Nuair atá paicéid nó beartáin á seoladh chuig cinn scríbe lasmuigh den Aontas Eorpach, tá dearbhú custaim comhlánaithe riachtanach agus tá sé ar fáil ó d'oifig phoist. Tá dhá fhoirm custaim ar fáil ó An Post:
An CP72 le haghaidh beartán nó earraí le luach níos mó ná €300
An CN22 le haghaidh gach earra eile
Ní mór Dearbhú Slándála Eitlíochta, d'fhonn comhlíonadh rialacháin slándála aerlínte a chinntiú, a ghreamú le haon phaicéad nó beartán ina bhfuil earraí le seoladh laistigh den AE, seachas Tuaisceart Éireann.