Skip to main content

Comhairle maidir le post na Nollag

Tá Liosta Déanta againn......... Anois Seiceáil faoi Dhó é
 
Is féidir leat do chártaí Nollag a cheannach ar líne anois.

  1. Smaoinigh ar an Nollaig agus POSTÁIL GO LUATH.
  2. A leanaí, tá sé in am bhur litreacha chuig Daidí na Nollag a scríobh agus a sheoladh chuig Daidí na Nollag, An Mol Thuaidh (stampa €1).
  3.  Scríobh go luath, bíodh d'ainm agus do sheoladh scríofa go soiléir agus déanfaidh cúntóirí Dhaidí na Nollag in An Post cinnte de go bhfaighidh tú freagra pearsanta ón fhear é féin díreach roimh Nollaig.
  4. Seiceáil dáta deiridh postála na Nollag mar go bhfuil siad éagsúil le haghaidh gach ceann scríbe ar fud an domhain. Ná dearmad postáil go luath le moill a sheachaint mar go bhféadfaí scrúdú custaim a dhéanamh ar phaicéid agus ar bheartáin idirnáisiúnta ag a gceann scríbe.
  5. Déan pacáistiú ceart slán ar earraí poist.
  6. Má tá níos mó ná earra amháin i bpacáiste, déan burláil ar leith ar gach earra.
  7. Craith an pacáiste le fáil amach an bhfuil go leor stuála déanta. Tá sé tábhachtach go mbíonn na hearraí slán agus nach mbíonn siad ag bogadh timpeall laistigh den phacáiste.
  8. Cuir cumhdach bolgóideach timpeall ar gach earra agus marcáil SOBHRISTE ar an bpacáiste má tá earraí sobhriste á seoladh agat.
  9. Úsáid téip oiriúnach, ceann tá déanta go speisialta le pacáistí a shéalú. Ná húsáid ceallafán, téip chumhdaigh ná téad.
  10. Scríobh an seoladh poist i gceannlitreacha i gcónaí nó úsáid lipéad clóite. Úsáid scríbhneoireacht shoiléir sholéite le cabhrú le seachadadh in am
  11. Cuir seoladh an tseoltóra ar chúinne uachtarach clé earraí poist i gcónaí. Má tharlaíonn sé nach féidir linn d'earra a sheachadadh, cuirfear ar ais chugat é. 
  12. Seiceáil an postas le haghaidh gach ceann scríbe, cineál poist  agus seirbhíse. Cuir greamán aerphoist air má tá tú ag postáil thar lear.
  13. Níl cadhnraí san áireamh. Ní féidir cadhnraí ná leachtanna a sheoladh thar lear. Seiceáil an bhfuil an t-ábhar atá i do bheartán ar liosta idirnáisiúnta na n-earraí toirmiscthe . Le haghaidh tuilleadh faisnéise glaoigh ar Seirbhís do Chustaiméirí An Post, 01 705 7600.
  14. Roimh phostáil seiceáil liosta idirnáisiúnta na n-earraí toirmiscthe, cuir greamán eitlíochta ar gach paicéad agus beartán a sheoltar chuig an AE agus dearbhú custaim le haghaidh earraí lasmuigh den AE, mar atá ar fáil i d'oifig phoist áitiúil.
  15. Séalaigh gach clúdach leis na hearraí a choinneáil sábháilte laistigh.
  16. Seiceáil i d'Oifig Phoist áitiúil nó glaoigh air 01 705 7600 le comhairle a fháil maidir le hearraí luachmhara nó airgead a sheoladh.

Má tá ceist agat faoi aon tseirbhís déan teagmháil le customer.service@anpost.ie nó glaoigh ar 01 705 7600
 


Nollaig Shona ó An Post.

Treoir maidir le Siopadóireacht Shábháilte ar Líne

10 Nod don Siopadóireacht Shábháilte ar Líne 

Seachadadh Díreach

Tá roghanna éagsúla seachadta ar fáil duit, seiceáil le do mhiondíoltóir leis an gceann is oiriúnaí duit féin a phiocadh. Tugann formhór na miondíoltóirí an rogha duit do cheannachán a sheachadadh chuig seoladh eile seachas seoladh billeála do chárta creidmheasa/dochair. Mura mbíonn aon duine sa bhaile i rith an lae, is ciallmhar an rud é do bheartán a dhíriú ar sheoladh ina mbeidh duine ann le glacadh leis ar do shon  - do sheoladh oibre mar shampla. 

Suímh ghréasáin RA agus SAM

Má tá an miondíoltóir lonnaithe sa RA nó i SAM agus mura ndéanann siad seachadadh go hÉirinn nó má tá costais seolta arda acu, is féidir leat AddressPal a úsáid le seoladh fíorúil a úsáid sa RA agus i SAM. 

Earraí a sheoladh ar ais

Más gá duit do cheannachán a chur ar ais ar aon chúis úsáid ReturnPal, an aip a ligeann duit táirgí a cheannaigh tú thar lear a sheoladh ar ais chuig miondíoltóirí in Éirinn agus sa RA. Is féidir leat a shocrú go mbaileofar d'earra ó sheoladh ainmnithe nó é a fhágáil isteach in Oifig Phoist le seoladh ar ais chuig an miondíoltóir.

Déan cinnte go mbíonn do Ríomhaire Slán i gcónaí

Bí cinnte go bhfuil do chóras ag feidhmiú le bogearraí atá suas chun dáta, agus go bhfuil na nuashonruithe slándála is déanaí suiteáilte agat. 

Cosain do Phríobháideachas 

Amharc ar na 'Téarmaí Seirbhíse' agus ar an mBeart Príobháideachais le fáil amach cad í an fhaisnéis a bhailíonn an suíomh gréasáin fút agus cén úsáid a bhainfidh úinéirí an tsuímh as. 

Faigh na sonraí 

Seiceáil dáta ionchasacha seachadta, táillí seolta agus láimhseála, barántaí, beartais fillte agus faisnéis thábhachtach eile. 

Coinnigh Súil ar an bPraghas Deireanach

Coinnigh súil ar an bpraghas agus déan cinnte go bhfuil gach rud breise san áireamh ar nós CBL, postas agus pacáistiú, agus árachas má éilítear é. Luann formhór na suíomh praghas táirge le CBL san áireamh. Cuirtear an muirear seolta, más ann dó, leis ag céim an chuntair. Is ceart go mbeadh an fhaisnéis seo le fáil go héasca ar shuíomh an mhiondíoltóra. 

Coinnigh Taifid Mhaithe 

Priontáil nó sábháil aon taifead a bhaineann le do cheannacháin. Go hiondúil, cuirfidh an siopa admháil chugat le ríomhphost. 

Ná Déan Siopadóireacht agus ar Shuímh a bhfuil Muinín agat Astu

Le siopadóireacht a dhéanamh go sábháilte ar líne, is fearr cloí le siopaí ar líne a bhfuil muinín agat astu.

Bíodh do Chearta ar Eolas Agat 

Mar cheannaitheoir ar líne tá cosaint dlí agat, ar bhealach tá cosaint níos láidre agat ná mar a bhíonn ag siopadóirí ar na sráideanna. Mar thomhaltóir ag ceannach san AE, cosnaíonn Acht Ciandíola an AE tú a fhad is atá an chuideachta a bhfuil tú ag ordú uathu bunaithe san AE.

 

Tá breis eolais ar fáil faoi do chearta agus faoi Acht Ciandíola an AE ar shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service