile céanna nó seoltaí éagsúla a bheith ag sealbhóirí an chuntais.
T&C i bhfeidhm. Tá muirir idirbhirt fós i bhfeidhm le linn na tréimhse tairisceana saor in aisce 3 mhí. Beidh muirear míosúil i bhfeidhm tar éis 3 mhí. Tá Cárta Dochair Money Mate Mastercard eisithe ag An Post. Is trádmharc cláraithe é Mastercard, agus is trádmharc de Mastercard International Incorporated é dearadh na gciorcal.
Tá An Post údaraithe ag an Aire Airgeadais chun seirbhísí iasachta a sholáthar agus tá sé á rialú ag Banc Ceannais na hÉireann i soláthar na seirbhísí seo.
Is trádmharc de chuid Apple Inc é App Store, atá cláraithe i SAM agus i dtíortha eile. Is trádmharc de chuid Google LLC é Google Play.