Seirbhís Athsheachadta Bainistíochta Poist
Téarmaí agus Coinníollacha
1. Baineann na téarmaí agus coinníollacha seo le Seirbhís Athsheachadta An Post (dá ngairtear "an tSeirbhís" anseo feasta). Sna téarmaí agus coinníollacha seo, tagraíonn "Tú" agus "Do" don iarratasóir/do na hiarratasóirí ar an tSeirbhís agus tagraíonn "Sinn", "Linn" agus "Ár" do An Post, a bhfuil a oifig chláraithe aige ag Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.
2. Níl an tSeirbhís ar fáil ach amháin i gcás earraí poist a ndearnadh iarracht iad a sheachadadh, agus i gcás a fuair an t-iarratasóir an fhoirm "Tá brón orainn gur chailleamar thú" ina dtugtar an rogha go sonrach leas a bhaint as an tSeirbhís.
3. Níl an tSeirbhís ar fáil ach amháin i leith hearraí poist a bhfuil an t-iarratasóir i dteideal iad a fháil agus aontaíonn tú An Post a shlánú as aon dliteanas a fhabhraíonn chuig An Post as an tSeirbhís a úsáid de shárú ar an téarma seo.
4. Teorainn le Dliteanas: Tá ár ndliteanas as aon chaillteanas nó damáiste díreach a eascraíonn as an tSeirbhís seo teoranta don táille a íocadh as an tSeirbhís. Ní bheimid faoi dhliteanas, ar aon chuma, as aon chaillteanas nó damáiste iarmhartach nó indíreach, lena n-áirítear, gan teorainn, caillteanas ioncaim, brabúis, úis, fóntais nó caillteanas margaidh, cibé slí a eascraíonn sé i leith na Seirbhíse. Ní bheimid faoi dhliteanas as aon fhaillí a bhaineann le feidhmíocht na Seirbhíse.
5. Ní bheidh na hearraí poist ar fáil lena mbailiú ón Aonad Seirbhíse Seachadta fad a bheidh an tSeirbhís i bhfeidhm. Ní seirbhís seachadta ráthaithe ná cinnte ó thaobh ama de an tSeirbhís seo. Ní thabharfaimid aon fhógra roimh ré faoi athsheachadadh d'earraí poist. Is meastacháin amháin iad aon tagairtí d'amanna seachadta ionchais.
6. Cé go bhféadfadh earraí poist a bheith fós faoi réir théarmaí agus choinníollacha na Seirbhíse Bunaidh agus go bhféadfadh teidlíochtaí a bheith ag seoltóir an earra maidir le gnéithe seirbhíse amhail clúdach árachais, rianú earraí agus/nó cruthúnas seachadta, ní sholáthraíonn an tSeirbhís seo aon ghnéithe den sórt sin duit. Ciallaíonn "Seirbhís Bhunaidh" an tseirbhís poist trínar seoladh aon earra poist ar dtús ag an seoltóir agus áirítear ann Gnáthphost, Post Cláraithe, Luasphost, Luasphost le Síniú, agus Post Cúiréireachta.
7. Ní chuireann an tSeirbhís cruthúnas seachadta ar fáil. Ní chuimsíonn ná ní sholáthraíonn an tSeirbhís aon áis rianaithe. Ní chuimsíonn an tSeirbhís aon fhoráil maidir le clúdach árachais ná cúiteamh as aon teip seirbhíse a d'fhéadfadh teacht chun cinn, ná aon teidlíochtaí chuige sin, agus is é teorainn dhliteanas An Post leat i gcás aon teipe seirbhíse i leith aon earra poist aonair an táille a íocadh as an tSeirbhís i leith an earra sin.
8. Is féidir leas a bhaint as an tSeirbhís i gcás earraí poist a bhfuil muirir chustaim dlite orthu ach ní mór muirir chustaim a íoc nuair a fhaightear an t-earra, bíodh sé á athsheachadadh chugat féin nó chuig do ghníomhaire ainmnithe. Ní féidir muirir chustaim a íoc ar líne.
