Skip to main content

Noda maidir le seoladh agus treoirlínte méide agus meáchan 

Cad atá á sheoladh agat?
 
Tá an post roinnte i gceithre aicme ag An Post le costas seachadta a dheimhniú: Nuair atá d'earra níos mó i méid nó i meáchain ná an teorainn in aon aicme, cuirtear isteach é go huathoibríoch sa chéad aicme poist eile.
 
Faigh tuilleadh eolais faoi:
Leabhair a Sheoladh thar Lear
Seoladh chuig Daoine Dalla
Earraí Toirmeascaithe
 

Litreacha agus cártaí poist

Baineann an ráta poist do litir/cárta poist le hearraí nach mó ná CS, méid clúdaigh ina bhfuil bileog páipéir fillte A4. Tá formhór na litreacha, cártaí poist, billí, ráitis agus cártaí beannachta san aicme seo.
D'fhonn cáiliú don ráta postais seo, ní ceart meáchan níos mó ná 100g a bheith ag earraí agus ní mór dóibh na riachtanais méide a shásamh:

  • Íosmhéid: 140mm ar fhad, 90mm ar leithead, 0.18mm ar doimhne (le lamháltas 2mm)
  • Uasmhéid: 235mm ar fhad, 162mm ar leithead, 5mm ar doimhne

Ní mór earraí beaga a chur i gclúdach a bhfuil ar a laghad na toisí íosta aige leis na rialacháin a shásamh nó d'fhéadfaí ráta beartán a ghearradh orthu.

Clúdaigh Mhóra

Baineann an ráta do chlúdach mór le hearraí cothroma, ar nós bileog páipéir caighdeánach A4. Bíonn cáipéisí, bróisiúir, irisí, dlúthdhioscaí agus dioscaí DVD san aicme seo.
 
D'fhonn cáiliú don ráta postais seo, ní ceart meáchan níos mó ná 500g a bheith ag earraí agus ní mór dóibh na riachtanais méide a shásamh:

  • Íosmhéid: 140mm ar fhad, 90mm ar leithead, 0.18mm ar doimhne (le lamháltas 2mm)
  • Uasmhéid: 400mm ar fhad, 300mm ar leithead, 25mm ar doimhne

Paicéid

D'fhonn cáiliú don ráta poist do phaicéid, ní mór meáchain nach mó ná 2kg a bheith ag earraí. De ghnáth bíonn bronntanais, leabhair, samplaí de tháirgí, póstaeir agus priontaí i bhfeadáin shorcóireacha san aicme seo. Ní mór dóibh na riachtanais méide a leanas a shásamh:

  • Íosmhéid: 100mm ar fhad x 70mm ar airde x 25mm ar doimhne
  • Uasmhéid: fad, airde agus doimhneacht comhcheangailte de 900mm (ní féidir le haon toise aonar a bheith níos mó ná 600mm, le lamháltas 2mm)
  • Foirm fheadáin: ní mór don fhad móide dhá oiread an trastomhas a bheith níos lú ná 1040mm gan aon toise a bheith níos mó ná 900mm (le lamháltas 2mm)

Beartáin

Baineann ráta beartáin poist le hearraí a mheánn suas le 20kg. Cuirtear earraí móra i mboscaí, ar nós earraí leictreacha, comhpháirteanna agus earraí le cruth mírialta nó cruth sorcóra ar nós póstaeir mhóra san aicme seo. Is iad seo a leanas na toisí uasta:

  • Fad 1.5 méadar
  • Fad + giorta 3 mhéadar (nuair atá an giorta cothrom le 2 x [doimhneacht + leithead])

Meáchan toiseach

Féadfar muirear de réir a meáchan toiseach a ghearradh ar bheartáin mhóra éadroma, ar nós bosca piliúr, le costas iomlán an iompair a léiriú.

D'fhonn meáchan toiseach a áireamh, méadaigh an fad i milliméadair faoin leithead faoin doimhneacht agus roinn ar 6,000. Mar shampla, tá meáchan toiseach earra 10kg, atá 62cm ar fhad, 49cm ar leithead agus 39cm ar doimhne (62x49x39)/6000 = 19.75. Slánaítear é sin suas go 20, rud a thugann meáchan toiseach de 20kg.

Treoir do mheáchan

Tá sé tábhachtach meáchan d'earra a bheith ar eolas agat ionas gur féidir leat an postas ceart a ghreamú air. Níl ach bealach amháin le bheith cinnte faoin meáchan ceart: d'earra a mheá.

