Má thug tú d'uimhir theileafóin don miondíoltóir le haghaidh seachadadh, cuirfidh An Post téacs nó ríomhphost chugat le tú a choinneáil ar an eolas faoin dáta a thiocfaidh d'earra.
Cuirfidh ár dteachtaireachtaí in iúl go bhfuil do bheartán ag triall ort agus nuair is féidir:
- Ceadaíonn sé duit do bheartán a rianú
- Ceadaíonn sé duit do sheachadadh a bhainistiú (dáta seachadta a athrú, srl).
- Insíonn sé stádas do bheartáin duit, lena n-áirítear má tá do bheartán seachadta, nó insíonn sé duit cén áit is féidir leat é a bhailiú, mura raibh sé indéanta é a sheachadadh
Má bhíonn muirir chustaim iníoctha ar d'earra, gheobhaidh tú téacs nó teachtaireacht uainn chomh maith. Má tá tú ag súil le hearra as lasmuigh den AE, cuirfimid in iúl duit má tá muirir chustaim nó CBL á ngearradh ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Beidh d'uimhir rianaithe agus uimhir thagartha custaim ag teastáil uainn le haon mhuirear iníoctha a íoc ar d'earra.
Má bhíonn aon amhras ort riamh maidir le téacs a iarrann íocaíocht ar son beartán ó An Post, is féidir leat dul chuig ár leathanach custaim agus d'uimhir rianaithe agus d'uimhir thagartha custaim a iontráil le deimhniú go bhfuil an teachtaireacht dlisteanach.