Maidir le post damáistithe, ní mór a thuiscint:
- Go ndéantar damáiste go minic mar gheall ar phacáistiú den mhéid contráilte nó de dhroch-chaighdeán.
- Féadfaidh An Post earraí damáistithe a chur i mála plaisteach le tuilleadh damáiste a sheachaint
- Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go dtiocfaidh do phost slán, gan oscailt agus i ndea-chaoi, is féidir damáiste a dhéanamh do chlúdaigh uaireanta le linn sórtála le meaisín
- Úsáidimid trealamh seachadta uiscedhíonach ach ní féidir linn barántas a thabhairt nach bhfliuchfar an post riamh le linn drochaimsire.
Coinnigh post damáistithe nó oscailte agus aon phacáistiú ionas gur féidir iad a iniúchadh.
Má tá do phost ar iarraidh, damáistithe nó oscailte déan teagmháil le foirm teagmhála. Más fearr leat, is féidir leat an fhoirm a bhailiú i d'oifig poist áitiúil nó san oifig seachadta. Tá sé d'aidhm againn d'fhiosrú a réiteach agus freagra deiridh a thabhairt duit laistigh de na tréimhsí ama thíos:
Post laistigh d'Éirinn | 30 lá féilire |
Post chun na hEorpa | 40 lá féilire |
Post chuig gach ceann scríbe eile | 60 lá féilire |