Skip to main content

Mol Slándála


Is eol dúinn go bhfuil ríomhphoist bhréige, a chuireann in iúl go bhfuil siad ag teacht ó An Post, á seoladh ag caimiléirí chuig custaiméirí. Iarraimid ar chustaiméirí a bheith ar an airdeall maidir le camscéimeanna. Is í seo an áit cheart le faisnéis agus noda a fháil a chabhróidh leat a bheith sábháilte ar líne.

Ag cabhrú lenár gcustaiméirí a bheith eolach ar chamscéimeanna

Tá faisnéis againn maidir leis na nithe ar cheart duit a bheith ar an airdeall fúthu agus cad is ceart duit a dhéanamh má chuirtear isteach ort. Má bhíonn aon amhras ort faoi theachtaireacht atá faighte agat maidir le muirir seachadta beartáin nó idirbhearta bainc tá Seirbhísí Custaiméara Poist agus Beartáin agus Seirbhísí Custaiméara An Post Money ann le cabhrú leat agus le deimhniú an bhfuil sé dlisteanach

Téacs Athsheachadta Calaoiseach

Stop agus Smaoinigh - an bhfuil tú ag súil le pacáiste?
Tabhair faoi deara tuin bhagrach. Ní chuirfidh An Post iarratas bagrach chugat riamh.

Camscéim Athdhíoltóra Whatsapp

  1. Ní dhéanfaidh An Post bainistiú riamh ar íocaíochtaí le haghaidh earraí atá ar díol ar shuímh ghréasáin athdhíoltóirí.
  2. Ní nasc fíor chuig suíomh gréasáin An Post é seo.

Camscéim fioscaireachta ríomhphoist

1  Stop agus smaoinigh - an ndearna tú an t-ordú seo?
2  Tá an chuma ar an nasc go dtéann sé chuig suíomh gréasáin An Post ach má choinníonn tú cúrsóir os cionn an naisc   feicfidh tú go dtabharfadh sé chuig suíomh calaoiseach tú.

Suímh Ghréasáin bhréagacha An Post

1  Ní chuirimid seirbhís mar seo ar fáil agus mar sin tá an fhaisnéis a thugtar anseo maidir le rialacha seachadta agus íocaíochta bréagach. Ní dhéanfaimid bainistiú riamh ar íocaíochtaí le haghaidh earraí atá ar díol ar shuímh ghréasáin athdhíoltóirí
2  Ní leathanach fíor ó ghréasáin An Post é seo

Suímh Ghréasáin Athdhíoltóra Bréagacha An Post

1  Ní chuireann An Post an tseirbhís seo ar fáil, ní dhéanfaimid bainistiú riamh ar íocaíochtaí le haghaidh earraí atá ar díol ar shuímh ghréasáin athdhíoltóirí
2  Is leathanach bréagach é seo agus ní cuid de shuíomh gréasáin An Post é.

Cad is ceart duit a dhéanamh


Ná freagair teachtaireachtaí gan iarraidh.
Ná gliogáil riamh ar naisc sna teachtaireachtaí seo.
Coinnigh d'fhaisnéis phearsanta chugat féin - sonraí pearsanta ar nós ainm, ríomhphoist nó faisnéis chárta creidmheasa / dochair.
Féach ar do chuntas ar líne go rialta le gach idirbheart a dheimhniú.
Athraigh d'fhocal faire go rialta agus bíodh siad príobháideach.
Ná cuir faisnéis phearsanta fút féin m.sh. dáta breithe, áit chónaithe, sonraí teaghlaigh ar na meáin shóisialta.

Security FAQ's


Acmhainní Breise

Tugann an suíomh úsáideach gréasáin FraudSMART (a chruthaigh Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochta na hÉireann) faisnéis fhóinteach go leor maidir leis na cineálacha calaoise a d’fhéadfadh cur isteach ort, mar aon le comhairle thábhachtach fhóinteach le tú a choinneáil ar an eolas. Tá faisnéis uasdátaithe acu freisin maidir le camscéimeanna nua.

An bhfuil amhras ort faoi theachtaireacht atá faighte agat?

Déan teagmháil lenár bhFoireann Seirbhísí Custaiméara le deimhniú go bhfuil sé dlisteanach.

Your journey will continue with An Post Insurance.

Please wait...

One Direct (Ireland) Limited, trading as An Post Insurance, is regulated by the Central Bank of Ireland.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service