Sa Treoir do Mheáchan thíos tá meáchain tháscacha d'earraí coitianta bia a chabhróidh leat meáchan d'earra a mheas.
 
Má sheolann tú earra le postas atá easnamhach dá mheáchan, cuirfear ar ais chugat é agus caillfidh tú an postas tosaigh.

Earra tí Méachan
Paicéad Criospaí 35g
Liathróid Leadóige 60g
Gnáthfhón cliste 150g
Rolla páipéar leithris 225g
Bosca 80 mála tae 240g
Próca beag Suibhe 340g
Canna sóide 390g
Canna pónairí bácáilte 420g
Paicéad pasta 500g
Bosca calóga arbhair 750g
Mála siúcra 1kg
Buidéal fíona 1.25kg
Dhá lítear bainne 2kg
Mála mór bia madra 5kg

Deich nod maidir le do phost agus do bheartáin a sheoladh

Tá machnamh cúramach déanta agat ar an earra atá á sheoladh agat; lean na deich noda seo le cinntiú go seachadfar d'earra in am:
  1. Roghnaigh an tseirbhís oiriúnaí duit ó thaobh costais, luais nó slándála
  2. Déan cinnte go mbíonn an seoladh ceann scríbe ar d'earra suas chun dáta, cruinn agus iomlán.
  3. Má tá tú ag postáil go Baile Átha Cliath, cuir uimhir cheantair leis, mar shampla Baile Átha Cliath 3, chomh maith leis an Éirchód.
  4. Cuir seoladh fillte ar an gcúinne thuas ar clé ionas gur féidir post nach sheachadtar a sheoladh ar ais.
  5. Greamaigh an postas ceart do mhéid agus do mheáchain d'aire agus don cheann scríbe.
  6. Séalaigh nó dún an beartán go daingean le seachadadh slán agus in am a chinntiú do na hearraí.
  7. Greamaigh na lipéid chearta, ar nós Aerphost nó lipéid chustaim le hearraí atá ag dul thar lear
  8. Seiceáil do phacáistiú le cinntiú go bhfuil sé láidir go leor agus marcáil earraí sobhriste.
  9. Ná seol earraí toirmeascaithe ar nós leachtanna amach as Éirinn
  10. Coinnigh d'admháil, leis an uimhir a cheadaíonn duit earraí in-rianaithe a rianú, go dtí go mbíonn a fhios agat gur seachadadh go sábháilte iad.

Ullmhaigh do bheartán le postáil

Le déanamh cinnte go dtagann do bheartán slán sábháilte, lean na noid ghinearálta seo maidir le pacáistiú agus clúdach:
  • Seiceáil go bhfuil an seoladh iomlán, cruinn agus inléite agus go bhfuil cód iomlán poist nó zip leis nuair atá feidhm leis
  • Comhlánaigh agus greamaigh  na foirmeacha custaim cuí le haghaidh beartán atá ag dul thar sáile. Tá siad seo le fáil ó d'oifig phoist áitiúil
  • Ní mór Dearbhú Slándála Eitlíochta a ghreamú le haon bheartán nó paicéad atá á sheoladh laistigh den AE, seachas go Tuaisceart Éireann
  • Greamaigh lipéid chuí, ar nós Sobhriste, Ná Lúb nó Trom le beartáin a mheánn níos mó ná 5kg
  • Greamaigh lipéad seirbhís bheartán leis an lár ar barr mar go léitear na beartáin le hinnill ar an taobh is mó agus is cobhsaí, an bun de ghnáth.
  • Úsáid neart ábhar pacála cosanta, ar nós cumhdach bolgóideach nó sliseanna polaistiréan chun d'earraí a chosaint agus gach spás a líonadh ionas nach mbogfaidh na hearraí sa phacáiste
  • Úsáid téip láidir ar gach oscailt agus imeall agus cuir eochracha, boinn airgid nó ábhair scaoilte i máilín  nó i gclúdach stuáilte.

Conas luas a chur le do phost

An eol duit go mbíonn tionchar ag dath, méid agus meáchan do chlúdaigh ar chomh luath agus a shroicheann do phost a cheann scríbe?

