Skip to main content

An Post launches refreshed brand on back of strong 2018

13 March 2019

  • Refreshed and modernised An Post brand unveiled
  • New financial services sub-brand An Post Money and new business-to-business brand An Post Commerce launched
  • Indicative results for 2018 show revenue up 7% on prior year at €897m, and operating profit of €40m, up from €8m in 2017

An Post emission free vansWednesday 13 March 2019: At an event in the GPO today An Post revealed its newly refreshed brand positioning and two new sub-brands on the back of a very strong financial performance in 2018.
The company indicated revenue growth of 7% to €897m as global decline in letters was offset by a 40% volume growth in parcels. The combination of increased revenue and tight cost control saw indicative operating profit up from €8m in 2017 to €40m in 2018. The value created by the transformation strategy was €120m as the company had been forecast to make a loss of €80m. 2018 was the second year of revenue and profit growth since the losses of €12m in 2016.
 
Debbie Byrne, Managing Director of An Post Retail unveiled An Post Brand 2019the new brand proposition and refreshed identity, focused on new demographics for both of An Post’s core businesses, An Post Retail and An Post Mails & Parcels (see notes to editor below).  The new look is being rolled out across the Post Office network, the An Post fleet and anpost.com, backed by an extensive advertising campaign.
 
In addition two sub-brands were announced:
An Post Money which brings together an expanded suite of financial services including credit cards, personal loans, current account (debit card) and multi-currency FX card; delivered across the Post Office network and digitally through anpost.com
An Post Commerce a new business-to-business brand providing expert e-commerce, mails and mail media solutions for domestic and international businesses
Commenting at the launch today, David McRedmond, CEO An Post said:
“An Post’s move into a new world of e-commerce and financial services has delivered great results in 2018. The transformation has been achieved through big moves: fixing our core economics, building a great team, delivering breakthrough deals, and now reinvigorating our brand. I acknowledge the tremendous effort of all An Post’s employees to deliver great results and lasting change”
 
Debbie Byrne, MD An Post Retail said:
“Refreshing this iconic Irish brand is another important step in the transformation of An Post, becoming more relevant and accessible for customers in the digital and physical world.  Post Offices are changing to become modern, sustainable retail outlets while retaining the unique human touch.  An Post Money brings together all our new and enhanced financial services, providing choice for the market whether online or in-store”.
Garrett Bridgeman, MD An Post Mails & Parcels said:
“While the story of 2018 was our 40% parcel growth, 2019 is about the launch of a world-class business-to-business brand An Post Commerce.   As masters of delivery we have the expertise and infrastructure, physical and digital, to be the engine of growth for our SME and corporate customers, facilitating global trade”.
An Post’s new ‘For Your World’ TV brand ad kicks off this Sunday, 17th March and features Irish presenter Angela Scanlon. The campaign will also run in cinemas, online and on digital displays and out of home (billboards). 

 

Branda athnuaite seolta ag An Post tar éis bliana rathúla in 2018

  • Branda athnuaite athchóirithe An Post nochta
  • Fo-bhranda nua seirbhísí airgeadais An Post Money agus branda nua gnó-le-gnó An Post Commerce seolta
  • Léiríonn na torthaí táscacha don bhliain 2018 méadú 7% ar ioncam ón mbliain roimhe: €897m, agus brabús oibriúcháin de €40m, méadú ó €8m in 2017
 
 
Dé Céadaoin 13 Márta 2019: Ag ócáid in Ard-Oifig an Phoist inniu nocht An Post a bhranda úr athnuaite agus dhá fho-bhranda agus d'fhógair sé feidhmiú airgeadais an-láidir don bhliain 2018.
An Post emission free vansThug an chuideachta le fios go raibh fás 7% ar ioncam go €897m agus an meath domhanda ar litreacha á chúiteamh le fás 40% ar mhéid na mbeartán. Le méadú ar ioncam agus rialú teann ar chostais d'fhás an brabús oibriúcháin ó €8m in 2017 go €40m in 2018.  Cruthaíodh luach €120m as an straitéis athraithe mar go rabhthas á thuar go mbeadh caillteanas €80m ag an gcuideachta. Ba í 2018 an dara bhliain d'fhás in ioncam agus brabús ó bhí caillteanas €12m ann in 2016.
 
An Post Brand 2019Nocht Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta An Post Retail togra an bhranda nua agus athnuachan na céannachta, atá dírithe ar dhéimeagrafaic nua don dá chroí-ghnó atá ag An Post, An Post Retail agus An Post Mails & Parcels (tá nótaí don eagarthóir thíos).  Tá an dreach nua á leathnú amach trí líonra na nOifigí Poist, flít An Post agus anpost.com, le cabhair ó fheachtas leitheadach fógraíochta.
 
Fógraíodh dhá fho-bhranda chomh maith:
An Post Money a thugann réimse leathnaithe de sheirbhísí airgeadais le chéile, lena n-áirítear cártaí creidmheasa, iasachtaí pearsanta, cárta cuntas reatha (cárta dochair) agus cárta FX il-airgeadra; a bheidh á seachadadh trí líonra na nOifigí Poist agus trí anpost.com
Is branda nua gnó-le-gnó é An Post Commerce a chuirfidh réitigh ríomhghnó, poist agus meáin phoist ar fáil do ghnólachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Ag labhairt ag an seoladh inniu, dúirt David McRedmond, PO An Post:
"Bhí an-rath ar ghluaiseacht An Post go domhan nua na ríomhthráchtála agus na seirbhísí airgeadais in 2018. Baineadh an t-athrú seo amach le gluaiseachtaí móra: an croí-eacnamaíocht a shocrú, foireann iontach a thógáil, bearta forásacha, agus athnuachan ár mbranda. Táim buíoch as an sár-iarracht a rinne fostaithe uile An Post le torthaí iontacha agus athrú buan a sheachadadh."
 
Dúirt Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta An Post Retail:
"Is céim thábhachtach eile chun cinn í athnuachan an bhranda cháiliúil Éireannaigh seo in athchruthú An Post, ionas go mbeidh an chuideachta níos ábhartha agus níos inrochtana do chustaiméirí sa domhan digiteach agus fisiceach.  Tá na hOifigí Poist ag athrú, agus ionaid mhiondíola níos nua-aimseartha agus níos inbhuanaithe á ndéanamh astu gan an nádúr daonna a chailliúint.  Tugtar ár seirbhísí nua feabhsaithe airgeadais le chéile in An Post Money, agus cuireann sé rogha ar fáil don mhargadh ar líne agus sa stór".
Dúirt Garrett Bridgeman, Stiúrthóir Bainistíochta An Post Mails & Parcels:
"Cé gurb é an fás 40% i mbeartáin mórscéal na bliana 2018, is é seoladh bhranda gnó-le-gnó de chaighdeán domhanda, An Post Commerce, scéal na bliana 2019.   Mar mháistrí ar an seachadadh, tá an saineolas agus an bonneagar againn, idir dhigiteach agus fhisiceach, le bheith mar inneall fáis dár gcustaiméirí Gnó Beaga agus Meánmhéide agus corparáideacha, agus an trádáil domhanda a éascú".
Cuirfear tús le feachtas nua fógraíochta An Post "For Your World" ar an Domhnach, 17 Márta leis an láithreoir Éireannach Angela Scanlon. Beidh an feachtas ar siúl i bpictiúrlanna, ar líne agus ar scáileán digiteacha agus ar chláir fógraíochta amuigh faoin aer freisin. 
 
 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service