Is eol dúinn go bhfuil ríomhphoist bhréige, a chuireann in iúl go bhfuil siad ag teacht ó An Post, á seoladh ag caimiléirí chuig custaiméirí. Iarraimid ar chustaiméirí a bheith ar an airdeall maidir le camscéimeanna. Is í seo an áit cheart le faisnéis agus noda a fháil a chabhróidh leat a bheith sábháilte ar líne.