Skip to main content

Cuir tús iontach le do shaol gairmiúil in An Post

Ní raibh aon am níos fearr ann le bheith linn.

Tá An Post ag athrú, ó sheansaol na litreacha agus dáileadh airgid go saol nua atá níos dírithe ar an ríomhthráchtáil agus ar sheirbhísí airgeadais.

Cuideachta amháin, dhá ghnó

Tá ár gcuideachta athstruchtúraithe againn mar dhá ghnó den chéad scoth; An Post Commerce agus An Post Money, lena fhoireann bainistíochta féin agus a straitéis fhadtéarmach féin ag gach ceann díobh.
Tá an ríomhthráchtáil á méadú go mear ag gnó An Post Commerce agus ag gnónna margaíochta poist, agus tháinig méadú de 40% ar ár sciar d'earnáil iomaíoch na mbeartán in 2018.  Tá réitigh á seachadadh ag ár bhfoirne ar fud na hÉireann a dhéanann soláthraí céad rogha de An Post do mhórán cuideachtaí tábhachtacha náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá páirt bhunúsach ag an ngnó i saol eacnamaíoch na hÉireann mar chnámh droma don ríomhthráchtáil, á chinntiú go mbíonn an rochtain chéanna ag pobail ar fud na hÉireann ar earraí agus a bhíonn ag mórchathracha an domhain.
Tá níos mó airgid á láimhseáil againn cheana féin ná aon eagraíocht eile in Éirinn agus beimid ag ár seirbhísí airgeadais agus miondíola a fhás agus tairseach iontaofa á soláthar againn ar sheirbhísí rialtais dár gcustaiméirí, ar líne agus go pearsanta.  Tá sé ar intinn againn líonra na n-oifigí poist a athchruthú ionas go mbeidh oifig poist nua-aimseartha ag gach baile agus sráidbhaile mór in Éirinn leis na seirbhísí teicneolaíochta airgeadais a theastaíonn ónár gcustaiméirí a sholáthar. Táimid tiomanta don athrú digiteach agus do athnuachan ár mbranda d'fhonn seirbhísí iomaíocha atá láraithe ar an gcustaiméir a thairiscint.

GradPosts

Tá deiseanna ar fáil in GradPosts, clár earcaíochta An Post do chéimithe, le gairmeacha chéimithe uaillmhianacha a lainseáil má tá grád 2.2 ar laghad bainte amach acu i gcéim ábhartha, nó atá ag súil leis an ngrád sin a bhaint amach. Tá an clár ar oscailt d'iarrthóirí atá sa bhliain dheireanach de chúrsa fochéime agus dóibh siúd a bhain céim amach le dhá bhliain anuas. Tá céimithe uainn atá in an obair go maith i bhfoirne, atá in ann anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus réitigh d'ardchaighdeán a sholáthar do chustaiméirí.  Clúdaítear róil éagsúla i réimse leathan disciplíní i gclár fostaíochta céimithe An Post. Tairgtear deiseanna foghlama, oiliúna agus oibre ar leith do chéimithe i dtimpeallachtaí bríomhara tráchtála thar tréimhse dhá bhliain.

Poist le haghaidh Céimithe 2021

Tá iarratais ar Chlár Céimithe 2021 dúnta anois. 

Is fostaí comhdheiseanna é An Post, ag ceiliúradh na hilghnéitheachta agus ag seasamh don ionchuimsitheacht. Má tá aon chóiríocht réasúnta ar leith de dhíth ort le páirt a ghlacadh sa phróiseas roghnú fostaithe, cuir in iúl dúinn é, le do thoil. Tugaimid cuireadh ó chroí do gach páirtí leasmhar iarratas a dhéanamh.

Cén fáth obair do An Post?

Cuideachta Iomaíoch Rathúil Tráchtála - Is móreagraíocht tráchtála é An Post a sholáthraíonn réimse de sheirbhísí lena n-áirítear seirbhísí Ríomhthráchtála, Poist, Rialtais agus Airgeadais. Tá sé ar cheann de na cuideachtaí i mó in Éirinn, le níos mó ná 9,000 duine fostaithe sa líonra náisiúnta de phointí miondíola, próiseála agus seachadta.
Saoránach Freagrach Corparáideach –
Tá ról ríthábhachtach ag an Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach (FSC) in An Post maidir le inbhuanaitheacht fhad-téarmach a bhainistiú agus a fhorbairt. Is é ár gcroí-chuspóir gníomhú ar son an leasa coiteann, agus saol na ndaoine in Éirinn a fheabhsú, anois agus sna glúine atá le teacht. Táimid tiomanta do sheirbhísí ardcháilíochta inacmhainne a sheachadadh, ag tacú le pobail ar fud an Stáit, le meas ar an gcomhshaol. Is cuid lárnach dár straitéis an Ilghnéitheacht agus an Ionchuimsitheacht, agus a bheith ag forbairt go leanúnach le hionadaíocht a dhéanamh ar ár bhfostaithe agus ar na pobail a ndéanaimid freastal orthu.   Is mian leis An Post an leas coiteann a dhéanamh mar a léiríonn na cláir atá againn on litearthacht,  seoltaí do dhaoine gan dídean ár gcuid oibre ar son Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA atá ábhartha d'earnáil an phoist.

An Post agus Tusa

  • Tugaimid deiseanna do chéimithe obair i réimse leathan disciplíní.
  • Tá deiseanna forbartha á dtairiscint againn do chéimithe trí Chlár Forbartha Céimithe an IMI, in imeachtaí inmheánacha le cainteoirí agus le Clár Meantóireachta.
  • Is mór againn ár bhfostaithe agus tugaimid tacaíocht dóibh trínár Seirbhísí Sláinte Cheirde agus Tacaíochta.
  • Tugaimid luach a gcuid saothair do dhaoine cumasacha a chruthaíonn go maith. 
  • Tá conairí gairme den scoth ann dóibh siúd a sheasanna amach agus a dhéanann beart.

Bí linn ar ár dturas chun freastal ar an leas coiteann, in An Post agus inár ndomhan.

Aon cheist agat?


Déan teagmháil ríomhphoist linn Grad.Posts@anpost.ie.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service