Úsáidimid trealamh próiseála poist le hAithint Optúil carachtar (OCR) atá in ann 40,000 earra poist san uair a shórtáil. Chun luas a chur faoi do sheachadadh agus an leas is mó a bhaint as OCR, léigh ár dtreoir  Cuir Luas faoi do Phost (PDF, 2000KB) mar a bhfuil an chomhairle a leanas ar fáil:

  • Úsáid ceannlitreacha i gcónaí agus seoltaí á scríobh le lámh agat agus seachain dath, cló iodálach agus folínte má tá tú ag clóscríobh.
  • Ná húsáid comharthaí poncaíochta sa seoladh.
  • Roghnaigh clúdaigh geala mar nach féidir clúdaigh le cúlra dorcha ar nós dearg, gorm nó glas a léamh.
  • Is ceart lipéad Aerphost a chur ar earraí atá le seoladh amach as Éirinn; is féidir lipéad a fháil i d'oifig phoist áitiúil agus é a ghreamú ar an taobh chlé den spás postais.
  • Ná húsáid stáplaí, ná clibeanna miotail nó plaisteacha ar an gclúdach.

Rialacha nua Imréitigh Custaim SAM

Más mian leat post a chur chuig cinn scríbe lasmuigh den AE, tá sé d'aidhm againn a chinntiú go mbeidh tú lán-eolach ar riachtanais imréitigh custaim.
 
 Tá rialacháin nua á bhfeidhmiú ag rialtas SAM anois le haghaidh poist as gach tír, Éire san áireamh:  
  • Ní mór duit Réamhdheimhniú Leictreonach Custaim (EAD) a sholáthar anois sula seoltar earra de chineál ar bith chuig SAM.  Ní dhéantar díolúine le haghaidh samplaí tráchtála ná bronntanais de chineál ar bith, is cuma cén luach atá acu
  • Tá earraí comhfhreagrais ar nós litreacha, cártaí, sonraisc agus cáipéisí eile díolmhaithe a fhad is nach bhfuil aon luach tráchtála acu (m.sh. leabhair nó dearbháin)
  • Ní mór dúinn chomh maith leagan leictreonach den Dearbhú Custaim a sholáthar do na húdaráis i SAM, thar do cheann, sular féidir linn glacadh le d'earra poist agus é a sheoladh go SAM. 
Níl aon smacht againn ar na rialacha nua seo ó SAM agus cuirtear i bhfeidhm iad go cothrom do na cuideachtaí go léir sa tionscal iompair agus seachadta ar fud an domhain.
 
Ní mór duit na rialacháin seo a chomhlíonadh le moill nó diúltú gan ghá a sheachaint ar do phost agus é a bheith curtha ar ais chugat nuair a shroicheann sé SAM. Tá bealaí éagsúla againn le cabhrú leat an fhaisnéis riachtanach a sholáthar:
  • Gabh chuig anpost.com agus úsáid ár seirbhís Click & Post . Féadfaidh tú do phost a eagrú ar líne, an fhaisnéis ábhartha go léir a iontráil, agus do phost a thabhairt ansin chuig d'oifig phoist mar a dhéanann tú de ghnáth.
  • Tabhair do phost chuig d'oifig phoist áitiúil, comhlánaigh foirm Dearbhú Custaim mar is gnáth agus greamaigh é le d'earra. Nuair a bhíonn sé sin déanta, iontrálfaidh an fhoireann chuntair na sonraí go leictreonach duit agus cabhróidh siad leat an postáil a dhéanamh
  • Más custaiméir gnó tú a sheolann líon mór earraí go rialta go SAM, féadfaimid cabhrú leat an próiseas a éascú trí cheann de na roghanna cuntas-bhunaithe atá againn. Tá caidreamh fadbhunaithe againn le Seirbhís Poist SAM agus le gníomhairí seachadta eile i SAM, agus táimid i riocht cabhrú leat agus le do ghnó dul i dtaithí ar an athrú seo. Déan teagmháil lenár Roinn Díolacháin le breis sonraí a fháil.
Cé gurbh é rialtas SAM an chéad rialtas a chuir na rialacha nua custaim seo i bhfeidhm beidh rialacha eile ag teacht i bhfeidhm i gcinn scríbe go leor eile sna míonna atá romhainn. Más custaiméir gnó tú agus comhairle de dhíth ort maidir le do chórais a nuashonrú chun na rialacháin seo a chomhlíonadh, beidh áthas orainn cabhrú leat.

Gliogáil agus Postáil

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service