Skip to main content

Obair linn

Tá níos mó ná 9,000 duine fostaithe againn inár ngnó i rannóga ó phost go miondíol agus seirbhísí airgeadais. Bíonn earcaíocht inmheánacha agus seachtrach againn leis na poist seo a leanas a líonadh:

Deiseanna miondíola

Bímid i gcónaí ag faire amach le haghaidh comhpháirtithe miondíola le cabhrú linn ár líonra náisiúnta oifigí poist a reáchtáil. Faigh amach  conas dul i bpáirt le ceann de na brandaí is mó in ̇Éirinn.

Nósanna Imeachta Earcaíochta

Iarraimid iarratais ar líne le haghaidh post atá le líonadh, trí ghníomhaireachtaí earcaíochta agus tríd an Údarás Breisoideachais agus Oiliúna SOLAS. Déantar earcaíocht inmheánach chomh maith trí fhógraí oifige agus ciorcláin na cuideachta.
Is fostóir comhdheiseanna muid agus roghnaímid ár bhfostaithe trí phróiseas iomaíoch le trialacha mianaigh, agallaimh, scrúduithe leighis, imréiteach slándála agus seiceáil teistiméireachta. Ní mór d'iarrthóirí a bheith i dteideal obair in Éirinn agus na bunriachtanais a leanas a shásamh:
  • Leibhéal maith Béarla scríofa agus labhartha
  • Scileanna maithe seirbhís chustaiméara agus idirphearsanta
  • Scileanna maithe oibre foirne
  • Bunscileanna ríomhaireachta

Ár gclár do chéimithe

Tá 10 ndeis lainseála gairme ag GradPosts, clár fostaíochta An Post do chéimithe, do chéimithe uaillmhianacha in Innealtóireacht Phróisis, Ainilísíocht Ghnó, Oibríochtaí Digiteacha, Soláthair, Líonra agus Iompair, Bainistíocht Timpeallachta agus TF. Tá sé ar oscailt do fhochéimithe atá sa bhliain dheireanach agus dóibh siúd a fuair céim in 2018 agus 2019. Breis eolais i dtaobh  GradPosts.
 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service