Conas airgead a sheoladh Comhlánaigh foirm iarratais agus tabhair cruthúnas céannachta leat (Pas, Ceadúnas Tiomána AE, nó cárta aitheantais náisiúnta) chuig oifig an phoist. Faigh meastachán ag cuntar oifig an phoist. Braitheann an costas iomlán ar an méid airgid atá le seoladh agus na hairgeadraí atá á n-úsáid. Tabhair do shonraí féin agus sonraí an fhaighteora don bhfoireann cuntair. Déan d'íocaíocht Déan nóta den uimhir uathúil idirbhirt ar a dtugtar Uimhir Rialaithe Aistriú Airgid (MTCN) atá clóite ar d'admháil. Beidh an faighteoir in ann an t-airgead a bhailiú laistigh de roinnt nóiméad*. Conas airgead a bhailiú Déan nóta de d'Uimhir Rialaithe Aistriú Airgid (MTCN) mar a dhéantar rianú ar an aistriú. Comhlánaigh foirm iarratais, ag lua an MTCN, agus tabhair cruthúnas céannachta leat (Pas, Ceadúnas Tiomána AE, nó cárta aitheantais náisiúnta) chuig oifig an phoist. Tabhair na cáipéisí go dtí an cuntar agus bailigh d'íocaíocht.
Ceisteanna Coitianta Cad é Western Union? Is seirbhís aistriú airgid idirnáisiúnta é Western Union a ligeann do chustaiméirí airgead a sheoladh nó a fháil ag os cionn 545,000 gníomhaire i 200 tír agus críoch ar fud an domhain. Cad is féidir liom a dhéanamh ag oifig an phoist? Cad is féidir liom a dhéanamh ag oifig an phoist? Is féidir le custaiméirí airgead a sheoladh nó a fháil. Tá dhá phríomhsheirbhís ann. Tá Money in Minutes ar fáil chuig gach suíomh agus déanfar airgead a aistriú de ghnáth laistigh de 15 nóiméad Ligeann seirbhís lá arna mhárach - ar fáil dtíortha áirithe amháin - don fhaighteoir an íocaíocht a bhailiú an lá arna mhárach. Cá bhfuil an tseirbhís ar fáil? Tá seirbhís Western Union ar fáil i ngach oifig phoist. Cad atá ag teastáil le híocaíocht a sheoladh nó a fháil? Ní mór duit foirm iarratais a chomhlánú agus céannacht a thabhairt leat (pas, ceadúnas tiomána AE nó cárta aitheantais náisiúnta). Le haghaidh idirbhearta áirithe, iarrfar ort cruthúnas seoladh a thabhairt, ar nós bille teaghlaigh a eisíodh laistigh den sé mhí atá caite. Cé mhéid a chosnaíonn sé? Seiceáil liosta iomlán na dtáillí An ngearrtar táille ar gach idirbheart? Gearrtar táille gach uair a sheolann tú airgead. B'fhéidir go mbeadh táille malartáin eachtrach le híoc agat má tá an t-airgead á fháil ag duine i dtír lasmuigh den AE. Cuirfidh foireann oifig an phoist an costas iomlán in iúl duit sula seolann tú aon airgead Ní ghearrtar aon táille ar airgead a fháil. Má sheolaim airgead an féidir liom m'intinn a athrú? Chomh luath is atá d'uimhir uathúil idirbhirt (MTCN), faighte agat ní féidir leat d'intinn a athrú. Cén aois a chaithfidh mé a bheith chun an tseirbhís a úsáid? Ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois chun an tseirbhís a úsáid. An féidir liom aisíoc a fháil? Gheobhaidh tú aisíoc iomlán, lena n-áirítear táillí, mura bhfuil Western Union in ann gníomhaire bailithe a sholáthar sa tír cheann scríbe. Gheobhaidh tú aisíoc, gan táille san áireamh, mura mbíonn an té a bhfuil an t-airgead le fáil acu in ann é a bhailiú.
Is seirbhís aistriú airgid idirnáisiúnta é Western Union a ligeann do chustaiméirí airgead a sheoladh nó a fháil ag os cionn 545,000 gníomhaire i 200 tír agus críoch ar fud an domhain.
Cad is féidir liom a dhéanamh ag oifig an phoist? Is féidir le custaiméirí airgead a sheoladh nó a fháil. Tá dhá phríomhsheirbhís ann. Tá Money in Minutes ar fáil chuig gach suíomh agus déanfar airgead a aistriú de ghnáth laistigh de 15 nóiméad Ligeann seirbhís lá arna mhárach - ar fáil dtíortha áirithe amháin - don fhaighteoir an íocaíocht a bhailiú an lá arna mhárach.
Ní mór duit foirm iarratais a chomhlánú agus céannacht a thabhairt leat (pas, ceadúnas tiomána AE nó cárta aitheantais náisiúnta). Le haghaidh idirbhearta áirithe, iarrfar ort cruthúnas seoladh a thabhairt, ar nós bille teaghlaigh a eisíodh laistigh den sé mhí atá caite.
Gearrtar táille gach uair a sheolann tú airgead. B'fhéidir go mbeadh táille malartáin eachtrach le híoc agat má tá an t-airgead á fháil ag duine i dtír lasmuigh den AE. Cuirfidh foireann oifig an phoist an costas iomlán in iúl duit sula seolann tú aon airgead Ní ghearrtar aon táille ar airgead a fháil.
Gheobhaidh tú aisíoc iomlán, lena n-áirítear táillí, mura bhfuil Western Union in ann gníomhaire bailithe a sholáthar sa tír cheann scríbe. Gheobhaidh tú aisíoc, gan táille san áireamh, mura mbíonn an té a bhfuil an t-airgead le fáil acu in ann é a bhailiú.
An Post is an agent of Western Union Payment Services Ireland Limited (WUPSIL). WUPSIL is regulated by the Central Bank of Ireland for the provision of payment services. Find out more about Western Union’s terms and conditions. *Funds may be delayed or services unavailable based on certain transaction conditions, including amount sent, destination country, currency availability, regulatory issues, identification requirements, Agent location hours, differences in time zones, or selection of delayed options. Additional Restrictions may apply. See terms for details. *FX gains apply.