Skip to main content

Coláistí Samhraidh stamps celebrate Gaeltacht memories

25 May 2022

  • Most Gaeltacht colleges are set to reopen after two years
  • First love, bacon & cabbage and céilís get nostalgic stamp of approval

An Post has unveiled two new stamps celebrating Coláistí Samhraidh – also known as the Gaeltacht or Irish College. The N rate (National) stamps appear just as most Irish colleges prepare to reopen after the pandemic forced them to stay shut since 2019.  

A summer trip to the Gaeltacht is a rite of passage in Irish life, and for many teens, marks their first trip away from home and parents.  More than 25,000 students will visit Coláistí Samhraidh in almost 40 locations this year.   The new stamps feature iconic objects associated with the Coláistí Samhraidh experience including bacon and cabbage, sport, music, céilí dancing, first loves, fón póca bans, changeable Irish weather and of course – writing and receiving letters! 

Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media Catherine Martin said ‘‘These 2 stamps are a wonderful way to mark the return of na Coláistí Samhraidh to in-person attendance this Summer. A Summer spent sa Ghaeltacht being immersed in our language and culture is something that many of us, myself included, will have experienced in our youth. The stamps capture so well the nostalgic memories of attending the céilí, life without smart phones, making new friends, and nurturing an appreciation and understanding of our language as a thriving, evolving, living part of Irish life. The return of na Coláistí Samhraidh in 2022 is another indication of the progress we are making as we emerge from the COVID-19 pandemic, and it is my hope that this year’s scoláirí will relish in creating Gaeltacht memories for life.”

Anna Gallagher, who is a Bean an Tí in Árainn Mhóir, Co Donegal, spoke of her delight at the stamp issue and how she is looking forward to welcoming students back this summer: “It’s great that An Post is recognising the Coláistí Samhraidh, and us as Mhná Tithe. It’s even nicer that we will be able to welcome the students after the long break.”

Manus Ó Luaitháirí, principal of Coláiste Árainn Mhóir in Donegal said “Coláiste Árainn Mhóir is delighted to welcome Gaeltacht students back to the island after two lonely summers. The stamps show the best parts of life at the Gaeltacht, and writing and receiving letters is an important part of life for students on our summer courses.  I look forward to seeing them on letters and parcels all summer long.”

Designed by Dublin-based firm, Detail, the two stamps which cover standard letter postage within the island of Ireland, and a special edition First Day Cover envelope are available in selected post offices, all Gaeltacht areas and online at anpost.com/siopa (with free delivery).
 
 

Déanann stampaí Coláistí Samhraidh ceiliúradh ar chuimhní Gaeltachta
  • Beidh an chuid is mó de na coláistí Gaeltachta ag athoscailt tar éis dhá bhliain
  • Faigheann an chéad ghrá, bagún & cabáiste agus céilithe stampa faofa cumhach
Tá An Post tar éis dhá stampa nua a nochtadh a dhéanann ceiliúradh ar Choláistí Samhraidh – ar a dtugtar freisin an Ghaeltacht nó Coláiste Gaeilge. Tá na stampaí ráta N (Náisiúnta) ag teacht amach go díreach agus an chuid is mó de na Coláistí Gaeilge ag ullmhú don athoscailt tar éis dóibh a bheith dúnta ó 2019 de bharr na paindéime.   

Is deasghnáth aistrithe saoil in Éirinn é samhradh sa Ghaeltacht agus, i gcás a lán déagóirí, is é an chéad turas é ó bhaile agus óna dtuismitheoirí.  Tabharfaidh níos mó ná 25,000 scoláire cuairt ar Choláistí Samhraidh i mbeagnach 40 áit i mbliana.  Taispeántar ar na stampaí nua rudaí íocónacha a luaitear le taithí na scoláirí ag na Coláistí Samhraidh, mar shampla bagún agus cabáiste, spórt, ceol, damhsa céilí, an chéad ghrá, cosc ar an bhfón póca, aimsir na hÉireann a bhíonn ag síorathrú agus, ar ndóigh, litreacha a scríobh agus a fháil! 

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, “Is bealach iontach iad an dá stampa seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar scoláirí a bheith ag freastal ar na Coláistí Samhraidh duine le duine arís an samhradh seo. Chaith a lán againn, mé féin san áireamh, samhradh sa Ghaeltacht nuair a bhíomar óg agus tumadh muid inár dteanga agus inár gcultúr. Is iontach an chaoi a léiríonn na stampaí cuimhní a mhúsclaíonn cumha, mar shampla freastal ar chéilí, saol gan an fón cliste, cairde nua a dhéanamh, agus meas agus tuiscint ar ár dteanga mar chuid bhisiúil bheo de shaol na hÉireann a chothú. Is comhartha eile é filleadh na gColáistí Samhraidh in 2022 den dul chun cinn atáimid a dhéanamh agus muid ag teacht amach as paindéim COVID-19, agus tá súil agam go mbainfidh scoláirí na bliana seo ardtaitneamh as cuimhní Gaeltachta a mhairfidh ar feadh a saoil a chruthú.”

Labhair Anna Gallagher, Bean an Tí in Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, faoin ríméad atá uirthi mar gheall ar eisiúint na stampaí agus faoin gcaoi a bhfuil sí ag tnúth le fáilte ar ais a chur roimh scoláirí an samhradh seo:  “Nach deas an rud é go bhfuil An Post ag tabhairt aitheantas do na Coláistí Samhraidh agus dúinne mar mhná tí. Níos deise arís go mbeidh muid ábalta fáilte a chur roimh na scoláirí i ndiaidh an briseadh fada.”

Dúirt Manus Ó Luaitháirí, príomhoide Choláiste Árainn Mhóir i nDún na nGall, “Tá an-áthas ar Choláiste Árainn Mhóir fáilte ar ais a chur roimh scoláirí Gaeltachta go dtí an t-oileán tar éis dhá shamhradh uaigneacha. Taispeánann na stampaí na codanna is fearr den saol ag an nGaeltacht, agus is cuid thábhachtach den saol do na scoláirí ar ár gcúrsaí samhraidh é litreacha a scríobh agus a fháil.  Tá mé ag tnúth lena bhfeiceáil ar litreacha agus ar bheartáin an samhradh ar fad.”

Is iad an gnólacht Detail, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a dhear an dá stampa a chlúdaíonn postas caighdeánach litreacha taobh istigh d’oileán na hÉireann, agus clúdach litreach Clúdaigh Céadlae, rud atá ina eagrán speisialta. Tá siad ar fáil in oifigí poist roghnaithe, i ngach ceantar Gaeltachta agus ar líne ag anpost.com/siopa (le seachadadh in aisce).
 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service