Skip to main content

Bí i mbun d'oifig poist féin

Ar mhaith leat a bheith gceannas ar d'oifig poist féin? An bhfuil scileanna cruthaithe miondíola agus forbartha gnó agat? An bhfuil tú in ann áitreabh oiriúnach a chur ar fáil nó a fháil? Má thug tú freagra dearfa ar na ceisteanna sin d'fhéadfadh bainistiú oifige poist a bheith oiriúnach duit.

Tá an líonra miondíola is mó in Éirinn againn le níos mó ná míle ionad díolacháin againn ar fud na tíre. Is linn féin an 45 oifig poist is mó agus tá ár bhfoireann féin ag obair iontu, ach tá 906 ionad díola á reáchtáil ag ár gcomhpháirtithe miondíola.

Is deis tráchtála ar leith é a bheith i mbun oifige poist áitiúil má tá na scileanna agus an díograis cheart agat le páirt riachtanach a ghlacadh sa phobal.
 
Le hionad miondíola seanbhunaithe nó le tionscnamh nua, beidh na buntáistí a leanas agat má chuireann tú oifig poist le do ghnó:

  • Méadú ar líon na gcustaiméirí: déantar 1.7 milliún cuairt ar oifigí poist gach seachtain
  • Nasc le ceann de na brandaí is mó agus is iontaofa sa tír
  • Cruthaigh ioncam nua as an réimse leathan de sheirbhísí poist, airgeadais agus miondíola, le coimisiún ar gach idirbheart
  • Meall bonn custaiméirí le seirbhísí ar nós íoc billí agus táirgí infheistíochta

Faigh amach faoin bhfís atá againn do na seirbhísí oifige poist (PDF, 60KB) in Éirinn agus faoi na pleananna atá againn le líonra inbhuanaithe inmharthana a chruthú le freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí agus do chustaiméirí féin

Tugaimid tacaíocht dár gcomhpháirtithe mar a leanas:

  • Costais bhunaithe iomaíocha
  • Margaíocht lena n-áirítear comharthaíocht
  • Córais agus bogearraí gairmiúla gnó
  • Oiliúint agus Forbairt
  • Saintacaíocht leanúnach gnó

Faigh amach faoi bheith i do chomhpháirtí miondíola  agus faoi na deiseanna atá sa líonra faoi láthair.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service