Skip to main content

Faisnéis Chustam

De bharr rialacha diana nua Custam an AE a rialaíonn earraí neamh-AE, a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2021, bíonn muirir CBL agus chustam le híoc anois nuair a cheannaítear earraí lasmuigh den AE. Tá An Post anseo le cabhrú leat agus an siopadóireacht ar líne a éascú duit.

Cabhraigh linn beartáin ón RA a shaoradh

Níl an saol éasca do bheartáin ón RA. Bíonn muirir chustam dlite ar sheachadtaí áirithe ón RA, ar nós an bheartáin seo de gheansaithe seanré Learphoill. Agus mura ndéileálann an miondíoltóir ar líne leo roimh ré, ní mór iad a íoc sular féidir le An Post do bheartán a sheachadadh. Le rudaí a dhéanamh níos éasca duit, seolfaimid cárta poist, ríomhphost nó téacs chugat nuair a bhíonn muirir chustam le híoc. Féadfaidh tú iad a íoc go héasca le haip An Post, ar anpost.com nó i d'oifig poist áitiúil. Nuair a bhíonn an íocaíocht déanta, déanfaimid an seachadadh laistigh de chúpla lá.

Mar sin, ná bíodh do bheartán ón RA ar an gcéatadán beag a sheoltar ar ais.
 

Ceisteanna coitianta faoi chustaim

Acmhainní Custam

Má cheannaíonn tú earraí lasmuigh den AE, d’fhéadfadh muirir chustam (Dleacht Chustam, Dleacht Mháil, CBL) a bheith iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim. Bailíonn An Post na muirir chustam seo uait agus íocann sé iad leis na Coimisinéirí Ioncaim ar do shon. Is féidir iad a íoc ar líne nó i d’oifig poist áitiúil.

Íoc Muirir Chustam

Siopadóireacht ar líne, ar fud an domhain.

Cé go bhfuil muirir ann, is féidir fós siopadóireacht a dhéanamh go héasca ar líne. Tá siopadóireacht ar líne sábháilte agus áisiúil, tá níos mó daoine ag siopadóireacht ar líne agus tá amanna seachadta don chuid is mó de bheartáin ríomhthráchtála níos tapúla ná riamh. Tá siopadóireacht ar líne ag dul ar aghaidh go réidh go háitiúil in Éirinn, le soláthraithe AE agus le miondíoltóirí móra idirnáisiunta ar nós Amazon, Marks & Spencer, agus River Island, atá freagrach as formhór na mbeartán a thagann isteach in Éirinn. 

Ach bíonn moill áirithe ann mar gheall ar fhadhbanna ar nós miondíoltóirí nach soláthraíonn go leor de na cáipéisí leictreonacha a éilítear le rialacháin Chustam. Molaimid do chustaiméirí a fhaigheann beartáin as lasmuigh den AE seiceáil leis an seoltóir go bhfuil na cáipéisí cuí á gcomhlánú acu le haghaidh na mbeartán a sheolann siad. Is féidir tuilleadh comhairle a fháil sna Ceisteanna Coitianta.

Léigh ár dtreoir don siopadóireacht ar líne

Is féidir ár dtreoir don siopadóireacht ar líne a íoslódáil chomh maith anseo.


Tá Treoir An Post i gceist le haghaidh faisnéise amháin. Tá ceannachán earraí ar líne lasmuigh den AE (RA san áireamh) faoi réir ag reachtaíocht Custam agus CBL an AE. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar Shuíomh na gCoimisinéirí Ioncaim.

Príomhathruithe

Má cheannaíonn tú earraí ar líne lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) d’fhéadfadh muirir chustam (CBL, Dleacht Chustam, Dleacht Mháil) a bheith iníoctha agat. Baineann na muirir seo le hiompórtáil do chuid earraí de réir reachtaíocht ábhartha an AE, tá breis faisnéise ar Shuíomh na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní bheidh aon athrú ar an chuid is mó de do shiopadóireacht ar líne mar go gcuirtear CBL agus muirir chustam i bhfeidhm ag an gcuntar amach ag na miondíoltóirí is mó a ndéanann An Post seachadadh ar a son, agus ní gá aon rud eile a dhéanamh don seachadadh. 

Mura gcuirtear CBL agus muirir chustam i bhfeidhm ag an gcuntar amach, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim muirir a ghearradh nuair a thagann do chuid earraí go hÉirinn.

Ceannach ó mhiondíoltóirí neamh-AE níos lú

Mar gheall ar thionchar na Breatimeachta, tá moill mhór ar chustaiméirí áirithe in Éirinn a cheannaíonn ó mhiondíoltóirí neamh-AE níos lú nó miondíoltóirí sainiúla, nó níl na hearraí á bhfáil acu ar chor ar bith. Cuirtear isteach ar bheartáin bhronntanais a chuireann gaolta agus cairde sa Bhreatain chuig seoltaí in Éirinn chomh maith. 

Eascraíonn sé seo as riachtanas an AE le haghaidh cáipéisí leictreonacha breise agus níos mó earraí a bheith srianta nó toirmiscthe ó theacht isteach in Éirinn ó mhargaí neamh-AE. Níl a lán miondíoltóirí beaga, níos sainiúla sa Bhreatain eolach ar an riachtanais seo agus/nó níl na córais riachtanacha siopadóireachta ar líne suiteáilte acu le díol in Éirinn, agus bíonn moill ann do chustaiméirí nó seoltar earraí ar ais nuair a thagann siad go hÉirinn.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi ordú ar líne ó mhiondíoltóirí idirnáisiúnta, téigh chuig ár leathanach ar rialacha custam atá i bhfeidhm ar fud an domhain.treoir maidir le ceannach ó shuímh ghréasáin sa RA ag an AE le tuilleadh comhairle.
 

Miondíoltóirí ar líne An Post

Miondíoltóir*

Tír

River Island RA
Amazon RA
Holland and Barrett RA
ASOS RA

Marks & Spencers

RA

Sweaty Betty

RA

L'Occitane

RA

* Tá cuid de mhiondíoltóirí ar líne An Post sa liosta seo. Seiceáil ar ais le haghaidh nuashonruithe.

Bronntanais ó ghaolta agus cairde

Tá sonraí bailí leictreonacha riachtanach le haghaidh bronntanas faoi luach €45 (postas san áireamh) ó thíortha neamh-AE ach ní gá custaim ná CBL a íoc orthu. Déan cinnte go n-insíonn tú do chairde agus gaolta nach mór sonraí leictreonacha a bheith le hearra nuair a sheoltar é. Gearrtar táille custam ar bhronntanais níos mó ná €45, íoctha ag an fhaighteoir.

Ceisteanna custam eile

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service