Cad É an Scéal? An Gearrliosta Gaeilge
Bliain iontach eile do litríocht na Gaeilge. Caithimid súil anseo ar an sé leabhar den scoth atá aimnithe san aicme 'Leabhar Gaeilge na Bliana'.
1. Liam Mac Cóil: Bealach na Spáinneach
Tá léitheoirí Mhic Cóil ag súil go cíocrach leis an tríú imleabhar den scéinséir stairiúil a thugann go críoch an scéil sinn. Sa bhliain 1612 agus Gaeil Uladh cloíte ag na Túdair, téann an mac léinn Gaillimheach Lúcas Ó Briain ar thuras contúirteach ón Fhrainc go dtí an Róimh le litir a thabhairt d'Iarla clúiteach Thír Eoghain, Aodh Mór Ó Néill.
2. Eoghan Mac Giolla Bhríde: Cnámh
Is é seo an tríú cnuasach gearrscéalta ó Eoghan Mac Giolla Bhríde. Tá leagan amach scaoilte ar an leabhar agus na scéalta ag sníomh isteach ina chéile gan tús ná deireadh follasach. Buailimid le carachtair de gach aois ar fud an leabhair Cnámh, atá scríofa go hálainn, agus iad ag streachailt le leimhe an ghnáthshaoil.
3. Eithne Ní Ghallchobhair: Múscail, a Ghiorria
Dán eipiciúil a úsáideann traidisiúin an bhéaloidis le scéal an ghiorria a insint. Le híomhánna cumhachtacha a bhainfeadh an anáil díot, tagraítear in Múscail, a Ghiorria do théamaí na beatha, an phobail agus nádúr an duine.
4. Joe Steve Ó Neachtain: An Diabhal Déanta
Bhí stíl álainn próis ag Joe Steve Ó Neachtain, údar, drámadóir agus aisteoir i Ros na Rún, mar atá le feiceáil sa leabhar seo de ocht ngearrscéal déag. Pléann gach scéal, atá suite i gConamara na linne seo, le nóiméad amháin den athrú nó den ghábh.
5. Diarmuid Johnson: Éadaoin
Tá tagairtí ar fud na seanlámhscríbhinní Gaeilge d'Éadaoin nó Étaín, an bhean de Thuatha Dé Danann ar athraíodh a cruth. Tá blúirí an scéil curtha le chéile ag Diarmuid Johnson i máistirshaothar eipiciúil a thugann an saol seo agus an saol eile le chéile.
6. Celia de Fréine: Cur i gCéill
Faoi dheireadh, scéal drámatúil eachtraíochta coireachta. Glacann an síceolaí Cass Ó Caoimh le post páirt-aimseartha le hAonad Fóiréinseach na nGardaí i gConamara. Nuair a bháitear a hiníon Niamh, braitheann sí go raibh fórsaí mailíseacha laistiar de bhás a hiníne.
Tá breis moltaí le fáil sa chomhrá ar na meáin shóisialta #ReadersWanted.
Cad É an Scéal? The Irish Language Shortlist
It’s been another great year for Irish language literature. Here, we take a closer look at the six excellent ‘Irish Language Book of the Year’ finalists.
1. Liam Mac Cóil: Bealach na Spáinneach
Fans of Mac Cóil have been excitedly waiting for the third and final instalment of his historical thriller series. Set in 1612 against the backdrop of the Tudor conquest of Gaelic Ulster, Bealach na Spáinneach follows Galway student Lúcas Ó Briain as he makes the perilous journey from France to Rome to deliver a letter to the famous Earl of Tyrone, Hugh O’Neill.
2. Eoghan Mac Giolla Bhríde: Cnámh
This is the third collection of short stories from Eoghan Mac Giolla Bhríde. There’s a loose structure to the format, as each tale flows into the next without a clear beginning or end. Beautifully written, throughout Cnámh, we meet characters of all ages struggling with the mundanity of everyday life.
3. Eithne Ní Ghallchobhair: Múscail, a Ghiorria
This epic poem draws on the traditions of Irish folklore as it tells the story of the hare. A breathtaking work that evokes powerful imagery, Múscail, a Ghiorria touches on universal themes around life, community and human nature.
4. Joe Steve Ó Neachtain: An Diabhal Déanta
The late author, playwright and Ros na Rún actor Joe Steve Ó Neachtain had a beautiful way with words, as you’ll discover in this book of 18 short stories. Set in the contemporary Connemara Gaeltacht, each tale captures a singular moment of change or crisis.
5. Diarmuid Johnson: Éadaoin
References to the immortal ‘bird-woman of the Fairy People’, Éadaoin, exist in various ancient Irish texts. Here, Diarmuid Johnson has collated those fragments into a new, epic masterpiece that weaves seamlessly between the mortal and immortal realms.
6. Celia de Fréine: Cur I gCéill
Finally, a real page-turner for fans of thrilling crime drama. Psychologist Cass Ó Caoimh takes a part-time job in the Garda Forensics Unit in Connemara. When her daughter’s friend Niamh is drowned, she begins to suspect there were more sinister forces involved in the girl’s death.
Share your favourite Irish language books with us across Facebook and Twitter using #ReadersWanted.