Skip to main content

Ag athrú seoladh? Déan cinnte go mbogann do phost leat

Má tá tú ag bogadh ó d'áit chónaithe, teastóidh uait do chuid poist a thabhairt leat. Cuirfidh ár Seirbhís Atreoraithe do phost ar aghaidh chuig do sheoladh nua sa bhaile nó thar lear.
 
Déan cinnte d'iarratas a chur ar ais, i dteannta le d'íocaíocht, cúig lá ar a laghad sula dteastaíonn uait go dtosóidh an tseirbhís.
 

Atreoraigh do phost

Conas a oibríonn sé

Le do phost a atreorú chuig d'áit chónaithe nua déan socrú  ag d'oifig phoist áitiúil  nó le hiarratas ar líne.

Iarratas i d'oifig phoist áitiúil

Comhlánaigh agus sínigh d'fhoirm iarratais agus tabhair isteach chuig d'oifig phoist áitiúil é. Nuair a bhíonn próiseáil déanta ar d'iarratas gheobhaidh tusa, agus gach duine eile ar d'iarratas atreoraithe, litir admhála le deimhniú cathain a thosóidh do Sheirbhís.

Iarratas ar líne

Comhlánaigh, priontáil agus sínigh d'iarratas. Déan cinnte go mbíonn an fhoirm chlóite sínithe ag gach duine ar an iarratas atreoraithe. Gheobhaidh tú litir le huimhir PIN agus faisnéis logála isteach, beidh sé seo de dhíth ort le do atreorú a ghníomhachtú. Gheobhaidh tusa, agus gach duine ar an iarratas atreoraithe, litir admhála le deimhniú cathain a thosófar an t-atreorú poist.

Cad a chosnaíonn sé

Braitheann costas an atreoraithe ar an fhad ama a bheidh an tseirbhís uait agus an mbeidh tú ag atreorú chuig seoladh in Éirinn nó thar lear. Tá na muirir i leanas i bhfeidhm:

Tréimhse ama

Cónaitheach in Éirinn

Táille ar gach atreorú

Cónaitheach thar lear

Táille ar gach atreorú

Suas le mí amháin

€35

€50

Suas le trí mhí

€90

€125

Suas le sé mhí

€140

€190

Suas le 12 mhí

€180

€240


Má tá tú ag íoc le cárta dochair nó creidmheasa, ní mór don ainm ar an gcárta a bheith mar an gceanna le hainm duine de na daoine atá ag atreorú an phoist.

Eolas riachtanach

Conas is féidir atreorú reatha a athnuachan?

Is féidir leat atreorú reatha a athnuachan ar líne a fhad is go bhfuil ar a laghad trí lá oibre fágtha roimh an dáta éaga. Atreorú a athnuachan:

  • Iontráil uimhir thagartha na Seirbhíse Atreoraithe agus d'uimhir PIN
  • Roghnaigh tréimhse na Seirbhíse atá uait
  • Deimhnigh na sonraí agus íoc
  • Gheobhaidh tú deimhniú ar ríomhphost a luaithe is a éiríonn le d'íocaíocht

Conas is féidir liom seirbhís atreoraithe a chealú?

Le Seirbhís Atreoraithe a chealú, ní mór litir atá sínithe ag gach duine a úsáideann an tseirbhís a sheoladh chuig: An tAonad Atreoraithe Poist, Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Saorphost, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.

Cad a dhéanfaidh mé má chaillim m'uimhir thagartha?

Má chailleann tú d'uimhir thagartha agus iarratas déanta ar líne agat, is féidir linn é a chur chugat arís. Iontráil an seoladh ríomhphoist a d'úsáid tú chun do sheirbhís atreoraithe a shocrú agus cuirfimid chuig an seoladh sin é.

An bhfuil ID ag teastáil uaim le hatreorú a shocrú?

Beidh cruthúnas céannachta agus cruthúnas seoladh ag teastáil má tá iarratas á dhéanamh agat in oifig an phoist. Glacaimid le ceadúnais tiomána, pasanna, ID fostóra le grianghraf nó ID Mac Léinn le grianghraf ó choláiste tríú leibhéil mar chruthúnas céannachta.

Glacfar le bille fóntais, ráiteas bainc nó chumann foirgníochta, a eisíodh le cúig mhí anuas agus ar a bhfuil an seoladh a bhfuil an post le hatreorú uaidh, mar chruthúnas seoladh.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service