9. Is féidir leas a bhaint as an tSeirbhís i gcás earraí poist a bhfuil muirir chustaim dlite orthu ach ní mór muirir chustaim a íoc nuair a fhaightear an t-earra, bíodh sé á athsheachadadh chugat féin nó chuig do ghníomhaire ainmnithe. Ní féidir muirir chustaim a íoc ar líne.
o Féadfar earra poist atá Cláraithe in Éirinn (a thagann ó áit éigin in Éirinn) a choinneáil ar feadh 3 lá oibre sula seoltar ar ais chuig an seoltóir í, agus is é lá 1 an lá tar éis an dáta seachadta nuair a fágadh an fhoirm "Tá brón orainn gur chailleamar thú".
o Féadfar earraí poist idirnáisiúnta (aon earra a thagann ó áiteanna lasmuigh de Phoblacht na hÉireann) a choinneáil ar feadh 16 lá oibre sula seoltar ar ais chuig an seoltóir iad, agus is é lá 1 an lá tar éis an dáta seachadta nuair a fhágtar an fhoirm "Tá brón orainn gur chailleamar thú".
o Féadfar gach earra poist eile a choinneáil ar feadh 5 lá oibre sula seoltar ar ais chuig an seoltóir iad, agus is é lá 1 an lá tar éis an dáta seachadta nuair a fhágtar an fhoirm "Tá brón orainn gur chailleamar thú".
10. Ní bheidh an tSeirbhís ar fáil má dhéanann tú iarratas ar an tSeirbhís tar éis 3.30pm ar Lá 2, 4 nó 15 den tréimhse choinneála, cibé teorainn is infheidhme, mar a thuairiscítear thuas. I gcásanna mar sin, d'fhéadfadh na hearraí poist atá i gceist a bheith ar fáil lena mbailiú ón bpointe bailithe atá sonraithe ar an bhfoirm 'Tá brón orainn gur chailleamar thú" nó d'fhéadfaidís a bheith faoi réir na nósanna imeachta um fhilleadh chuig an seoltóir a bhaineann le gach earra poist nach féidir a sheachadadh go rathúil.
11. Is féidir earraí poist a athsheachadadh chuig an seoladh bunaidh nó chuig seoladh malartach laistigh de Phoblacht na hÉireann. Cuirtear lipéad seolta nua i bhfeidhm ar gach earra poist atá le hathsheachadadh. Mura féidir earra poist a athsheachadadh go rathúil, féadfar an t-earra poist a chur ar ais chuig an seoltóir, mar aon leis an lipéad seolta nua.
12. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís ach aon uair amháin i leith gach earra poist is mian leat a athsheachadadh. Mura féidir earra poist a athsheachadadh ag an seoladh sonraithe, cuirfear ar ais chuig an seoltóir í, más féidir. Ní bheidh sé indéanta socrú a dhéanamh chun earra poist a bhailiú mura féidir í a athsheachadadh ag an seoladh sonraithe ach féadfaimid, ar d'iarratas, iarracht a dhéanamh í a sheachadadh an athuair ag an seoladh sonraithe.
13. Déanfar seoltaí a chuir tú ar fáil i d'iarratas ar an tSeirbhís a bhailíochtú i gcoinne Bhunachar Sonraí Lárnach na Seoltaí (CAD). Má shocraíonn tú an seoladh a chur isteach de láimh, ní ghlacaimid le haon dliteanas as seoltaí neamhbhailí, míchruinne nó neamhiomlána.
14. Táimid cúramach príobháideacht ár gcustaiméirí a láimhseáil go cúramach agus aird chuí á tabhairt againn ar dhlíthe na hÉireann, lena n-áirítear reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Ní úsáidfimid agus ní choinneoimid na sonraí a sholáthraíonn tú, lena n-áirítear do shonraí pearsanta agus do shonraí íocaíochta, ach amháin chun an tSeirbhís a sholáthar. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ar bheartas Cosanta Sonraí An Post, lena n-áirítear ár Ráiteas Príobháideachais agus ár mBeartas Gréasáin atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Post ag www.anpost.ie.